Gaelghiolcaire na Seachtaine
Ainm?
@buailtin (Seán Mac an tSíthigh)
Cé hé féin?
Físiriseoir le nuacht RTÉ/TG4. Tá Seán ar dhuine de na físiriseoirí is fearr in Éirinn agus gradaim buaite aige dá shaothar ag na Gradaim Chumarsáide cúpla uair anois. Duibhneach a bhfuil spéis aige sa bhéaloideas agus sa seanchas.
Céard faoi a mbíonn sé ag giolcaireacht?
Mar aon le gach iriseoir eile de chuid TG4 atá ar Twitter, úsáideann Seán an cuntas seo le heolas a scaipeadh faoi na scéalta atá á dtuairisciú aige. An tseachtain seo, bhí sé i measc na dteifeach san Ungáir agus é ag tuairisciú leis ar an teilifís agus ar Twitter ón láthair. Tá an-léargas le fáil sna pictiúir atá crochta aige ar shaol na dteifeach i láthair na huaire.
Thairis sin, is grianghrafadóir den scoth é Seán agus bíonn go leor leor pictiúir áille á gcrochadh aige ar Twitter go rialta. Ba cheart do Fáilte Éireann é a fhostú chun daoine a mhealladh go Corca Dhuibhne!
Giolc na Seachtaine
B’fhéidir nár tharla ach go raibh Cameron i mBéal Átha na Muice (seachas i mbéal na muice) agus ní ann ach amú san aistriúchán. #PigGate
— Ciara Ní É (@MiseCiara) September 21, 2015
Is beag duine ar domhan nár chuala faoi #PigGate an tseachtain seo, ach má tá tusa ar dhuine den bheagán nár chuala, is leor a rá nach raibh David Cameron ar mhuin na muice nuair a dhúisigh sé maidin Dé Luain. Bhí an t-uafás punanna agus jócanna á ndéanamh ar na meáin shóisialta agus níor theip ar na Gaeil ruainne beag grinn a bhaint as an scannal. Thaitin an giolc seo ó @MiseCiara go mór linn Ragham amú tamall eile Bhí an chéad eagrán den chlár ‘Pioc Do Ride’ ar TG4 aréir agus tá muid fós ag teacht chugainn féin ina dhiaidh. Rabhadh: tá millteán sa mírín thíos ach caithfear é a roinnt. Céard a roghnófása? Coinne nó carr? An chaint sa sráidbhaile D’fhoilsigh an Irish Examiner alt ó pheann Victoria White inné, bean a bhfuil cúpla alt aisteach scríofa aici faoin nGaeilge cheana féin, agus í ag ionsaí na teanga mar gheall ar an gconspóid a bhain le cás cúirte Mihai Avadenei. Bhí Avadenei ag tiomáint faoi thionchar an óil ach toisc nár eisíodh ráiteas na tástála anála i nGaeilge agus i mBéarla araon, níor glacadh leis mar fhianaise sa chúirt. Scríobh White alt mór fada ag tabhairt amach faoin nGaeilge ‘oifigiúil’ agus an ceangal dlí atá ar an Stát í a chosaint trí Acht na dTeangacha. Scríobh Kevin Hickey alt mar fhreagra ar an alt sin ar maidin ar Tuairisc.ie ach fuair Victoria freagraí go leor ar na meáin shóisialta freisin.
@victoriawhite7 Tá an Ghaeilge i ndiaidh forbairt mar theanga de thairbhe aistriúchán. Ní teanga oidhreachta í ach teanga labhartha bheo. — Beirneach (@Beirneach) September 24, 2015
@Cormacag5 ba cheart iarraidh @victoriawhite7 ar an clár arís chun míniú ar a comparáid histéireach idir gniomhaithe #Gaeilge & an Taliban.
— Concubhar Ó Liatháin (@igaeilge) September 24, 2015
@Cuanbos @CiaranDunbar Tá cinneadh déanta ag @victoriawhite7 nach gcabhraíonn reachtaíocht. Níl sí le bogadh ón seasamh sin ainneoin fíricí
— نAonghus Ó hAlmhain (@aonghusoha) September 24, 2015
@CiaranDunbar @victoriawhite7 Níl sé réasúnta “Taliban” a thabhairt ar daoine atá ag stocaireacht ar son reachtaíocht le módhanna síochánta — Cuan Ó Seireadáin (@Cuanbos) September 24, 2015
Darragh Ó Caoimh
Tá’s agam ná beidh roinnt daoine róshásta leis an méid atá le rá agam , ach mar sin féin , caithfead é a rá toisc an chaint ar fad sa mheán Gaeilge a bheith chomh claonta is atá sé.
Sé mo thuairm i dtaobh alt White ná go raibh cuid mhaith den cheart aici. In ainneoin gur dúradh san alt thuas gur “ag ionsaí na teangan” a bhí White, ní dóigh liom gur amhlaidh a dhein sí. Séard a dúirt sí, go bunúsach, ná gur fhuath leí an sort Mandarin Gaeilge atá á cruthú againn (seachas an Ghaeilge a labhraítear sa Ghaeltacht) Cuirtear an uafás airgid ar fáil don togra seo (chun rudaí a aistriú srl). Ach dá gcaithfí an airgead seo ar thograí eile, scéim do scríbhneoirí óga na Gaeilge mar shampla, ná beadh sé i bhfad níos fearr don Ghaeilge?
Níl freagra na ceiste sin agam ach ní foláir dúinn na ceisteanna seo a chíoradh go hoscailte. Ní chabhraíonn ráitisí leisciúla ar nós “ag ionsaí na teangan” leis an díospóireacht.