Scéim de chuid Ghlór na nGael chun an Ghaeilge a spreagadh i measc lucht gnó le seoladh ag an Taoiseach

Macasamhail Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, scéim aitheantais eile de chuid Ghlór na nGael, a bheadh i gceist le GRADAIM, Gnó na hÉireann

Scéim de chuid Ghlór na nGael chun an Ghaeilge a spreagadh i measc lucht gnó le seoladh ag an Taoiseach

Tá Glór na nGael ag súil go mbeidh breis is 300 comhlacht eile ag déanamh gnímh ar son na Gaeilge taobh istigh de bhliain agus feachtas nua le seoladh chun úsáid na teanga a spreagadh i measc lucht gnó.

Seolfaidh an Taoiseach Micheál Martin an scéim nua, GRADAIM, Gnó na hÉireann, ag tús na míosa seo chugainn agus é I gceist ag Glór na nGael tacaíocht a chur ar fáil do chomhlachtaí atá ag úsáid na Gaeilge ina ngnó, nó ar mhaith leo sin a dhéanamh.

Macasamhail Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, scéim aitheantais eile de chuid Ghlór na nGael, a bheadh i gceist le GRADAIM. Leagfar amach gníomhaíochtaí áirithe gur féidir le comhlacht tabhairt fúthu i dtrí chatagóir – comharthaíocht, brandáil agus margaíocht, agus seirbhís Ghaeilge do chustaiméirí agus do chliaint.

Bronnfar trí leibhéal gradaim – ór, airgead nó cré-umha – bunaithe ar líon na ngníomhaíochtaí a chuirtear i gcrích. Níor mhór do chomhlacht os cionn 80% de na gníomhaíochtaí a chur i gcrích chun gradam óir a fháil.

Agus é ag labhairt an tseachtain seo ag cruinniú de chuid Choiste Gaeilge an Oireachtais, dúirt Ceannasaí Ghlór na nGael, Lorcán Mac Gabhann, go raibh an-spéis léirithe ag comhlachtaí sa scéim seo cheana féin.

“Cheana féin, agus níl an scéim beo fós, tá 62 pobal sa tír sásta dul i ngleic léi agus í a fhorbairt. Má éiríonn leis an 62 pobal sin fiú cúig shiopa a fháil ina bhaile, ina pharóiste nó ina cheantar féin, faoin am seo an bhliain seo chugainn beidh 300 comhlacht ag cur na Gaeilge chun cinn i dtaobh comharthaíochta, margaíochta agus seirbhísí labhartha Gaeilge,” a dúirt Mac Gabhann.

Tá GRADAIM dírithe ar gach cineál gnó – miondíoltóirí, mórdhíoltóirí, gnóthaí tráchtála stáit agus carthanachtaí.

Ní bheidh aon táillí i gceist agus cláróidh comhlachtaí trí na grúpaí pobail Ghaeilge atá cláraithe agus faofa ag Glór na nGael le craobhacha áitiúla de na GRADAIM a reáchtáil.

Seolfaidh an Taoiseach Micheál Martin an feachtas go hoifigiúil ar an 4 Samhain.

Fág freagra ar 'Scéim de chuid Ghlór na nGael chun an Ghaeilge a spreagadh i measc lucht gnó le seoladh ag an Taoiseach'

  • Sean ÓM

    Ní drochrud è seo ann féin – ach tá na tosaíochtaí ar fad go tubaisteach mícheart.

    Scéim Labhairt na Gaeilge ar ais sna Gaeltachtaí ar tús le do thoil.