Scéal lánúin Ghaelach a d’uchtaigh deartháir agus deirfiúr a bhí scartha óna chéile le hinsint i gclár nua RnaG

Sa chlár Ár bPéire, cuireann Áine Máire agus Domhnall Ó Néill, atá ag tógáil a gclann as Gaeilge in iarthar Bhéal Feirste, síos ar an phróiseas uchtaithe

Scéal lánúin Ghaelach a d’uchtaigh deartháir agus deirfiúr a bhí scartha óna chéile le hinsint i gclár nua RnaG

Craolfar clár faoi lánúin Ghaelach i mBéal Feirste a d’uchtaigh deartháir agus deirfiúr a bhí scartha óna chéile ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an Nollaig seo.

Sa chlár Ár bPéire, cuireann Áine Máire agus Domhnall Ó Néill, atá ag tógáil a gclann as Gaeilge in iarthar Bhéal Feirste, síos ar an phróiseas uchtaithe agus ar na deacrachtaí a bhí acu roimhe sin páistí a bheith acu.

Ábhar “rúnda” agus “príobháideach” a bhíonn sna deacrachtaí a bhíonn ag lánúin páistí a thabhairt ar an saol, a deir Áine Máire, a chuaigh trí dhá bhabhta IVF agus a chaill triúr leanaí.

Cuireann Áine Máire, arb as Tír Eoghain ó dhúchas di, síos sa chlár ar an lorg a d’fhág na babhtaí IVF sin ar a corp, ar an bhriseadh croí agus brón “millteanach” a bhí uirthi nuair a chaill sí leanbh agus ar an chinneadh a rinne sí féin agus Domhnall páistí a uchtú.

Tugtar léargas sa chlár, a taifeadadh nuair a bhí an teaghlach ar fad i nGaeltacht Dhún na nGall an samhradh seo caite, ar an phróiseas “fada” uchtaithe inar éirigh le hÁine Máire agus Domhnall beirt pháistí óga, deartháir agus deirfiúr dhá bhliain agus trí bliana d’aois, a uchtú.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt an craoltóir de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta, Dónall Mac Ruairí, léiritheoir Ár bPéire, gur insint “ionraic” atá sa chlár ar “scéal tábhachtach a léiríonn cuid de na deacrachtaí a bhíonn ag lánúin nuaphósta”.

“Go leor daoine nuair a phósann siad is mian leo teaghlach a bheith acu. Ní trí scil ar bith atá agamsa a insítear an scéal seo ach trí Dhomhnall agus Áine Máire a bhí ábalta scéal s’acusan agus deacrachtaí s’acusan a roinnt linn go hionraic.

“Cuireann siad síos ar an fhulaingt ar fad a bhain le bheith torrach agus ag dréim agus an leanbh a chailleadh, ar an phróiseas IVF agus ar na rudaí cruálacha gur féidir le daoine a rá le lánúin nua-phósta,” ar sé.

Scéal “fíorspreagúil” a bhí ann, dar le Mac Ruairí, a thug “deis do dheartháir agus deirfiúr a bhí scartha óna chéile, aithne a chur ar a chéile arís”.

Ag tagairt dó do chaidreamh Dhomhnaill agus Áine Máire, dúirt Mac Ruairí gur “dea-shampla galánta iad do dhea-chumarsáid”, rud a thagann chun cinn go mór sa chlár.

“An comhrá agus an díospóireacht a rinne siad thar na blianta nuair nach raibh ag éirí leo páistí a bheith acu. Am cinniúnach é sin agus am é go dtig leis caidreamh a scrios. Is iomaí pósadh ar theip air dá bharr sin ach rinne caidreamh Áine Máire agus Dhomhnaill níos láidre.

Dúirt Mac Ruairí go raibh súil aige go spreagfadh scéal Áine Máire agus Dhomhnaill lánúineacha eile le smaoineamh ar uchtú.

“Tá páistí amuigh ansin nach bhfuil cúram maith á thabhairt díofa, agus thiocfadh le scéal Áine Máire agus Dhomhnall a bheith mar inspioráid ag daoine páistí a uchtú,” a dúirt Dónall Mac Ruairí, léiritheoir an chláir.

Craolfar Ár bPéire Dé hAoine, 3 Eanáir, ag 11 am ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Scéal lánúin Ghaelach a d’uchtaigh deartháir agus deirfiúr a bhí scartha óna chéile le hinsint i gclár nua RnaG'