Scéal an Chiarraígh dheisbhéalaigh a mheall caint ó lucht leanta an Trumpaigh

Ó Chathair Saidhbhín go Teach na Comhdhála – b’in an t-aistear a bhí faoi chaibidil ar chlár faisnéise faoin iriseoir Donie O’Sullivan

Scéal an Chiarraígh dheisbhéalaigh a mheall caint ó lucht leanta an Trumpaigh

Um an dtaca seo anuraidh dhein lucht leanúna Donald Trump ionradh ar Theach na Comhdhála in Washington DC. Cad é uafás, fáisceadh lámh agus síneadh méire. Bhí fear talmhaí, deisbhéalach ó Chiarraí Theas i lár an aonaigh ag tuairisciú do CNN. 

Bhí ainm Donie O’Sullivan in airde roimhe seo agus é sa tóir ar lucht leanta Trump agus ag cíoradh na mífhaisnéise, ach dhein eachtraí míchlúiteacha an lae úd é a raideadh i lár an aonaigh, anseo ag baile ach go háirithe. 

Ní cheart i gcónaí don iriseoir a bheith i lár an aonaigh ach tá Donie Chathair Saidhbhín neadaithe i scioból samhlaíochta an phobail abhus agus b’in ba chúis leis an gclár faisnéise Donie O’Sullivan: Capitol Man (RTÉ 1, Dé Máirt).  Níl aon dabht ná go raibh rian de shodar i ndiaidh na bPoncánach ag baint leis an gcúram. 

An tÉireannach chomh sásta le píobaire mar go bhfuil duine dá chuid féin tar éis a chóta bán a dhéanamh thar toinn. Ina dhiaidh sin féin ba chlár taitneamhach, suimiúil é seo a thug cuntas ar conas a ráiníonn gur Ciarraíoch atá ag cíoradh na mífhaisnéise do CNN. Is cinnte go bhfuil dúthracht, díograis agus cumas an tSúilleabhánaigh le moladh mar aon lena fhonn gach deis a tháinig ina threo a thapú. 

Insíodh dúinn gur chaith sé tréimhse ag obair i mBéal Feirste agus gurbh é a phost le Storyful, an comhlacht a chuir Mark Little ar bun le cruinneas ábhar ós na meáin shóisialta a chinntiú, a sheol ar bhóthar a leasa é. D’imigh sé ó Bhaile Átha Cliath go hoifig Storyful i Nua-Eabhrac agus as sin go CNN. Tá’s ag madraí na tíre cad a tharla ina dhiaidh sin. 

Deineadh dreasanna cainte anseo lena mhuintir i gCiarraí Theas agus iad ar fad an-bhródúil as an méid atá bainte amach aige agus tugadh léargas ar a mheon agus a óige. 

Bhí dhá shnáithe eile ag baint leis an scéal agus is mó spéis a cuireadh iontu sin cé nár cíoradh iad chun mo shástachta. D’admhaigh Donie gur bhuail taom imní agus dúlagair é fad is a bhí sé i mBéal Feirste agus b’éigean dó filleadh ar an bhfód dúchais le teacht chuige féin. 

Tá a chrógacht le moladh as labhairt faoin ábhar goilliúnach seo ach bhraitheas nach bhfuaireamar ach cuid bheag den scéal.

Theastaigh uaim a thuilleadh a chloisint faoina chuid oibre le CNN, stáisiún nach bhfuil saor ó cháineadh. Níor labhair sé an oiread sin faoina eispéiris le lucht tacaíochta Trump agus é á leanúint timpeall na tíre agus ní raibh aon léargas nua uaidh maidir leis an ionradh ar Theach na Comhdhála.

Earcaíodh meitheal bhreá cloigne cainte; Mark Little, Samantha Barry, Malachy Browne, John King agus daoine eile nach iad ó CNN go Ciarraí Theas. 

Amhail Cher is Madonna is Jacko is Maurice, tá aithne ag cách ar an Súilleabhánach óna chéad ainm. 

Ábhar bróid é an Ciarraíoch umhal caithiseach seo agus is doicheallach an duine a bheadh ag maíomh a chuid ratha air. 

Fág freagra ar 'Scéal an Chiarraígh dheisbhéalaigh a mheall caint ó lucht leanta an Trumpaigh'

  • Aodán Ó Lorcáin

    Thaitin an clár go mór liom. Níor chuala mé trácht ar Donie roimhe ach beidh mé ag faire amach dó as seo amach.