Scoláireachtaí Gaeilge ar fáil do chainteoirí Manainnise in Oideas Gael

RÉAMHRÁ: Tiocfaidh beirt ó Oileán Mhanann go Gaeltacht Ghleann Cholm Cille an samhradh seo leis an nGaeilge a fhoghlaim agus ‘tuiscint níos fearr’ a fháil ar an gcultúr Gaelach

Scoláireachtaí Gaeilge ar fáil do chainteoirí Manainnise in Oideas Gael

Tá scoláireacht ar fáil do chainteoirí óga Manainnise ar mhaith leo an Ghaeilge a fhoghlaim le freastal ar chúrsa samhraidh Gaeilge in Oideas Gael i nGleann Cholm Cille.

Clúdóidh an dá scoláireacht atá á gcur ar fáil ag Culture Vannin na costais taistil ó Oileán Mhanann go Gaeltacht Thír Chonaill agus an lóistín ann don chúrsa Gaeilge.

Is í seo an dara bliain a mbeidh Scoláireacht Kaneen, atá ainmnithe as an scoláire Manainnise, an tOllamh Brian Kaneen, ar fáil do chainteoirí líofa Manainnise. Anuraidh, thaistil Erin McNulty agus Isla Caillster-Wafer go Dún na nGall leis an nGaeilge a fhoghlaim agus tuiscint níos fearr a fháil ar an “saol mór Ceilteach”.

Ba Mhanannach agus scoláire teangeolaíochta é an tOllamh Brian Kaneen. Bhí sé ina ollamh agus ina léachtóir le Gearmáinis agus le Teangeolaíocht ag Ollscoil Simon Fraser i British Columbia Cheanada.

Thacaigh sé go mór le teanga dhúchais a thíre agus ba í a mhian go gcuirfeadh cainteoirí óga Manainnise aithne níos fearr ar chainteoirí na dteangacha Ceilteacha eile, agus go bhfaighidís tuiscint ar an “saol Ceilteach”.

“Tá cohórt cainteoirí óga Manainnise ann a bhfuil tallann agus cruthaitheacht ag baint leo, agus is ag dul i méid atá a líon. Cabhróidh an scéim seo leo a dtuiscint ar na teangacha Gaelacha, agus an cultúr a ghabhann leo, a leathnú.

“Is iontach an rud é go bhfuil oidhreacht Brian Kaneen ag tacú le cainteoirí óga, díograiseacha Manainnise a gcuid eolais agus a dtaithí saoil a fhorbairt,” a dúirt Adrian Cain, Oifigeach Forbartha Manainnise le Culture Vannin.

Tá an Mhanainnis an-chosúil leis an nGaeilge ach amháin go bhfuil córas difriúil litrithe in úsáid sa teanga sin, atá bunaithe go mór ar chóras litrithe an Bhéarla.

Tá tuairim is 100 cainteoir líofa Manainnise ann agus tá thart ar 50 gasúr ag freastal ar scoileanna tumoideachais Manainnise san oileán. Tá tuairim is 1,500 duine ann a thug le fios in 2015 go raibh tuiscint éigin acu ar an teanga. Tá Scoláireacht Kaneen ar fáil do chainteoirí líofa Manainnise atá idir 18 agus 25 bliain d’aois.

D’fhógair Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúr na Náisiún Aontaithe an Mhanainnis a bheith ina teanga mharbh in 2009 ach athraíodh an stádas sin arís go “teanga atá i mbaol mór”.

Rugadh Brian Kaneen in Oileán Mhanann i 1935. Bhí an-spéis aige i gcúrsaí teanga agus d’fhoghlaim sé Esperanto agus é 20 bliain d’aois. Bhog sé go Ceanada go luath ina dhiaidh sin, áit a raibh sé ina léachtóir san ollscoil i Vancouver agus ina uachtarán ar an gCumann Esperanto ann.

Fág freagra ar 'Scoláireachtaí Gaeilge ar fáil do chainteoirí Manainnise in Oideas Gael'