Scéal phardún iarbháis Mhaolra Seoighe á scaipeadh ar fud na cruinne

Tá suim mhór á cur ag na meáin ar fud an domhain i gcás Mhaolra Seoighe ar thug Uachtarán na hÉireann pardún iarbháis dó an tseachtain seo, 136 bliain ó crochadh san éagóir é

Scéal phardún iarbháis Mhaolra Seoighe á scaipeadh ar fud na cruinne

Tá scéal phardún iarbháis Mhaolra Seoighe á scaipeadh ar fud na cruinne agus tuairiscí faoi phardún an Uachtaráin agus an clár Murdair Mhám Trasna foilsithe ag seirbhísí nuachta ar fud an domhain.

I measc na dteangacha inar foilsíodh scéalta faoi chás an tSeoighigh agus dúnmharuithe Mhám Trasna tá an Rúisis, an Indinéisis agus an t-iliomad teangacha Eorpacha.

Bhí go leor faoin bpardún iarbháis a tugadh do Mhaolra Seoighe Dé Céadaoin ar na meáin chraolta chomh maith, agus bhí, mar shampla agallamh faoin scéal ag ceann de mhórchláracha raidió an BBC, BBC World, le Seán Ó Cuirreáin, údar an leabhair Éagóir, ar a bhfuil an scannán faisnéise Murdair Mhám Trasna bunaithe.

Tuigtear chomh maith go bhfuil sé i gceist ag an New York Times gné-alt nuachta faoin gcás a fhoilsiú sna laethanta amach romhainn.

Shínigh Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn barántas Dé Céadaoin chun pardún a thabhairt do Mhaolra Seoighe ar crochadh san éagóir as dúnmharuithe Mhám Trasna i 1882.

Fág freagra ar 'Scéal phardún iarbháis Mhaolra Seoighe á scaipeadh ar fud na cruinne'

  • Sorcha B

    Seo chugaibh an t-alt san New York Times, 6 Aibreán:
    ”Hanged after a trial he couldn’t understand, and pardoned 136 years later”
    https://nyti.ms/2GHGpD2