Scéim na mBóithre Áise le tabhairt ar ais – clár an rialtais

Bhí Scéim na mBóithre Áise i measc na scéimeanna Gaeltachta ar cuireadh deireadh leo le linn na géarchéime eacnamaíochta

Scéim na mBóithre Áise le tabhairt ar ais – clár an rialtais

Tá sé i gceist Scéim na mBóithre Áise a chur ar bun arís sa Ghaeltacht.

Tuigtear do Tuairisc go bhfuil athbhunú Scéim na mBóithre Áise luaite sa chlár rialtais a fhoilseofar tráthnóna.

Faoi Scéim na mBóithre Áise sa Ghaeltacht chuirtí cúnamh ar fáil do dhaoine feabhas a chur ar bhóithre nach dtagann faoi chúram na gcomhairlí contae, bóithre portaigh, bóithre go dtí goirt, céanna agus a leithéid.

Bhí Scéim na mBóithre Áise i measc na scéimeanna Gaeltachta ar cuireadh deireadh leo le linn na géarchéime eacnamaíochta.

Tá geallta ag an Tánaiste agus ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin go mbeadh cás na Gaeilge agus na Gaeltachta “i gcroílár an chláir rialtais”.

Meastar go mbeidh gealltanais sa chlár rialtais a fhoilseofar tráthnóna faoi thoghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais, faoi fhorbairt an ghaeloideachais agus faoi chás na teanga sa chóras oideachais trí chéile.

Rinne Fianna Fáil agus Fine Gael margadh tráthnóna inné leis an nGrúpa Réigiúnach Neamhspleách maidir le rialtas nua a bhunú agus fógraíodh chomh maith go raibh socrú déanta leis na Teachtaí Dála ó Chiarraí Michael agus Danny Healy-Rae.

Tá sé ag i gceist go gcaithfeadh baill Fhianna Fáil vóta faoin gclár rialtais ag Ard-Fheis an pháirtí i mBaile Átha Cliath Dé Domhnaigh. Pléifidh lucht Fhine Gael an cháipéis ag sraith cruinnithe réigiúnacha a gcuirfear tús leo ag deireadh na seachtaine.

Táthar ag súil rialtas nua a chur os comhair na Dála ach a bhfillfidh sí Dé Céadaoin seo chugainn nuair a thoghfar Micheál Martin ina Thaoiseach.

Tá socruithe le déanamh chomh maith faoi leagan amach na ranna stáit faoin rialtas nua, faoi líon na n-aireachtaí a bheidh ag na páirtithe éagsúla agus faoi cé a gheobhaidh na postanna sin.

Dúirt an Tánaiste Micheál Martin an tseachtain seo caite go leagfar cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta ar roinn eile sa chéad rialtas eile.

Faoi láthair, tá cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta ar an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Fág freagra ar 'Scéim na mBóithre Áise le tabhairt ar ais – clár an rialtais'