Scoil Drámaíochta Fíbín: seans deireanach dóibh sin atá ag iarraidh páirt a ghlacadh ann

Tá cúpla spás fós fágtha le haghaidh chúrsa aisteoireachta Scoil Drámaíochta Fíbín sna hAille in Indreabhán, Co. na Gaillimhe

 

Screen Shot 2015-06-10 at 12.55.05

Reáchtálfar Scoil Drámaíochta Fíbín arís i mbliana i gConamara ón 5ú-17ú Iúil agus tá cúpla spás fágtha le líonadh ar an gcúrsa más spéis leat taithí aisteoireachta/drámaíochta a fháil. Rinne muid éisteachtaí mórthimpeall na tíre le cúpla seachtain anuas agus muid ar thóir an chéad ghlúin eile de réaltaí móra na teilifíse agus an stáitse, ó Bhéal Feirste síos go Luimneach agus trasna na tíre go Baile Átha Cliath agus Ceatharlach. Rinne muid tuairim is 500 éisteacht san iomlán le scoláirí idir 15-17 bliain d’aois, agus astu sin, roghnaigh muid an dá scór ab fhearr le tabhairt faoin gcúrsa i mbliana.

Is dianchúrsa aisteoireachta/scileanna drámaíochta atá ann ach é difriúil le cinn eile sa mhéid is go gcónaíonn na rannpháirtithe le chéile i nGaeltacht Chonamara ar feadh na coicíse a mhaireann an cúrsa agus ritear na ceardlanna uile trí mheán na Gaeilge. Gheobhaidh na haisteoirí óga taithí agus oiliúint fhíorluachmhar faoi stiúir an stiúrthóra, Stephen Darcy.

Foghlaimeoidh na daoine óga faoi aisteoireacht scáileáin agus stáitse araon. Tá costas €625 ar an gcúrsa coicíse, beatha agus lóistín san áireamh, ach is féidir le daoine áitiúla nach dteastaíonn socruithe lóistín uathu an cúrsa a dhéanamh ar €325.

Tabharfar cuireadh do thuismitheoirí, cairde, lucht na meán, ionadaithe ó Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta, agus léiritheoirí de chuid TG4, chuig taispeántas den obair atá déanta le linn an chúrsa ar an lá deiridh.

Le tuilleadh eolais a fháil faoin gcúrsa, téigh chuig www.sarscoilfibin.ie nó glaoigh ar Chaitlín in Fíbín ar 091-505855.