Scoileanna i seacht gcontae le dúnadh amárach de bharr ‘seáp géar gearr’ ón stoirm Eunice

Tá fógra dearg i bhfeidhm i gCiarraí agus i gCorcaigh agus rabhadh oráiste sneachta fógartha do Dhún na nGall, Maigh Eo, Sligeach, Liatroim agus Ros Comáin 

Scoileanna i seacht gcontae le dúnadh amárach de bharr ‘seáp géar gearr’ ón stoirm Eunice

Tá cinneadh déanta scoileanna i seacht gcontae a dhúnadh amárach agus Eunice ag déanamh orainn agus cuid mhór den chósta thiar i mbéal na stoirme.

Iarrtar ar scoileanna ar fud na tíre súil ghéar a choinneáil ar na fógraí aimsire dá gceantar féin. Fágfar faoi na scoileanna féin cinneadh a dhéanamh oscailt nó fanacht dúnta ag brath ar chúinsí aimsire ina ndúiche féin. 

Corcaigh agus Ciarraí is measa agus is túisce a bhuailfear agus tá rabhadh dearg gaoithe i bhfeidhm sa dá chontae sin. Tá an stádas dearg curtha i bhfeidhm freisin i gcontaetha an Chláir agus Phort Láirge.

Go maith moch maidin amárach ag a 3.00am a thiocfaidh Eunice i dtír i gCorcaigh agus i gCiarraí agus is ainnis an aimsir atá á gealladh ach táthar ag tuar go mbeidh an chuid is measa den stoirm curtha díobh ag na Muimhnigh faoina 8.00am. 

Tá 80km san uair á thuar leis an ngaoth ansin agus siotaí ropánta a mbeidh breis is 130km/h leo. Bíonn beatha i mbaol ag stoirm dá sórt, d’fhéadfadh smionagar a bheith ar bhóithre agus crainnte agus línte agus pollaí leictreachais a bheith á leagan agus an-chontúirt ag baint le bheith ag tiomáint ar na bóithre. 

Óna 3.00am anocht go dtí 11.00am maidin amárach tá rabhadh oráiste gaoithe eisithe do 15 contae – Ceatharlach, an Clár, Baile Átha Cliath, Gaillimh, Cill Dara, Cill Chainnigh, Laois, Luimneach, Uíbh Fhailí, Tiobraid Árann, Port Láirge, Loch Garman, Cill Mhantáin agus óna 8.00am, Corcaigh agus Ciarraí.

Tá rabhadh oráiste sneachta i bhfeidhm i gcúig chontae eile – Dún na nGall, Maigh Eo, Sligeach, Liatroim agus Ros Comáin amárach óna 3.00am go dtína 3.00pm. Beidh na bóithre contúirteach agus flichshneachta agus sneachta séidte á gcáitheadh le gaoth agus gan mórán léargais ag an tiománaí ar bhóithre.

Tá Met Éireann ag tuar go mbeidh ropthaí contúirteacha gaoithe againn a bhféadfadh 130 ciliméadar nó 80 míle san uair a bheith leo, chomh maith le síobadh sneachta san iarthuaisceart, agus an stoirm Eunice ag ropadh léi trasna na tíre. Is de bharr an dá chontúirt atá á dtuar – gaoth mhór agus sneachta – atá imní faoi dhaltaí scoile a bheith ar bóthar. 

Tá Met Éireann ag tuar faoi láthair go mbeidh an chuid is measa den Stoirm Eunice curtha tharainn againn anseo in Éirinn faoi mheán lae amárach nó, mar a deir siad féin, is cosúil gur “seáp géar gearr” a thabharfaidh Eunice ar gach ceantar. 

Ní mór a bheith cúramach ar bhóithre ar thalamh rite agus cois cósta mar go mbeidh tuilte is fuarlaigh in áiteanna, go háirithe leis an lán mara. 

Tá comhairle curtha ag Met Éireann ar gach duine a bheith faoi réir don doineann agus do ghearradh cumhachta mar go bhféadfadh siotaí gaoithe 130km san uair pollaí agus trealamh aibhléise a chur in aer.  Níor mhór aon trealamh ná troscán nach bhfuil curtha ar shlí shábháilte a cheangal go maith nó a thabhairt isteach.

Fág freagra ar 'Scoileanna i seacht gcontae le dúnadh amárach de bharr ‘seáp géar gearr’ ón stoirm Eunice'