Scéalta ón gCibearspás

Colún le Maitiú Ó Coimín faoi iontais agus neamhiontais an tsaoil ar líne

Scéalta ón gCibearspás 2

Gaelghiolcaire na Seachtaine

Screen Shot 2015-02-13 at 17.44.39Ainm?

@AineEibhlin (Áine Ní Bhreisleáin)

Cé hí féin?

Iriseoir teilifíse atá lonnaithe i nGaoth Dobair – gealgháireach agus lán spraoi.

Céard faoi a mbíonn sé ag giolcaireacht?

Baineann go leor de ghiolcacha Áine lena cuid oibre mar iriseoir le Nuacht TG4 i gCúige Uladh agus bíonn scéalta suimiúla á scaipeadh aici gach lá. Anuas air sin, áfach, tá scil aici sa ghrianghrafadóireachat freisin agus is minic pictiúir áille de thírdhreach Thír Chonaill a bheith crochta aici. Ar ndóigh, ní cuntas oibre é seo agus is iomaí ábhar cainte agus comhrá ag Áine le húsáideoirí eile.

Cén fáth a leanfainn é?

Ní mór don té a bhfuil spéis aige i nGaeltacht Thír Chonaill agus ina hoidhreacht Áine a leanacht mar tá neart eolais aici ar a ceantar dúchais. Agus thairis sin, tá an chraic ar Áine, tá féith mhaith ghrinn inti agus bíonn rudaí spéisiúla le rá aici. Tá sí béasach le húsáideoirí eile agus sásta páirt a ghlacadh i gcomhráite fada seafóideacha – céard eile a bheadh uait?

Giolc na Seachtaine

Ba é an scéal spéisiúil a d’fhoilsigh Nós.ie inné faoi shuíomh www.cuplafocal.ie  a spreag giolc na seachtaine seo (agus b’fhéidir giolc na bliana!) ó @aonghusoha.

Mar a tuairiscíodh in Nós, bhainfí geit as an té a chuardódh “cúpla focal” ar líne – suíomh ar a bhfuil ailt le léamh faoi bhréagáin ghnéis is ea cuplafocal.ie! Ina fhreagra ar

Bhain freagra Aonghusa gáire as Scéalta ón gCibearspás!

Ragham amú tamall eile…

D’eisigh TG Lurgan físeán (cineál) nua an tseachtain seo caite. ‘Fanfaidh Mé Ortsa’ a thug siad ar an leagan Gaeilge seo de ‘I Will Wait’ le Mumford and Sons. Ní hé seo an chéad uair a rinne an coláiste Gaeilge in Indreabhán a leagan féin d’amhrán de chuid an bhanna sin. Thiar in 2010 a d’eisigh siad ‘A Laoich Bhig’ nó ‘Little Lion Man’.

An fáth a ndeirim go bhfuil an físeán seo ‘cineál’ nua ná go ndearnadh é a thaifead sa bhliain 2013 –  ar an oíche chéanna a rinneadh taifead ar an leagan clúiteach de ‘Wake Me Up’ nó ‘Avicci vs Lurgan’. Ba é an t-amhrán sin a tharraing aird an domhain mhóir ar iarrachtaí TG Lurgan den chéad uair agus ó shin i leith tá an coláiste ag dul ó neart go neart. Tá an físeán seo go deas mar feictear an ann an coláiste sula raibh an oiread sin cáile bainte amach aige, Tá baill den bhanna ceoil Seo Linn le feiceáil ann chomh maith sular tháinig an banna le chéile i gceart cúpla mí i ndiaidh Avicii. Labhair Tuairisc.ie le Jenny Ní Ruiséil, stiúrthóir an chóir i 2013, faoin bhfíseán nua agus chuireamar ceist uirthi cén fáth a raibh an oiread sin moille idir taifead agus eisiúint an fhíseáin.

“Rinne muid ar an oíche chéanna é is a rinne muid Avicii, agus nuair a chuaigh Avicii amach bhí sé chomh mór sin go raibh muid ró-ghnóthach rud ar bith eile a dhéanamh ar feadh cúpla lá ina dhiaidh sin. Nuair a thosaigh muid ag obair air, bhí cúpla fadhb againn leis an bhfuaim agus leis an bhfíseán a thaifeadadh. Bhí sé an-deacair an dá rud a chur le chéile. Níor éirigh linn agus d’fhág muid ar leataobh é ar feadh cúpla mí ach ansin bhí bliain imithe tharainn agus tháinig muid air arís. D’oibrigh muid air agus rinne muid é a dheisiú. Bhí sé deacair, cailleadh cuid den fhíseán ach rinne muid ár ndícheall agus tá muid an-sásta leis an bhfuaim anois,” a dúirt Jenny Ní Ruiséil.

An Chaint sa tSráidbhaile ar líne

Níl aon cheist ann ach gurbh é scéal Tuairisc.ie faoi ‘phorn Gaeilge’ ar YouTube an scéal Gaeilge ba mhó i mbéal an phobail an domhain le seacht lá anuas ach cé gur bhain an pobal Béarla (agus Indoinéisise/Coiréise/Ungaraise…) fad as an scéal bhí rudaí i bhfad níos tábhachtaí ag déanamh tinnis don Ghael. Ag tús na seachtaine, d’fhoilsigh Conradh na Gaeilge torthaí a bpobalbhreithe ar an nGaeilge. Labhair Ard-Rúnaí an Chonartha Julian de Spáinn le George Hook i mBéarla futhú, labhair Aodhán Ó Deá le Cormac @ 5 futhú agus foilsíodh i gcló iad ar Tuairisc.ie tráthnóna Dé Luain. Ní raibh an dea-scéal go bhfuil formhór na tíre i bhfabhar seirbhísí stáit i nGaeilge againn ach lá nuair a sheol an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta Carál Ní Chuilín an próiséas comhairliúcháin do Bhille na Gaeilge i dTuaisceart Éireann.

Bhí gliondar croí ar go leor daoine, thuaidh agus theas, ach meabhraíodh dúinn chomh maith gurb é seo an triú próiséas comhairliúcháin den chineál seo. Bímis ag súil go mbeidh toradh níos fearr ar an gceann áirithe seo ó tharla go bhfuil an tAire Cultúir féin an-bháúil don teanga.

Beidh le feiceáil cén toradh a bheas ar an scéal nuair a thiocfas deireadh leis an bpróiséas comhairliúcháin i mí Bhealtaine.