Scéalta ón gCibearspás (eagrán Sheachtain na Gaeilge)

Colún le Maitiú Ó Coimín faoi iontais agus neamhiontais an tsaoil ar líne

Scéalta-ón-gCibearspás-2

Gaelghiolcaire na Seachtaine:

Ainmneacha?

@TomaiRua (Tomaí Ó Conghaile)

Cé hé féin?

Rí na Gaeilge! (Ar feadh seacht lá dhéag ar aon chaoi…) Tá Tomaí ina eagarthóir ar an iris Nós agus bíonn sé le cloisteáil ar chláracha raidió ar stáisiúin éagsúla timpeall na tíre go minic. Is mó a cháil an tseachtain seo go háirithe mar tá sé ar dhuine d’ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge (atá fós ag dul ar aghaidh…!). Tá sé féin, agus an t-aisteoir Clíona Ní Chiosáin, ag rith thart i ndiaidh a ndriobal ag cur na teanga chun cinn ó cheann ceann na tíre don fhéile Ghaeilge is mó ar domhan.

Céard faoi a mbíonn sé ag giolcaireacht?

Is Gael go smior é Tomaí agus tá sé ar dhuine de na gníomhairí Gaeilge is mó aithne sa tír faoin am seo. An tseachtain seo, ar ndóigh, tá sé ag cur Sheachtain na Gaeilge chun cinn go láidir ar a chuntas Twitter. Tá sé ag freastal ar an iliomad imeachtaí fud fad na tíre agus ag baint an-sult astu de réir dealraimh! Bíodh is go bhfuil sé gnóthach as an ngnách le seachtain anuas, bíonn Tomaí s’againne an-ghníomhach ar Twitter i gcaitheamh na bliana ar fad. Glacann sé páirt i gcomhráite faoin bpolaitíocht, faoi chearta teanga agus faoi gach gné eile de shaol na Gaeilge i ndáiríre.

Cén fáth a leanfainn é?

Is ionsparáid é Tomaí do gach gníomhaí Gaeilge eile ar na meáin shóisialta – is minic a bhíonn muid ag tabhairt amach faoi chúrsaí teanga sa tír seo gan tada a dhéanamh faoi. Déanann Tomaí beart de réir a bhriathair agus é ina eiseamláir ag daoine eile.

Anuas air sin, tá Tomaí ar dhuine de na daoine is béasaí ar Twitter, cé gur rógaire ceart é in amanntaí, níl an nimh ann cé go mbíonn an diabhal air go minic le himeartas focal agus greann (idir shoineanta agus gháirseanta!). Tá Tomaí an-éirimiúil agus is minic a phléann sé ceisteanna casta lena leantóirí.

Giolc Meme na Seachtaine

Bhí go leor leor cainte le seachtain nó mar sin anuas ar bhrí an fhocail ‘beirt’ agus an tionchar a bheadh ag an bhfocal beag sin ar an leasú a dhéanfaí ar Bhunreacht na tíre dá rithfí an reifreann i mí Bhealtaine. Chuirfeadh an chaint ar fad saighleam ar dhuine ach buíochas le Dia, chuir an leathanach Facebook “Memes na Gaeilge” beagán grinn ar fáil dúinn lena gcomórtas méimeanna do Sheachtain na Gaeilge.

Beirt and Ernie copy

Ba don mhéim thuas, a tharrtháil clú “beirt”, a tugadh an méid ba mhó ordóga agus mar sin a ghnóthaigh an comórtas. Bhí deich gcinn de mhéimeanna ina n-iomláine san iomaíocht agus chuile cheann acu barrúil agus cliste. Féadfaidh sibh iad uilig a fheiceáil ar an leathanach Facebook anseo.

Ragham amú tamall eile

Bhí an físeán seo, leagan Gaeilge d’amhrán clúiteach Ed Sheeran “Thinking Out Loud” go mór i mbéal an phobail le cúpla lá anuas. Labhair Tuairisc.ie le duine de na ceoltóirí Daithí Ó Gallchóir faoin bhfíseán agus an cháil nua a tharraing sé air féin agus a chomhcheoltóir Chris.

“Bím ag obair i gColáiste Gaeilge i nGaeltacht Mhaigh Eo i rith an lae ach d’fhéadfá a rá gur ceoltóir páirt-aimseartha mé freisin. Bhí muid ag casadh ceoil i dtithe tabhairne sách minic ach d’éirigh muid bréan de na tithe sin agus bheartaigh muid ceol a thaifead agus a chur ar YouTube. Rinne muid an chéad amhrán a thaifead thart ar dhá bhliain ó shin, Mayo for Sam, agus d’éirigh go maith leis ar YouTube. Tá muid ag taifeadadh ó shin. Seo é an chéad fhíseán Gaeilge a chroch muid ar YouTube agus tá iontas orm cén chomh mór is a thaitin sé le daoine.

“Muid féin a rinne an t-aistriúchan, is as Gaeltacht Mhaigh Eo mé agus tá Gaeilge an-mhaith ag Chris. Rinne muid é le haghaidh Sheachtain na Gaeilge ach tá an obair tosaithe cheana féin ar an gcéad cheann eile. Tá súil againn leagan Gaeilge d’amhrán de chuid Jason Mraz a thaifeadadh go luath,” a dúirt Daithí le Tuairisc.ie. Nár laga Dia a lámha!

An Chaint sa tSráidbhaile ar líne…

Arís eile an tseachtain seo ní bhacfaidh muid le haighneas, imreas ná achrann ar líne ach fágfaidh muid sibh le cúpla pictiúr ó imeachtaí Sheachtain na Gaeilge a bhí ag tarlú i ngach cearn den tír.

Fág freagra ar 'Scéalta ón gCibearspás (eagrán Sheachtain na Gaeilge)'