Scoth na gcainteoirí Gaeilge ón nGaeltacht agus ó iarGhaeltacht le cloisteáil ar shuíomh nua

Tá an grúpa taighde Gaois ó DCU tar éis dul i bpáirt le RTÉ don tionscadal nua, Taisce Chanúintí na Gaeilge, le taifeadtaí de chainteoirí Gaeilge ó cheann ceann na tíre a aimsiú i gCartlann RTÉ

Scoth na gcainteoirí Gaeilge ón nGaeltacht agus ó iarGhaeltacht le cloisteáil ar shuíomh nua

Tugtar léargas ar chanúintí réigiúnacha na Gaeilge ar shuíomh gréasáin nua agus cainteoirí ó Chléire suas go Reachlainn agus ón Aird Thiar soir go Ó Méith le cloisteáil.

Tá an grúpa taighde Gaois ó DCU tar éis dul i bpáirt le RTÉ don tionscadal nua, Taisce Chanúintí na Gaeilge, agus taifeadtaí de chainteoirí Gaeilge ó na ceantair Ghaeltachta mar a thuigtear inniu iad agus ceantair ina bhfuil an teanga imithe i léig le fada an lá bailithe le chéile agus foilsithe ar an suíomh Canúint.ie.

Tagann an 200 taifead ó Chartlann RTÉ agus cainteoirí ó dhá chontae dhéag le cloisteáil. Díríodh ar an tréimhse ó na 1940idí go dtí na 1990idí agus áirítear ann cuid de na taifeadtaí Gaeilge is luaithe ó Chartlann RTÉ.

Deir Gaois gur roghnaíodh cainteoirí den scoth a léiríonn ilghnéitheacht na gcanúintí Gaeilge agus go n-aithneofar seanchaithe cáiliúla Gaeltachta ar nós Peig Sayers, Colm Ó Caoidheáin agus Micí Sheáin Néil Ó Baoill. Tá scoth na cainte ann freisin ó chainteoirí iarGhaeltachta ar nós Mícheál Ó Maoldhomhnaigh ó Thiobraid Árann, Maggie McGiff as oirthear Mhaigh Eo nó Jane Nic Ruairí as Tír Eoghain.

Is ó chláracha Gaeilge a craoladh ar RTÉ, idir Raidió Éireann agus Raidió na Gaeltachta, a thagann na taifeadtaí a roghnaíodh. Cloisfear craoltóirí cáiliúla na linne sin, Proinsias Ó Conluain, Séamus Ennis agus Aindrias Ó Gallchóir, chomh maith le leithéidí Mhícheál Ó Sé, Pádraig Ó Catháin agus Timlín Ó Cearnaigh ó bhlianta tosaigh RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Tá na taifeadtaí mapáilte ar léarscáil idirghníomhach ar an suíomh a fheidhmíonn mar áis bhrabhsála don úsáideoir. Rinneadh tras-scríobh canúnach ar na taifeadtaí a chuirtear ar fáil faoi bhun an tseinnteora fuaime agus é sioncronaithe focal ar fhocal leis an rian fuaime ar bhealach a chuideoidh leis an úsáideoir an comhrá a leanúint. Tá caighdeánú déanta ar na tras-scríbhinní seo chomh maith agus tugtar an leagan sin mar threoir áit ar bith a n-imíonn an tras-scríobh ón litriú caighdeánach.

Agus é ag labhairt ag seoladh an tionscadail in Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin inniu, dúirt Ard-Stiúrthóir RTÉ, Kevin Bakhurst go raibh “flúirse ábhar tábhachtach” i gCartlann RTÉ agus mhol sé an obair a bhí déanta cuid de a thabhairt chun solais.

“Tá an nasc seo leis na glúine a chuaigh romhainn ríthábhachtach,” a dúirt Bakhurst. “Thug mé faoi ranganna Gaeilge nuair a thosaigh mé le RTÉ – níor éirigh liom ach go measartha – ach fuair mé léargas i bhfad níos doimhne ar chultúr agus stair na hÉireann. Dá bhrí sin, tuigim cé chomh dearfach agus cé chomh tábhachtach is atá an acmhainn nua seo.

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo siúd a chaith dua agus dúthracht chun tacú leis an nGaeilge agus chun seoda fuaime ónar n-oidhreacht teanga a aimsiú ar mhaithe le pobal na tíre seo agus pobail níos faide i gcéin.”

Fág freagra ar 'Scoth na gcainteoirí Gaeilge ón nGaeltacht agus ó iarGhaeltacht le cloisteáil ar shuíomh nua'

  • WTF

    Iontach maith.

  • Joe Breathnach

    Ní fheicim faic faoin chanúint is gleoite atá againn, Blas Bleá Cliath!

  • Fionntán G. O'Faoláin

    Is fada muud ag fanacht ar áis iontach mar seo ach is fearr mall nó choiche. Tugann sé deis dúinn glór binn ár sinsir a chloisteál agus go mba fada buan an glór sin. Tá go leor ábhair eile amuigh ansin, anseo is ansúid ó fhoinsí éagsúla gur féidir a bhailiú in aon áit amháin. Tá mé ag súil go mór le tuilleadh ar líne amach anseo. Comhgháirdeas do chuile dhuine a bhí páirteach san obair inmholta seo.