Scéal dea-scríofa cumasach a choinníonn ar bís sinn ó thús go deireadh

Is é Na hÍobairtí Óghaim, an chéad imleabhar de shraith nua dar teideal Na Draoithe, atá foilsithe ag Dalen Éireann agus aistrithe go paiteanta go Gaeilge ag Eoin P Ó Murchú

Scéal dea-scríofa cumasach a choinníonn ar bís sinn ó thús go deireadh

Na Draoithe, 1 Na hÍobartaigh Oghaim
Jean-Luc Istin
Aistrithe go Gaeilge ag Eoin P. Ó Murchú

Go dtí le deireanas ba thearc go leor é líon na n-úrscéalta grafacha i nGaeilge ach le tamall anuas tá an chuma ar an scéal go bhfuil an taoide ag casadh. Fáilteofar mar sin roimh Na hÍobairtí Óghaim, an chéad imleabhar de shraith nua dar teideal Na Draoithe, atá foilsithe ag Dalen Éireann agus aistrithe go Gaeilge go paiteanta ag Eoin P Ó Murchú.

Is foilseachán den chaighdeán is airde é seo ó pheann oilte Jean-Luc Istin, duine de na húdair is mó cáil i réimse na n-úrscéalta grafacha Ceilteacha. Scríobhadh é i gcomhar leis an údar Briotánach Thierry Jigourel, agus leis an maisitheoir cáiliúil Ceanadach Jacques Lamontagne. Sníomhtar finscéalta Ceilteacha, béaloideas agus gnéithe den traidisiún liteartha le chéile chun scéal den scoth a chruthú dúinn agus cuireann na léaráidí tarraingteacha barr feabhais ar an saothar.

Tá an scéal féin suite ar imeall Ceilteach na hEorpa sa chúigiú haois .i. Ré na Naomh, aois lán athruithe ag deireadh ré na hlmpireachta Rómhánaí agus dianchoimhlint ar bun idir an cultúr págánach agus an creideamh Críostaí. Mar a deirtear sa réamhrá tá fianaise ann gur tháinig athbheochan ar chreideamh na ndraoithe go díreach ag an am a raibh na naoimh Cheilteacha i mbun briathar Dé a scaipeadh thar chríocha fairsinge. Cruthaíonn sé seo cúlra inchreidte don eachtra agus is follas tuiscint dhomhain a bheith ag an údar ar an tréimhse staire sin. Tosaíonn cúrsaí sa Bhriotáin agus tugtar cuairt ansin ar chóstaí na hÉireann agus na Breataine.

Tá an Eaglais Chríostaí Cheilteach nua faoi bhláth in Armarc na Briotáine, a cuid manach ag seasamh in éadan an Phápa fad atá creideamh na bpágánach ag dul ar gcúl. Ach níl deireadh fós le traidisiúin ársa na gCeilteach. Tá Fionnalán, duine de na Draoithe deireanacha, sáite i gcath rúndiamhrach in éadan manaigh naimhdeacha a chuireann constaicí go leor roimhe. Tá líomhaintí faoi bharbarthacht, íobairtí daonna agus asarlaíocht le cloisteáil go rábach, ach seasann na seandéithe fós leo sin a chreideann iontu.

Castar an iliomad carachtar orainn le linn an scéil agus is maith ann mar sin an treoir ar deireadh a mhíníonn cé hiad féin agus na háiteanna a luaitear leo.

Gné neamhghnách den leabhar ná an iarracht a rinne na húdair ar nathanna ón nGaillis a athbheochan. Ba í sin teanga ársa Cheilteach na Gaille a bhí imithe ar gcúl faoi dheireadh na tréimhse Rómhánaí. Mínitear na blúirí sin ag bun an leathanaigh nuair is gá.

Scéal dea-scríofa cumasach é Na hÍobairtí Oghaim a choinníonn ar bís sinn ó thús go deireadh agus b’fhiú go mór don léitheoir Gaeilge nach bhfuil cleachtadh aige/aici fós ar an genre seo léitheoireachta dul sa seans agus triail a bhaint as.

Tá an tsraith dírithe ar léitheoirí 15+ toisc go bpléitear roinnt téamaí fásta ann agus ba chóir go mbeadh sé mealltach do dhaoine ar chumais éagsúla teanga, chomh maith le léitheoirí drogallacha.

Foilseachán tarraingteach snasta é seo a bhfuil céad leathanach ar fad ann agus leanfar den tsraith go luath leis an gcéad imleabhar eile dar teideal, Altóir na Cinniúna. €15.95 a luach.

 

Fág freagra ar 'Scéal dea-scríofa cumasach a choinníonn ar bís sinn ó thús go deireadh'

  • Bríd

    “Tá an Eaglais Chríostaí Cheilteach nua faoi bhláth in Armarc na Briotáine, a cuid manach ag seasamh in éadan an Phápa”

    ‘An Eaglais Chríostaí Cheilteach’ – rud nach raibh ann ariamh. “Ag seasamh in éadan an Phápa” – aríst rud nár tharla agus taispeánann litreacha Columbáin Naofa chun an Phába gur caitlicigh dhílise iad críostaithe na tíre seo ag an am seo!