Scoil Chuimsitheach Chiaráin i gConamara ar na scoileanna ‘is mó feabhas’, agus ‘meas’ i Luimneach ar an ngaeloideachas

Scoil Ghaeltachta atá ar liosta na scoileanna ‘is mó feabhas’ ar thábla a d'eisigh The Irish Times inniu a léiríonn chomh maith go bhfuil ‘ag éirí thar barr’ le Gaelcholáiste Luimnigh

Gaelcholáiste Luimnigh
Gaelcholáiste Luimnigh atá ar bharr liosta an chontae i dtábla The Irish Times

Is í Scoil Chuimsitheach Chiaráin, ar an gCeathrú Rua i gConamara, an t-aon scoil Ghaeltachta atá ar liosta na scoileanna ‘is mó feabhas’ ar thábla a d’eisigh The Irish Times inniu.

Don dara bliain as a chéile, tá Scoile Chuimsitheach Chiaráin ar an liosta seo, a fhoilsítear gach bliain i bhforlíonadh de chuid The Irish Times. Déantar iar-bhunscoileanna an Stáit a mheas bunaithe ar líon na ndaltaí a théann ar aghaidh uathu go dtí an tríú leibhéal tar éis na hArdteistiméireachta.

Ní raibh aon iar-bhunscoil lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht ar an liosta is mó feabhas i mbliana, cé gurb é Coláiste Eoin i mBaile Átha Cliath a bhí ar bharr liosta na scoileanna a bhfuil ‘100% nó níos mó’ á lua leo ó thaobh dul chun cinn de. Bhí roinnt Gaelcholáistí eile timpeall na tíre ar bharr liosta a gcontae féin.

B’amhlaidh an scéal i gCo. Luimnigh: bhain Gaelcholáiste Luimnigh sa chathair barr an liosta amach don chontae sin. Ba í an tríú scoil í ar liosta na Mumhan agus an 11ú ar an liosta náisiúnta.

Dúirt príomhoide na scoile le Tuairisc.ie go bhfuiltear sásta go raibh siad ar bharr liosta an chontae ach nach aon údar iontais dó é.

“Tá ag éirí thar barr leis na scoláirí anseo agus cé gur scoil úrnua í, tá foireann den chéad scoth anseo. Tá an dá dhream cumasach agus díograiseach agus tá an-tacaíocht ann ó na tuismitheoirí.Tá scoil lán-Ghaeilge do chailíní sa chathair, agus bíonn torthaí thar barr ansin chomh maith, agus tá an méid oibre a théann isteach sa scoil anseo le feiscint ansin freisin.

“Tá an-éileamh ar an scoil seo agus ar an nGaeloideachas sa cheantar seo agus táthar ag teacht chugainn ó na Gaelscoileanna agus na gnáthscoileanna araon. Is léir go bhfuil meas ag tuismitheoirí ar an oideachas agus an cultúr Gaelach,” a dúirt Donncha Ó Treasaigh le Tuairisc.ie.

Fág freagra ar 'Scoil Chuimsitheach Chiaráin i gConamara ar na scoileanna ‘is mó feabhas’, agus ‘meas’ i Luimneach ar an ngaeloideachas'