‘Féadfaidh beirt gan beann ar a ngnéas conradh pósta a dhéanamh de réir dlí’ – foclaíocht nua reifrinn fógartha

D'fhógair an Taoiseach sa Dáil tráthnóna an leagan Gaeilge nua d'fhoclaíocht an Reifrinn Phósta, atá curtha ar fáil ar mhaithe le 'soiléireacht iomlán' agus chun go ndíreodh an díospóireacht ar ábhar an Reifrinn seachas ar cheist na foclaíochta.

Screen Shot 2015-03-10 at 17.15.21

 

Tá an leagan nua den fhoclaíocht Ghaeilge le haghaidh an Reifrinn Phósta fógartha ag an Taoiseach, Enda Kenny, sa Dáil inniu.

Is í an fhoclaíocht atá anois ann:

Féadfaidh beirt gan beann ar a ngnéas conradh pósta a dhéanamh de réir dlí.

Tá an méid seo ag freagairt don Bhéarla:

Marriage may be contracted in accordance with law by two persons without distinction as to their sex.

Is éard a bhí sa seanleagan Gaeilge:

Féadfaidh beirt, cibé acu is fir nó mná iad, conradh a dhéanamh i leith pósadh de réir dlí.

D’fhógair an Taoiseach an fhoclaíocht nua agus é ag freagairt ceiste a chuir an Teachta Dála, Mícheál Ó Máirtín air faoi fhoclaíocht an Reifrinn sa Dáil tráthnóna.

Ag cruinniú a bhí ag an Rialtas ar an 21 Eanáir i mbliana, thángthas ar aon fhocal maidir le foclaíocht Bhéarla an Reifrinn. Chuir Rannóg an Aistriúcháin leagan Gaeilge de leasú molta an Reifrinn ar fáil ina dhiaidh sin.

Is mar gheall ar an díospóireacht a d’eascair as alt le Bruce Arnold, a tharraing aird ar dheacrachtaí a bhain leis an leagan Gaeilge, a shocraigh an Rialtas foclaíocht nua a lorg.

Ba é tuairim an Aire Dlí agus Cirt, an Ard-Aighne agus Rannóg an Aistriúcháin go raibh an fhoclaíocht Ghaeilge slán mar a bhí ach dúirt an Taoiseach gur shocraigh an Rialtas leagan Gaeilge nua a lorg ar mhaithe le ‘soiléireacht iomlán’ faoi aidhm an leasaithe mholta agus chun go mbeifí dírithe ar ábhar an Reifrinn féin seachas ar cheist na foclaíochta.

Ba iad Rannóg an Aistriúcháin a chuir an leagan nua Gaeilge – leagan níos litriúla – ar fáil, a dúirt an Taoiseach sa Dáil ó chianaibhín.

Fág freagra ar '‘Féadfaidh beirt gan beann ar a ngnéas conradh pósta a dhéanamh de réir dlí’ – foclaíocht nua reifrinn fógartha'

  • Pol Mag Lionain

    Nár ceart go mbeadh ‘inscne’ ann, seachas ‘gnéas’?

  • Fearn

    Nach sinne atá ag dul chun amaidí?

    An fada anois a chuirfeadh Brús Arnod ar ár súile dúinn go bhféadfadh an focal “beirt” bheith in úsáid i dtaca le nithe nach daoine iad?

  • Páid Ó Donnchú

    Pointe mhaith. De réir focal.ie cíallaíon bád beirte “coxless pair “

  • Seán Mag Leannáin

    Maith an fear, a Pháid, is maith liom é sin – bád beirte ‘coxless pair’ !