Scéalta ón gCibearspás

Colún le Maitiú Ó Coimín faoi iontais agus neamhiontais an tsaoil ar líne

Scéalta-ón-gCibearspás

Gaelghiolcaire na Seachtaine

Ainm?

@AimsirTG4 (An Aimsir Láithreach TG4)

Cé hiad féin?

Cuntas oifigiúil na mban agus na bhfear aimsire ar An Aimsir Láithreach TG4. Is ó na láithreoirí i mBaile na hAbann a thagann na giolcacha.

Céard faoi a mbíonn siad ag giolcaireacht?

An aimsir, ar ndóigh! Bíonn scéal na haimsire fud fad na tíre á scaipeadh ar an gcuntas ar bhonn rialta. Tá an cuntas an-ghníomhach lena leantóirí freisin agus déanann sé athghiolc ar theachtaireachtaí agus ar ghrianghraif uathu. Bíonn giolcacha freisin aige faoi chláracha ar TG4.

Cén fáth a leanfainn é?

Ar an gcéad dul síos tá an cuntas seo an-mhaith le haghaidh scéala aimsire. Bíonn dornán giolcacha uaidh gach uile lá ar an aimsir agus is iontach an áis í sin don té atá ag iarraidh léargas ginearálta ar aimsir na hÉireann. Freagraíonn sé ceisteanna ó leantóirí freisin maidir le háiteanna ar leith sa tír, má bhíonn an t-eolas aige, agus is deas an nós é sin. Cuirfidh an cuntas seo go mór le saibhreas do chuid Gaeilge ó thaobh na haimsire de. Fágann gach láithreoir a rian féin ar na teachtaireachtaí agus aithneoidh tú na canúintí éagsúla a thagann chun cinn ar laethanta difriúla – tá cuid acu níos canúnaí ná an chuid eile! Is álainn na pictiúir a chrochann an suíomh seo freisin agus feicfidh tú na háiteanna is deise in Éirinn in aon áit amháin.

Giolc na Seachtaine 

Screen Shot 2015-02-20 at 22.27.27

Níor mhaith linn go dtabharfaí an iomarca poiblíochta d’aon dream amháin ar an gcolún seo, ach thaitin an giolc seo ó @logainm.ie (a bhí mar Ghaelghiolcaire na Seachtaine againn coicís ó shin) go mór linn!

Is éard atá ann ná léarscáil gharbh de na háiteacha ar fad a bhfuil an focal “baile” mar chuid dá logainm. Mar is léir ón léarscáil is sna háiteacha a tháinig na Gaill i dtír iontu (Port Láirge, Loch Garman, Baile Átha Cliath, Cionn tSáile srl) a bhfuil an líon is mó “bailte”.

Ragham amú tamall eile

Screen Shot 2015-02-20 at 22.35.54

Foilsíodh an tsraith pictiúr seo (ná bíodh faitíos oraibh, ní bhaineann siad leis an ardteist) den chéad uair ar an suíomh www.collegehumor.com thart ar sé mhí ó shin ach tá sí i mbéal an phobail arís ar líne ar chúis eicínt. Is dóigh go mbaineann sé leis an Lad Bible atá tar éis iad a fhoilsiú in athuair (amhail is gurb iad féin a chum…ach sin scéal eile).

Is cuimhneach le cách, is dóigh, na leabhra “Where’s Wally” nó “Waldo” mar a thugann na Poncánaigh (agus College Humor) air. An sprioc ná an firín beag stríocach a aimsiú i measc slua mór daoine.

Thóg College Humour orthu féin fear a ghléasadh in éadaí Wally agus a chur in áiteachaí éagsúla (ionad siopadóireachta, ar an trá, ag cluiche peile) agus grianghraif a thógáil de. Féadfadh sibh seacht gcinn déag de phictiúir a fheiceáil anseoThaitin an ceann thuas ag an gcluiche peile linne!

An chaint sa tSráidbhaile ar líne

Arís eile bhí seachtain chorraitheach ag na Gaeil. Roimh mheán lae inniu tháinig an scéala chugainn gur éirigh leis an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, sa chás cúirte in aghaidh na gCoimisinéirí Ioncaim agus reáchtáil Conradh na Gaeilge a gComhdháil Idirnáisiúnta ar Chearta Teanga i mBaile Átha Cliath, áit ar fhógair an Feisire Eorpa Liadh Ní Riada go mbeadh sí ag cur suas stailc teanga.

Bhí caint bhríomhar agus bheochta ann faoi na nithe seo uilig ach ba é an comhrá ba theasaí a chuala muid an tseachtain seo ná an ceann a bhí ag Donncha Ó hÉallaithe le hUachtarán Chonradh na Gaeilge Cóilín Ó Cearbhaill ar an gclár Cormac ag 5 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Dúirt Donncha gur theip ar Chonradh na Gaeilge an teanga a shábháil in Éirinn agus go raibh an iomarca ama á chur amú ar an smaoineamh gur féidir an tír ar fad a Ghaelú. Bhí caint freisin ar an éileamh a rinne an Dochtúir Pádraig Ó Laighin ag Comhdháil Chonradh na Gaeilge go gcuirfí deireadh le maolú na Gaeilge san Aontas Eorpach. D’easaontaigh Donncha go láidir leis an tuairim seo mar a mhínigh sé i dtrácht a d’fhág sé faoi scéal Tuairisc.ie ar Facebook:

‘Is de bharr éilimh mar seo, nach dtógtar dáiríre ceist cearta na Gaeilge. Níos measa ná sin, tugann éileamh mar seo an bata do lucht ár gcáinte. Níl státchóras na tíre seo in ann freastal ar cainteoirí Gaeilge sa nGaeltacht tré Ghaeilge ach tá an éileamh seo ag iarraidh ar institiúdaí na hEorpa comhionannannas a thabhairt don Ghaeilge san Eorap le teangacha oifigiúla eile, le go mbeidh níos mó airgid a chur amú ag aistriú cáipéisí go Gaeilge nach léifear. Ag an am céanna, tugadh Project Maths isteach sna scoileanna gan aon teacsleabhar i nGaeilge ar fáil len’ é a mhúineadh. Tá ár bpríorachtaí bun os cionn uilig más comhionannas don Ghaeilge le teangacha oifigiúla eile an AE an gníomh suntasach atá muid ag cuartú mar chomóradh ar 1916,’ a dúirt sé.

Tá muide, Scéalta ón gCibearspás, den tuairim go gcaithfear an dá thrá a fhreastal agus go bhfuil an dá chath chomh tábhachtach céanna. Mura mbeidh aitheantas idirnáisiúnta ag an teanga, ní bheidh aitheantas náisiúnta aici – déarfar gur cuma faoin nGaeilge toisc nach féidir tada a dhéanamh léi taobh amuigh d’Éirinn.

Agus mura mbeidh aitheantas náisiúnta aici, ní bheidh aitheantas idirnáisiúnta aici. Ar ndóigh, ní bheadh an Ghaeilge ina teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh murach alt a hocht de Bhunreacht na hÉireann a shonraíonn mar phríomhtheanga oifigiúil an Stáit í.

Fág freagra ar 'Scéalta ón gCibearspás'

  • Páid Ó Donnchú

    “Mar is léir ón léarscáil is sna háiteacha a tháinig na Gaill i dtír iontu (Port Láirge, Loch Garman, Baile Átha Cliath, Cionn tSáile srl) a bhfuil an líon is mó “bailte”.”

    Hmm…. Aon bhunús eolaíochta a dtacaíonn leis an tuairim sheo?