Schmidt agus Gatland i mbun na cleasaíochta cheana, ach ní haon chúis mhagaidh an comhtholgadh

Dúradh lenár gcomhfhreagraí inné nár bhain a cheist le hábhar nuair a cheistigh sé Warren Gatland faoin gcomhtholgadh sa rugbaí

Ireland Rugby Squad Training, Surrey Sports Park, Guilford, Surrey, England 30/9/2015 Head Coach Joe Schmidt Mandatory Credit ©INPHO/Dan Sheridan
©INPHO/Dan Sheridan

Agus dóchas an phobail i ré Joe Schmidt ídithe i bhfianaise theip na foirne náisiúnta ag Corn an Domhain, gan trácht ar chás na gcúigí atá gafa tríd an séasúr is measa a bhí acu ó 1997/98, is faoi fhear na Nua Shéalainne atá sé beocht a chur an athuair i saol rugbaí na tíre.

Amach ón bpáirc imeartha féin, agus seachtain fágtha fós roimh an gcéad chluiche i gComórtas na Sé Náisiún, i gcoinne na Breataine Bige, tá Joe Schmidt agus Warren Gatland i mbun na cleasaíochta cheana féin agus iad ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar a chéile.

Thairg Gatland post leis na Leoin do Schmidt, ach deir Schmidt nach bhfuil cead aige de réir a chonartha glacadh leis an gcuireadh sin. I mí Lúnasa na bliana seo caite, dúirt Gatland go raibh cur chuige teoranta ag foireann na hÉireann ach thagair Schmidt don phort eile a bhí inné ag bainisteoir na Breataine Bige.

“Dúirt daoine roimhe seo go bhfuil cluiche na hÉireann teoranta, ach bhí rath ar an bplean imeartha sin.

“Measaim dá mbeimis in ann críochnú i measc na bhfoirne sa leath uachtarach den tábla go mbeadh obair mhaith déanta againn i gComórtas na Sé Náisiún. Beidh cluichí againn i gcoinne na Breataine Bige na Fraince – taobh istigh de sé lá – againn mar thús, agus ansin beidh orainn aghaidh a thabhairt ar Shasana. Ní haon dóithín an méid sin.

“An aisling a bheadh againn ná go n-éireodh linn rud éigin a dhéanamh nach bhfuil déanta ag foireann ar bith eile ón dtír seo. [an comórtas a bhuachan trí huaire as a chéile]. Nílimid chun an aisling sin a chur uainn. Ach táimid réadúil chomh maith faoin méid is féidir linn a bhaint amach. Éagóir ar na himreoirí a bheadh dá dtabharfaimis le fios gur gá dúinn an comórtas a bhuachan le go bhféadfaimis a mhaíomh go raibh rath orainn.”

Agus amhras faoi a aclaí is atá Johnny Sexton agus roinnt imreoirí eile, is léir go bhfuil an ceart ag Schmidt sa mhéid sin. Fuair Sexton buile sa cheann agus é ag imirt do Chúige Laighean i gcoinne Wasps tógadh den pháirc é. Deirtear gur phasáil sé na tástálacha comhtholgtha a cuireadh air ar an taobhlíne, ach níor cuireadh chun páirce arís é an lá sin. ‘Buile’ seachas comhtholgadh a bhí i gceist. Dúirt Schmidt go raibh díomá air go mbíonn daoine ag caitheamh amhrais ar a fhoireann leighis. Ach nach ar leas an imreora é go mbeadh daoine ag cur na gceisteanna sin?

Ba cheart go bpléifí go hoscailte fadhb na comhtholgtha sa rugbaí. Faraor, is ag seachaint na ceiste seo a bhíonn cuid mhaith daoine.

Bliain ó shin, fágadh George North ar pháirc na himeartha tar éis gur bhain comhtholgadh dó. Tugadh córas nua isteach ina dhiaidh sin chun a chinntiú nach dtarlóidh a leithéid arís. Ag deireadh phreasocáid an lae inné, chuir mé ceist ar Warren Gatland an raibh sé sásta nach dtarlódh an rud a tharla do North arís.

“Ní thuigim cad faoi atá tú caint,” a dúirt Gatland, sular tháinig fear cumarsáide na foirne isteach chun a rá nár bhain an cheist le hábhar.

Dá mbeidís sásta leis an gcóras nua a tugadh isteach, shamhlófá nár ghá dóibh a bheith chomh cosantach sin faoi. Ach mar is gnáth sa rugbaí, is túisce a déarfaí leat gur seafóid atá ann seachas an cheist a phlé. 

Fág freagra ar 'Schmidt agus Gatland i mbun na cleasaíochta cheana, ach ní haon chúis mhagaidh an comhtholgadh'