Scéim teanga an HSE geallta arís 12 bliain ó iarradh í

Tugtar léargas i gcáipéisí a fuair Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise ar scéal fada scéim teanga an HSE

Scéim teanga an HSE geallta arís 12 bliain ó iarradh í

Nach mór 12 bliain ó iarradh a leithéid orthu an chéad uair, tá geallta ag an HSE go bhfoilseoidh siad a scéim náisiúnta teanga, ach níl oiread agus pingin amháin curtha i leataobh acu dá bplean maidir le seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil.

Is ina dtuarascáil nua Primary Care Island Services Review Report a gheallann an HSE go bhfoilseodh siad sa chéad ráithe den bhliain seo chugainn a scéim náisiúnta teanga, plean a deir siad nach mbeidh aon chostas ag baint leis.

Idir an dá linn, tugtar léargas i gcáipéisí a fuair Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise ar scéal fada scéim teanga an HSE.

Ba i mí na Nollag 2006 a iarradh dréachtscéim teanga den chéad uair ar an HSE agus bhí sí le bheith daingnithe faoin 10 Meitheamh 2007.

I mí na Nollag 2007, cuireadh dréachtscéim faoi bhráid Roinn na Gaeltachta. Dúradh gur deineadh “go leor idirphlé” faoin dréacht sin ach níor daingníodh riamh í.

De réir na gcáipéisí a fuair Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise, ba bheag plé in aon chor a rinneadh faoin scéim teanga idir sin agus 2014.

I Meitheamh 2014, bhí a gcéad chruinniú ag Coiste Stiúrtha na Gaeilge an HSE agus tuairiscíodh i ndiaidh an chruinnithe sin gur aontaigh Roinn na Gaeltachta nach mbeadh sé “stuama” tús a chur le dréachtscéim náisiúnta don fheidhmeannacht sláinte toisc go raibh caint ann go mbeadh deireadh á chur léi féin.

De réir comhfhreagras de chuid an HSE, d’aontaigh an Roinn go bhféachfaí le dhá chineál scéime a fhorbairt ar bhonn píolótach do na struchtúir nua a bhí á mbeartú don chóras sláinte ag an am.

Ag deireadh na bliana 2014 tugadh le fios i gcomhfhreagras inmheánach de chuid an HSE go raibh sé aontaithe ag an ngrúpa a bhí ag plé le ceist na scéime gur scéim “uaillmhianach” a bheadh inti ach go mbeifí “cúramach” sa mhéid a gheallfaí.

“…the group agreed to focus on the service user experience, and to be as ambitious as possible, without committing services to actions requiring levels of funding which we already know are not available.”

Faoi dheireadh na bliana 2014, bhí tús curtha le suirbhé laistigh den fheidhmeannacht le fáil amach cén saghas líofachta a bhí ag baill foirne agus bhí mionphlé ar siúl faoin suirbhé sin.

Mhol feidhmeannach amháin go ndéanfaí na trí rogha líofachta a bhí beartaithe don suirbhé a leasú agus go bhfaighfí réidh leis an rogha a bhí le tabhairt do bhaill foirne a rá go raibh a gcuid Gaeilge ‘poor’.

“On reflection, and if we do go with a three-point scale for competence, perhaps we turn “poor” into a positive: ‘Phrases/greetings only’, ‘Fair’, ‘Fluent’”.

Deineadh an scéal a phlé go hinmheánach san HSE ar feadh tamaill ina dhiaidh sin agus ar an 7 Eanáir 2015, d’fhógair siad go raibh tuairimí an phobail á lorg acu maidir lena scéim nua.

Dúradh sa Dáil ag an am go raibh lucht Roinn na Gaeltachta “dóchasach” go mbeadh scéim náisiúnta teanga á daingniú i lár na bliana 2015.

Cé gur cosúil gur beag comhfhreagras a bhí ar bun idir an HSE agus Roinn na Gaeltachta timpeall an ama seo, dúirt oifigeach de chuid na Roinne leis an bhfeidhmeannacht i mí Eanáir 2015, gur “scéim don FSS” a bhí ag teastáil “chan scéim do na struchtúir nua per se”.

I mí Aibreáin na bliana sin, ba léir go raibh imní ann faoina dhoiléire is a bhí cuid na gealltanas faoin dréacht a bhí faoi chaibidil an tráth sin agus faoin gcuid de a bhain le seirbhísí a chur ar fáil sa Ghaeltacht go háirithe.  Agus é ag trácht ar an gcaibidil den dréacht a bhain leis an nGaeltacht, rinne Oifigeach Gaeilge Réigiúnda de chuid an HSE achoimre neamhbhalbh dá chomhghleacaithe ar na moltaí:

‘Drill the commitments down into specific actions.’

I mí Mheán Fómhair na bliana 2015, scaipeadh an dréacht deireanach i measc an ghrúpa a bhí ag plé léi san HSE. I bhfianaise na gcáipéisí a fuair Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise, níor deineadh aon leasú ó shin air agus tháinig deireadh leis an gcomhfhreagras faoi in 2015.

I mí Aibreáin na bliana 2016, dúirt iar-aire stáit na Gaeltachta Joe McHugh le fios sa Dáil go raibh súil aige le dréachtscéim teanga an HSE ‘gan rómhoill’.

Féachfar amárach ar a bhfuil i ndréachtscéim teanga an HSE, a bhfuil cóip di faighte ag Tuairisc.ie.

Fág freagra ar 'Scéim teanga an HSE geallta arís 12 bliain ó iarradh í'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla bunaithe cuid mhaith ar Scéimeanna Teanga. Is léir nach bhfuil próiséas na scéimeanna teanga ag feidhmiú mar is cóir. Tá leasaithe ag teastáil ar an reáchtaíocht a chuirfidh rud éicint níos fearr in áit na scéimeanna, a bheadh réadúil agus infheidhmithe.

    Ceist agam: nuair a d’iarr an HSE aighneachtaí ón bpobal, ar tháinig mórán aighneachtaí isteach? Céard a bhí á éileamh ag an bpobal ón HSE i dtaobh cearta teanga, má bhí aon cheo?

  • Des O Murchu

    Bhi fadhbanna agam le ainm Gaeilge tamaill O shin Ousp Micheal Dun Laoghaire .? Cad e an ainm sin in Bearla! O eachtranigh nach Sasanaigh iad!

  • Rubber Duck

    An bhfuil ospidéal amháin i “mbaile sheirbhís” Gaeltachta ina bhfuil an Ghaeilge ag cuid mhaith altraí agus dochtúir ann?

    Leaid beag gan Bhéarla as Charna a bhí ag iarraidh deoch ar feadh na hoíche in ospidéal in nGaillimh is “rubber duck” a fuair sé.