Scéalta ón gCibearspás…(straoiseoga, Chris and Dave, Gaeilge na hArdteiste ar Twitter)

Colún le Maitiú Ó Coimín faoi iontais agus neamhiontais an tsaoil ar líne

Scéalta-ón-gCibearspás-2

Giolc Pictiúr na Seachtaine

straoiseoga

Tá an pictiúr seo ar crochadh i gcúpla áit ar líne faoin am seo. Rinne muid ár ndícheall a fháil amach cé an duine a chuir le chéile an chéad lá é ach tá teipthe orainn é sin a dhéanamh go dtí seo. Is é Seán Ó Riain a chroch ar an leathanach Facebook Gaeilge Amháin é inné agus is ann a chonaic formhór na ndaoine é.

Tá go leor cainte sna meáin, idir Ghaeilge agus Bhéarla agus gach teanga eile ar domhan, ar straoiseoga. Táthar ann a chreideann gur teanga ar leith í ‘teanga na straoiseog’ agus tá díospóireacht agus plé teasaí ar mhórbhlaganna gramadaí agus focleolaíochta an Bhéarla ar an ábhar sin.

Is maith linn go bhfuil liosta ainmneacha Gaeilge do chuid de na straoiseoga atá in úsáid ar Facebook – cabhróidh sé leis an nGaeltacht Dhigiteach agus cuirfidh sé le líofacht an aosa óig ar ábhar a thaitníonn leo.

Ragham amú tamall eile…

Bhí Daithí Ó Gallchóir ó ‘Chris and Dave’ ag caint le Scéalta ón gCibearspás i mí an Mhárta nuair a d’eisigh siad a leagan Gaeilge de ‘Thinking Out Loud’ le Ed Sheeran (a bhfuil níos mó ná 36,698 radharc aige ar YouTube). Dúirt sé linn an uair sin go raibh sé ag súil le hamhrán de chuid Jason Mraz a chur i nGaeilge agus a thaifead. Rinne na leaids beart de réir a mbriathair agus trí mhí níos deireanaí tá leagan álainn den amhrán ‘I Won’t Give Up’ déanta acu.

Seo an dara físeán Gaeilge atá déanta ag an mbeirt fhear óga agus tá súil againn nach é an ceann deiridh é ach an oiread.

An Chaint sa tSráidbhaile ar líne…

Ní fhéadfadh muid an tseachtain seo a scaoileadh tharainn gan trácht a dhéanamh ar ar Ardteist agus an scrúdú Gaeilge a bhí ar siúl ag tús na seachtaine. Ar ndóigh, a luaithe is a bhí na pinn leagtha óna lámha acu, bhí na fóin chliste pioctha suas ag daltaí na hArdteiste agus iad ag giolcaireacht leo faoi pháipéar 1 agus 2.

Ba é an trua nach raibh níos mó Gaeilge le feiceáil ar Twitter an lá sin ach is í ár dtuairim gur cromtha ar na leabhra ag dianstaidéar do na scrúduithe eile a bhí na daltaí Gaeltachta agus Gaelscoile nuair a chríochnaigh an scrúdú Gaeilge…

Mar is iondúil, ba leis an gcluastuiscint a cuireadh tús leis an scrúdú agus tuairimí éagsúla ann faoi cé chomh maith is a bhí sí. Bhí cúpla duine a cheap gur aithin siad duine de na glórtha ar an téip scrúdaithe – ach cé a bhí ann? Gollum? Dobby? Nó fear beag eile…?

Ach bhí réiteach na ceiste ag Mike Finnerty, a chuaigh ag tochailt i gcartlann Choimisiún na Scrúduithe Stáit agus a tháinig ar íomhá uathúil den fhear é féin.

Faraor géar, níor thaitin duine de na cainteoirí le roinnt mhaith daoine. Ba í canúint na Mumhan a chur mearbhall orainne nuair a rinne muid an scrúdú sa bhliain 2009 ach is minic a chaitear go dona le glór an tuaiscirt san Ardteist agus samhlaítear é mar an glór is deacra le tuiscint ar an scrúdú ar fad. Ní dóigh linn go bhfuil eolas an ghiolca seo cruinn…


Ba í an cheapadóireacht an chéad rud eile ar an gclár agus ba sna drugaí agus san alcól a fuair roinnt mhaith daoine a sólás le linn na scrúdaithe

D’éirigh le Lara Grufferty cúpla téama mór a shníomh le chéile go cliste ina cuid scríbhneoireachta.


Agus tharraing Katie McMahon ar thobar a taithí féin agus í i mbun pinn

Bhain páipéar 2 geit as daoine a raibh ábhar ar leith ullmhaithe acu agus gan súil acu le ceisteanna a bhí ar an bpáipéar céanna anuraidh. Ceacht tábhachtach do mhúinteoirí gan dul i muinín lucht tuartha teiste!


Ba é Oisín i dTír na nÓg agus an sárleabhar Hurlamaboc a cuireadh faoi bhráid na ndaltaí ar lá na cinniúna agus ní mó ná sásta a bhí Hannah le Lisín agus Oisín!

Ar ndóigh, ní hé chuile dhuine a bhí míshásta leis an scrúdú:


Ach chonaic muid cúpla rud a chuir an-imní go deo orainn faoi thodhchaí na tíre seo…