Scéalta ón gCibearspás

Colún le Maitiú Ó Coimín faoi iontais agus neamhiontais an tsaoil ar líne

Gaelghiolcaire na Seachtaine

Screen Shot 2015-03-20 at 18.56.45Ainm?

@coistenabhfocal (Coiste Focal Nua)

Cé hiad féin?

Foclóir do ghlúin an phitmhaisithe, mar a thugann siad orthu féin. Thosaigh an Coiste ar Twitter ach tá leathanach Facebook acu ó shin agus go deimhin féin tá feachtais dá gcuid le feiceáil sa bhfíorshaol freisin. Cuartaíonn, molann agus cumann Coiste na bhFocal Nua leaganacha Gaeilge d’fhocail agus nathanna nua-aimseartha Béarla.

Céard faoi a mbíonn siad ag giolcaireacht?

Focail nua. Bunaithe ar an ngá, mar a fheictear dóibh, le stór focal a fhreagrós béarlagair agus nuafhocail an idirlín, atá an cuntas seo agus is faoi na focail sin a bhíonn siad ag giolcaireacht den chuid is mó. Bíonn siad tráthúil go maith agus súil acu ar a bhfuil ag tarlú sa saol ar-líne. Mar shampla seachtain ó shin ar “Lá na Iócannaí” (10 Márta nuair a rinneadh an t-uafás drugaí dleathach ar feadh tamaillín) d’eisigh siad an íomhá seo:

  Cén fáth a leanfainn iad?   Mholfadh muid @coistenabhfocal do dhuine ar bith ar spéis leis an Ghaeilge, an tsanasaíocht, forbairt focal nó pleidhcíocht gháirsiúil. Bíonn an cuntas seo greannmhar agus spreagann sé go leor plé ar leaganacha Gaeilge de nathanna áiféiseacha an Bhéarla. Bainfear taitneamh as na moltaí barrúla ar leithéidí twerking (tóinchrith) agus eile. Nod don eolach áfach – is minic a bhíonn an cuntas seo thar a bheith gáirsiúil agus b’fhéidir go ngoillfeadh sé sin ar leantóirí áirithe. Ba mhór an t-easnamh a bheadh i nGaelphobal Twitter murach @coistenabhfocal áfach.  

Giolc na Seachtaine

 

Ba í bean na haimsire TG4 Caitlín Nic Aoidh a chroch giolc na seachtaine seo ar maidin ach níorbh í a thóg an pictiúr draíochta seo.

Fionn Rogers, físeadóir gairmiúil a thóg taobh amuigh dá theach féin in Inis Crabhann i gContae Shligigh.

“Bhí an t-ádh orm dáiríre, bhí mé ag tógáil pictiúr den urú agus chonaic mé an t-éan seo ag tuirlingt ar bharr theach na gcomharsan. Is físghrafadóir gairmiúil mé agus mar sin tá an trealamh ar fad agam. Bhain na lionsaí cuid den ghile den phictiúr agus fágadh agam an íomhá uaibhreach seo mé.

“Ní fhaca muid mórán den urú anseo i Sligeach, bhí sé scamallach ar feadh na maidine agus cheap mé nach bhfeicfeadh muid ar chor ar bith é. Bheadh a fhios agat go raibh rud éigin ag tarlú áfach mar is cinnte go raibh sé i bhfad ródhorcha do leathuair tar éis a naoi ar maidin, fiú dá mbeimis i gcroí an gheimhridh gan chaint ar lár an earraigh,” a dúirt Fionn Rogers.

Ragham amú tamall eile

https://eoinkilbride.com/seanfhocail/seanfhocail.html

Tháinig muid ar an leathanach seo cúpla lá ó shin agus muid ag cuardach rudaí Gaelacha ar líne. Is inneall é a chuireann seanlitriú ar Ghaeilge nua-aimseartha. Labhair Scéalta ón gCibearspás le cruthaitheoir an innill Eoin Kilbride faoina thogra.

“Rinne mé Dé Domhnaigh agus Dé Céadaoin é, ach bhí sé ar intinn agam rud éigin mar seo a dhéanamh le fada. Bhí Lá ’le Pádraig ag druidim linn agus dúirt mé liom féin ‘anois, caithfear é a dhéanamh!’. Mé féin agus cúpla cara a chuir an rud le chéile. Tá suim agam sna rudaí seo; an ríomhaireacht agus an seanchló agus bhí mé ag iarraidh an dá rud a thabhairt le chéile. Rinne mé céim sa Ghaeilge agus sa stair agus ansin iarchéim sna meáin dhigiteacha idirghníomhacha. Ba dheis í seo an códú agus an ríomhaireacht a chleachtadh agus an Ghaeilge a úsáid,” a dúirt Eoin Kilbride.

Tabharfaidh ár léitheoirí faoi deara go bhfuil siombailí aisteacha i gcuid de na “haistriúcháin” seo. Mhínigh Eoin go seasann na siombailí sin do shraitheanna litreacha agus go mbíodh siad coitianta mar ghiorrúcháin san am a chuaigh thart.

“Seasann na siombailí sin do theaglaim litreacha. Ní mé a chum ná a cheap iad ach cheap mé go raibh siad ealaíonta agus theastaigh uaim clár a dhéanamh a d’aistreodh gnáthscríobh chuig na glifeanna sin. D’íoslódáil mé an cló sin, agus is féidir le duine ar bith é a chur ar Word, ach gach uair a bheadh tú ag iarraidh an tsiombail a úsáid bheadh ort dul trí phróiseas casta len í a aimsiú seachas í a scríobh go nádúrtha. Cabhraíonn an clár leis sin,” a dúirt sé.

An chaint sa tsráidbhaile (le Ciara Ní Éanacháin)

Labhair Scéalta ón gCibearspás le Ciara Ní Éanacháin, bean óg chumasach atá an-ghníomhach i saol na Gaeilge ar-líne faoina leathanach cáiliúil Facebook “Memes na Gaeilge”, an Ghaeltacht Dhigiteach agus eile.

Is éard is meme ann (nó méim dar le téarma.ie) ná pictiúr a scaipeann mar a bheadh falscaí ann ar líne agus abairtí gairide barrúla scríofa os a chionn. Seo a leanas na ceithre mhéim is fearr le Ciara:

1100_380358695382576_670175319_n

619 likes 12 Samhain 2012 

https://www.facebook.com/MemesNaG/photos/pb.258676754217438.-2207520000.1426867127./380358695382576/?type=3&theater


379842_463667580385020_1740510278_n

Méim shimplí a bhaineann leas as dátheangachas na tíre seo ar bhealach spraíúil.

228 likes 20 Aibreán 2013

https://www.facebook.com/MemesNaG/photos/pb.258676754217438.-2207520000.1426867127./463667580385020/?type=3&theater


6522_493268210758290_1977949211_n

Idirthéacsúlacht den scoth, déanann an mhéim ‘Forever Alone’ seo tagairt den dán “Colscaradh” le Pádraig Mac Suibhne, a bhí léite ag roinnt leantóirí ar scoil. 

318 likes 14 Meitheamh 2013 

https://www.facebook.com/MemesNaG/photos/pb.258676754217438.-2207520000.1426867113./493268210758290/?type=3&theater


36549_377217992363313_2002715611_n

Simplí agus éifeachtach! 

505 likes 4 Samhain 2012

https://www.facebook.com/MemesNaG/photos/a.259085880843192.62199.258676754217438/377217992363313/?type=1&theater

Méimeanna sa bhfíorshaol! Ag Oireachtas na Samhna 2012 bhuail mé le fear (Conall Dee) gléasta mar Bad Luck Brian. 

Fág freagra ar 'Scéalta ón gCibearspás'