Scéim forbartha nua don drámaíocht Ghaeilge fógartha ag TG4

Faoin scéim nua cuirfear cúig iarratas ar ghearrliosta agus cuirfear €50,000 ar fáil do gach ceann acu chun iad a fhorbairt

Scéim forbartha nua don drámaíocht Ghaeilge fógartha ag TG4

Tá iarratais á lorg ag TG4 agus Fís Éireann/Screen Ireland ó dhaoine a bhfuil spéis acu dráma nua teilifíse a fhorbairt a bheidh dírithe ar dhaoine faoi bhun 35 bliain d’aois.

Faoin scéim nua cuirfear cúig iarratas ar ghearrliosta agus cuirfear €50,000 ar fáil do gach ceann de na hiarratais sin chun na tograí a fhorbairt.

Ní mór do na smaointe a bheith “uaillmhianach, dána, cruthaitheach” agus “taitneamhach”, a deirtear.

Idir ceithre agus ocht gclár 25 nóiméad ar fhad atá á lorg don tsraith, ach deirtear nach gcuirfear as an áireamh iarratas a mbeadh cláir níos faide i gceist, má oireann sin.

Ba chóir gur sraith drámaíochta í a mheallfadh pobal na Gaeilge ach go mbeadh “ábhar, tuin, greann” agus “cur chuige an chláir mealltach do phobal níos leithne”.

Tá fáilte á cur ag TG4 roimh iarratais ó chomhlachtaí léiriúcháin a bhfuil taithí acu drámaíocht ar ardchaighdeán a fhorbairt don teilifís agus a spreagann tallann úr na Gaeilge, idir scríbhneoirí, stiúrthóirí agus aisteoirí.

Script ó scríbhneoir Gaeilge nó a bheadh comhscríofa ag scríbhneoir Gaeilge atá á lorg ó iarrthóirí na scéime nua drámaíochta.

Mar chuid den scéim, cuirfear meantóir ar fáil chun tacú leis an iarratasóir an dráma teilifíse a fhorbairt.

Agus an scéim á fógairt, dúirt Bainisteoir Coimisiúnaithe TG4, Mary Ellen Ní Chualáin, go raibh “ríméad” orthu go mbeadh borradh faoin drámaíocht don lucht féachana faoi 35 bliain i sceideal an stáisiúin de bharr na scéime.

“Is tosaíocht ag TG4 go mbeadh an cainéal tarraingteach do lucht féachana níos óige, agus is deis iontach í seo chun an méadú ar an lucht féachana a neartú agus is deis í chomh maith tacú le smaointeoireacht chruthaitheach agus le lucht na cruthaitheachta san earnáil neamhspleách,” a dúirt sí.

Dúirt Andrew Byrne, Bainisteoir Tionscadal, Fís Éireann go raibh an eagraíocht tiomanta de go n-aithneofar Éirinn mar lárionad barr feabhais ó thaobh na drámaíochta scripte.

“Is scéim nua í seo atá mar chuid dár ndícheall ionadaíocht a dhéanamh ar réimse tallainne iléagsúil ó gach cúlra i róil léiriúcháin chruthaitheacha shinsearacha, lena chinntiú go bhfuil comhionannas inscne i bhfeidhm ar fud na hearnála chomh maith le foireann oibre uilechuimsitheach.”

Is é 4pm an 30 Samhain an spriocdháta d’iarratais agus is gá do chomhlachtaí léiriúcháin clárú anseo.

Fág freagra ar 'Scéim forbartha nua don drámaíocht Ghaeilge fógartha ag TG4'