Coláiste Eoin i mBÁC ar an scoil is mó a sholáthraíonn mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal de réir liosta nua

Cuid mhaith scoileanna lán-Ghaeilge ar an liosta nua de na scoileanna is mó a sholáthraíonn mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal. Colásite Croí Mhuire gan Smál ar an Spidéal an scoil Gaeltachta is airde ar an liosta

Coláiste Eoin

Tá Coláiste Eoin, scoil lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath, ar an scoil is mó sa stát a sholáthraíonn mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal, de réir tábla atá foilsithe ar maidin san Irish Times.

I measc na scoileanna Gaeilge eile atá ar an liosta nua de na scoileanna is mó a sholáthraíonn mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal, tá Coláiste Íosagáin i mBaile Átha Cliath; Gaelscoil Luimnigh agus Laurel Hill Coláiste FCJ i gcathair Luimnigh; Coláiste na Coiribe sa Ghaillimh; agus Coláiste Oriall i Muineachán.

Is í an scoil Ghaeltachta is airde ar an liosta ná Coláiste Croí Mhuire gan Smál ar an Spidéal i gConamara.

Tuairiscíonn an Irish Times go bhfuil scoileanna lán-Ghaeilge go mór sa treis ar an liosta agus máitear go bhfuil an scéal amhlaidh mar go mbíonn togha agus rogha na ndaltaí ag scoileanna áirithe.

“Some over-subscribed fee-paying schools and gaelscoileanna are also in a position to cherry-pick students, unlike those in less well-off areas which therefore tend to have a higher proportion of students with additional needs,” a deir an Irish Times. 

Is minic éilíteachas curtha i leith scoileanna Gaeilge agus is minic líomhaintí dá leitheid séanta go láidir ag na scoileanna féin agus ag eagraíochtaí gaeloideachais.

Bíonn conspóid ag baint chomh maith leis na táblaí scoileanna a fhoilsítear gach bliain san Irish Times.

7/2/2012. President visits Schools
Príomhoide Cholaiste Eoin, Finín Máirtín

Sna liostaí ‘feeder schools’ seo, déantar iarbhunscoileanna a mheas bunaithe ar líon na ndaltaí a théann ar aghaidh uathu go dtí an tríú leibhéal tar éis na hArdteistiméireachta, slat tomhais róchúng ar chaighdeán agus fairsinge an oideachais, dar le mórán.

Dúirt Finín Máirtín, príomhoide Choláiste Eoin i Stigh Lurgan, an scoil a bhain barr liosta an Irish Times amach i mbliana, gurb fhíor go bhfuil an scoil lan-Ghaeilge lonnaithe i gceantar atá go maith as ach nach raibh sa mhéid sin ach cuid den scéal.

Bhí baint chomh maith ag múinteoirí agus tuismitheoirí ‘díograiseacha’ na scoile leis an rath a bhí uirthi, a dúirt Mairtín.

“If a parent decides to send their child to an all-Irish school, they perhaps know they will have to be more involved in their child’s education. It’s nice to top lists but it’s not something we set out to do,” a dúirt Máirtín agus é faoi agallamh i mBéarla san Irish Times.

Fág freagra ar 'Coláiste Eoin i mBÁC ar an scoil is mó a sholáthraíonn mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal de réir liosta nua'