Tá sé fógartha go bhfuil an scríbhneoir Gaeilge Áine Ní Ghlinn ar dhuine de naonúr nua atá ceaptha ina baill d’Aosdána. Ar na daoine eile a ceapadh, tá an scríbhneoir agus drámadóir Paul Mercier, a bhfuil cónaí air ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara.
Tá an ceoltóir aitheanta Paul Brady i measc na mball nua chomh maith, mar atá an scríbhneoir Nuala O’Connor, an t-ailtire Shih-Fu Peng; an cóiréagrafaí Mufutau Yusuf; agus triúr amharc-ealaíontóirí, Alan Gilsenan, Orla Barry agus Locky Morris.
Rinneadh na baill nua a cheapadh ag comhthionól ginearálta Aosdána, a reáchtáladh aréir in Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann.
Tá Áine Ní Ghlinn anois ar dhuine den 250 ball atá in Aosdána.
Tá 36 leabhar scríofa ag Ní Ghlinn, arb as Tiobraid Árann ó dhúchas di, ina measc bailiúcháin filíochta agus sraith leabhar agus úrscéalta do leanaí agus do dhéagóirí. Tá gradam leabhar na bliana don léitheoir óg ag An tOireachtas, Gradam Réics Carló, buaite faoi thrí ag Ní Ghlinn (2014, 2016, 2019) chomh maith le scata gradam eile.
Chaith Ní Ghlinn roinnt blianta ag obair mar iriseoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus tá seal caite aici ag léachtóireacht chomh maith. Bhí sí ina Laureate na nÓg idir 2020-2023.
Dhá dhráma Gaeilge a scríobh Paul Mercier, buanaitheoir an Passion Machine Theatre Company, Réiltín agus Setanta, a bhuaigh gradam Gaeilge Stewart Parker in 2012. Bhí sé ar dhuine de na daoine a chruthaigh Aifric, sraith teilifíse do dhéagóirí ar TG4 agus ba é a rinne an gearrscannán aitheanta Lipservice don stáisiún céanna.
Rinneadh comóradh freisin aréir ar na baill d’Aosdána a d’imigh ar shlí na fírinne le bliain anuas, an scannánóir George Morrison, a stiúir Mise Éire agus scannáin Ghaeilge eile, ina measc.
alan titley
Comhghairdeachas ó chroí. Aitheantas atá tuillte le fada. Go maire sibh, na hoirc is na toirc.