Rinne mé cur síos an tseachtain seo caite ar thábhacht Chorn an tSamhraidh i stair an tsacair i nDún na nGall. Bhíodar chomh hiomráiteach céanna trasna na teorann agus ní raibh mórán baile beag ansiúd ach an oiread arbh fhiú an t-ainm sin a thabhairt air nach mbíodh ceann ar siúl ann le linn an tséasúir sin.
Níos minice ná a chéile ba phobal nó eagraíochtaí forbartha pobail a bhíodh i mbun eagair, na sluaite i láthair agus de réir a chéile an duaischiste do na buaiteoirí ag méadú é féin nó go dtáinig an lá go mbíodh suas le €40,000 in airgead an lae inniu le fáil acu.
Ba é an Kennedy Cup i mBun an Phobail an ceann ba mhó le rá i nDún na nGall agus ceann a bhíodh ar an Ómaigh an comórtas ab iomráití sa Taobh ó Thuaidh.
Le himeacht aimsire thosaigh cuid de na peileadóirí ab iomráití in Éirinn agus in Albain ag cur foirne isteach ar na comórtais. Sa mbliain 1957 bhain foireann a bhfuil Tigers Chaoldroma orthu babhtaí leathcheannais Chorn Bhun Cranncha agus cúigear imreoirí idirnáisiúnta de chuid na hAlban ar an bpáirc acu, Pat Crerand agus Charlie Tully ina measc. D’imir Tully os cionn 300 cluiche do na Ceiltigh agus Crerand 120 cluiche sula ndeachaigh sé go Manchester United i 1963.
Thart ar an am sin bhí sagart darbh ainm Jack Gillen ina shagart i bparóiste nua in áit a bhfuil An Carn Fionn air, siar ó thuaidh ó Motherwell nó Tobar na Máthar. Bhí an t-uafás Éireannach tagtha isteach sa gceantar ó lár na 1950idí agus séipéal nua Naomh Treasa á thógáil ann.
Tráth ab ea é nuair a bhíodh pingeacha gann i gcónaí.
Ba as Bun an Phobail an tAthair Gillen agus é eolach to maith ar an gcaoi a raibh an duaischiste a bhain leis na Coirn Samhraidh ag dul i méid. Chuir sé roimhe foireann a chur le chéile a bhuafadh an Kennedy Cup ina bhaile dúchais agus an Batisti Cup ar an Ómaigh. Charnódh sin thart ar €40,000 in airgead an lae inniu agus chuirfeadh straidhp de dhíon maith slinne ar aon séipéal in Albain.
Ach b’éigean don Athair Jack a phlean a choinneáil faoina hata go fóilleach mar go raibh iriseoirí agus nuachtáin ag tabhairt faoi deara go raibh scéal ag baint leis na peileadóirí cáiliúla seo a bhíodh ag teacht thar sáile, idir dhá shéasúr – gur dóigh gur gan cead a gcuid clubanna a bhíodar á dhéanamh siúd.
Bhí ainm na foirne roghnaithe ceart go leor ag an Ath. Jack, Carfin Emeralds, foireann imreoirí Caitliceacha a bhí ar a aithne agus ag imirt i Sraith na hAlban. Ghlac sé staidéar mar sin féin mar go raibh Cumann Peile [FA] na hAlban ag iarraidh faoi dheireadh stop a chur le haon imirt nach raibh cead tugtha acusan di.
Sa mbliain 1958 agus buíon peileadóirí Albanacha ar saoire ar an Costa Brava, thosaigh siad ag imirt cluichí dúshláin in aghaidh fhoirne Spáinneacha agus leath d’airgead an gheata le fáil ag chaon dream.
Cuimhnigh ag an am gur tuarastal laghdaithe a bhíodh imreoirí sacair a fháil sa samhradh agus na comórtais oifigiúla críochnaithe.
D’imir captaen na Lisbon Lions, Billy McNeill i gceann acu i 1961 agus é sásta go maith nach sroichfeadh an scéal faoi chluiche suarach a imríodh ar pháirc bheag leath bealaigh idir Girona agus Barcelona ardoifig FA na hAlban. Níor chuir sé san áireamh an tAlbanach a bhí ag an gcluiche lena cheamara, a sheas isteach i bpictiúir leis an bhfoireann agus ar fhilleadh abhaile dó a dhíol an scéal agus na grianghraif leis na nuachtáin.
Gearradh fíneáil £50 an duine orthu siúd a bhí páirteach – breis agus pá míosa ag an am.
Chinn ar na hiarrachtaí ba thúisce a thug na Emeralds agus Fr. Gillen leis na cupáin a thabhairt abhaile leo as an Ómaigh agus as Bun an Phobail. Sa mbliain 1962 bhí duine de na peileadóirí ba cháiliúla a d’imir le Glasgow Celtic riamh Jimmy ‘Jinky’ Johnson ar dhuine de na Emeralds, más fíor. A fholt rua gruaige i mbréagriocht ag canna snas bróg, cé nár bhuaigh a fhoireann, ba faoi a bhí an chaint ar fad – ní raibh teach i mBun an Phobail nár bhuail bainisteoir Chathair Doire ar a dhoras go dtairgfeadh sé conradh imeartha dó. Gan a fhios aige go raibh an t-ógánach 16 bliain le ceann a shíniú leis na Ceiltigh faoi cheann cúpla mí, nuair a bheadh an aois aige.
Faoin am a dtáinig 1964 bhí an sagart agus a chomhrógairí thar a bheith oilte ar bheithé a dhéanamh d’aon duine a bheadh ag iarraidh ainm a chur orthu.
Bhí an lá ann nuair ba í an bád farantóireachta an modh taistil a chleachtadh siad – anois thógadar foscadh ón bpobal ar eitleáin agus i seomraí feithimh a bhí gardáilte go maith.
Fós féin le himeacht aimsire, is cosúil nach raibh oiread sin fonn ar na Emeralds athrú a chur ar a gcuma agus a bhíodh roimhe. Níor chuireadar aon bhac ar ghrianghrafadóirí a bpictiúir a thógáil i 1964 mar a rinne dhá bhliain roimhe, tráth ar thuairisc duine de na ceamaradóirí gur ionsaíodh é.
B’fhíor go raibh féasóga nó locaí bréige ar chuid acu agus corrmhasc, ach ag aon tráth ina gcuid staire níor facthas ainmneacha priontáilte in aon áit. Sa tuairisc ar an imirt sa Donegal Democrat i 1964, tá an réiteoir agus cúpla duine den fhoireann a d’imir ina gcoinne i gcluiche ceannais 1964 luaite – Manchester Athletic, ach níl duine amháin féin de chuid na Emeralds sa tuairisc.
Deirtear go mba imreoirí as an gcumann amaitéarach ab fhearr i Sasana ag an am, Bishop Auckand, a bhí ar fhoireann Athletic ach ba bheag, an ghaire a bhí acu ar Carfin a bhuaigh 7-3.
Bhí an sagart Gillen sásta mar a bhí lucht eagair chomórtais a bhaile dhúchais. Idir 1961 agus 1964 tháinig méadú ar lucht féachana an Kennedy Cup ó 10,000 duine go 20,500.
D’fhill foireann na dtaibhsí ar an mbaile ar an mbealach ciúin, rúnda céanna agus a d’fhágadar. D’fhógair an Daily Record lá arna mhárach:
“With imitation beards and false noses tucked away in their travelling cases, Carfin Emeralds arrived home last night. The phantom footballers flew back to Renfrew after taking part in an Irish soccer tournament. As some of the team climbed inti a minibus to return to the villages of Carfin and Newarthill, Lanarkshire, they were accompanied by 21 year old John Dillon, former left-winger with Brighton and Sunderland. He said: “Me play with the team? I’ve never heard of it.”
Faraor ní raibh tuairisc an scéil seo agam nuair a chaith mé seachtain thaitneamhach i mBun an Phobail i mí Lúnasa seo caite. Tá ceannáras nua anois ag cumann sacair na háite cúpla céad méadar ar an taobh eile den bhóthar ón áit ar imríodh cluichí móra an Kennedy Cup atá i gceist anseo. Is leo an Bay Field i gcónaí, foirne faoi aois an chumainn is mó a bhaineann úsáid anois as an áit nach Oíche Shamhna amháin ann a thugadh amach na mascanna, na créachtaí oscailte agus na foilt bhréige.
Fág freagra ar 'Scéal na Carfin Emeralds, foireann faoi bhréagriocht an Athar Jack'