Scéim tithíochta inacmhainne speisialta molta do mhuintir na Gaeltachta

Deir Coiste Gaeilge an Oireachtais gur cheart go dtabharfaí isteach bearta faoi leith do na ceantair Ghaeltachta a chabhródh le pobal labhartha na Gaeilge tithe cónaithe a cheannach nó a fhorbairt

Scéim tithíochta inacmhainne speisialta molta do mhuintir na Gaeltachta

Tá sé molta ag Coiste Oireachtais go dtabharfadh an Rialtas isteach bearta inacmhainneachta speisialta do chainteoirí Gaeilge a dhéanfadh níos éasca dóibh tithe a cheannach nó a thógáil sa Ghaeltacht.

Deir Coiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais gur cheart go dtabharfaí isteach bearta faoi leith do na ceantair Ghaeltachta a chabhródh le pobal labhartha na Gaeilge tithe cónaithe a cheannach nó a fhorbairt.

Deir an Coiste go gcabhródh a leithéid de bhearta le “hoidhreacht chultúrtha ar leith agus inbhuanaitheacht na bpobal cuí a chosaint”.

Tá an moladh déanta i dtuarascáil nua de chuid an Choiste a rinne scrúdú  ar cheist na tithíochta agus cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht ag sraith cruinnithe. Tá an tuarascáil, a bhfuil breis is 20 moladh inti, le cur faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

Tá molta ag an gCoiste freisin go gcuirfeadh an Rialtas tús le scéim faoina gceannófaí tithe a thiocfadh ar an margadh sa Ghaeltacht ionas is go bhféadfaí iad a dhíol le daoine ar mhian leo cur fúthu sa Ghaeltacht.

D’eascair na moltaí ó cruinnithe a bhí ag an gcoiste leis an Aire Tithíochta Darragh O’Brien, le hoifigigh ina Roinn, leis na húdaráis áitiúla, Conradh na Gaeilge agus páirtithe leasmhara eile.

Baineann roinnt de na moltaí sa tuarascáil le tithíocht shóisialta a chur ar fáil i gceantair Ghaeltachta do chainteoirí Gaeilge.

Deir an Coiste gur cheart go gcuirfí soláthar tithíocht shóisialta a bheadh inacmhainne ar fáil sa Ghaeltacht do gach duine arb as an nGaeltacht dóibh, agus atá ag iarraidh cur fúthu ann agus an Ghaeilge a úsáid ar theanga laethúil chumarsáide.

Deirtear go bhfuil tábhacht ar leith lena leithéid a chur ar fáil ar na hoileáin Ghaeltachta agus i bpobail iargúlta “chun stop a chur leis an imirce as na ceantair sin, nach bhfuil aon ghá leis.”

Molann an Coiste go dtógfaí tithe sóisialta aonair do phobal na Gaeltachta ar a gcuid talún féin nó ar thalamh a muintire ar mhaithe leis an aistriú teanga ó ghlúin go glúin.

Táthar freisin ag moladh don Roinn Tithíochta go dtabharfaí isteach forálacha faoi leith sa reachtaíocht a thabharfadh tús áite do chainteoirí Gaeilge nuair a bheadh tithíocht shóisialta á leithdháileadh sna ceantair Ghaeltachta.

Leagfaidh an Coiste a chuid moltaí faoi bhráid Thithe an Oireachtais nuair a sheolfar an tuarascáil amárach agus iarrfar ar an Aire Tithíochta agus ar Aire na Gaeltachta na moltaí a chur san áireamh agus beartais nua maidir le tithíocht i gceantair Ghaeltachta á gcur i bhfeidhm ag an Rialtas.

Tá an Coiste ag iarraidh go dtabharfadh an tAire Darragh O’Brien treoirlínte nua isteach do chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht roimh dheireadh na bliana seo.

Fág freagra ar 'Scéim tithíochta inacmhainne speisialta molta do mhuintir na Gaeltachta'