Scéal aisteach an phuitigh dhraíochta agus rún mór an baseball

Loinnir agus snas is bun agus barr le ceann de na scéalta is aistí i saol an spóirt – nó le bheith ceart cruinn, an iomarca de chaon cheann acu

Scéal aisteach an phuitigh dhraíochta agus rún mór an baseball

Le puiteach (agus le baseball) a bhaineann ceann de na scéalta spóirt is aistí a dtáinig mé trasna air le píosa. Ina chroílár freisin tá fear a bhfuil rian a chuid oibre le feiceáil ar an 240,000 liathróid á úsáidtear i sraitheanna Major League Baseball chuile shéasúr. Níl de theacht isteach aige dá bharr ach $12,000 sa mbliain agus dá shuaraí sin tá lucht stiúrtha an chluiche ag iarraidh bata agus bóthar a thabhairt dó.

Seo spórt ina dtuilleann an t-imreoir is mó a tharraingíonn pá $37 milliún san achar sin agus ina dtuilleann an té is lú a shaothraíonn leathmhilliún.

An t-aon rud atá ag cosc a bhriste agus a dhíbeartha go bhfuil rún ar eolas aige nach bhfuil ar eolas acusan – rún a sceith a sheanathair leis-sean agus ceann nár chuir seisean a bhean chéile ar an eolas ina thaobh go raibh siad cúig bliana pósta.

Tá sé in aois an phinsin anois agus níl a fhios aige cé acu dá chlann a ligfidh sé an rún leo tráth a dtiocfaidh an t-éigean.

Loinnir agus snas is bun agus barr leis an scéal – nó le bheith ceart cruinn, an iomarca de chaon cheann acu.

Comhlacht darbh ainm Rawlings atá lonnaithe in Missouri le céad bliain a chuireann formhór na liathróidí (agus na miotóga) ar fáil do spórt an daorchluiche (baseball). Táirgeann siad roinnt áirithe liathróidí cispheile, eitpheile agus sacair freisin.

Fearacht an ghluaisteáin a thagann amach as an monarcha nó na bróga a thógtar as an mbosca, bíonn boladh breá nua agus loinnir ghléineach ar liathróid an daorchluiche nuair a phacáiltear í féin agus na mílte eile i mboscaí ag monarcha Rawlings – níl locht ar bith ar an mboladh, ach ní baileach gurb é an scéal céanna atá i gceist faoin loinnir.

Tá col ag caiteoirí go háirithe leis an gcraiceann sleamhain a bhíonn ar liathróid nua. Ní bhíonn an smacht céanna acu ar an gcaoi a bhfuil siad ag iarraidh í a chaitheamh. I dtús aimsire ní bhíodh aon rogha acu ach ansin i 1920 nuair a maraíodh imreoir de chuid na ‘Cleveland Indians’, Ray Chapman, tar éis do liathróid é a bhualadh sa gcloigeann, d’aithin lucht eagair an chluiche go raibh sé riachtanach, ar mhaithe le sábháilteacht, rud éicint a dhéanamh faoin gcás.

Triaileadh rudaí go leor féachaint leis an loinnir a bhaint de na liathróidí nua – snas, salachar, sú tobac ina measc – ach mar a deir Máirtín Tom Sheáinín, ‘ní raibh aon mhaith déanta’.

Ansin tháinig lá ar chuimil fear darbh ainm Lena Blackburne ruainne beag puitigh a frítheadh le hais fo-abhainn de chuid an Delaware de liathróid. Eureka! Láithreach bonn, thuig sé (oiliúnaí de chuid na ‘Philadelphia Athletics’ ab ea é) go gcuirfeadh oiread den phuiteach sin agus a thabharfá leat ar bharr do mhéire an ruaig ar an loinnir.

Níor inis Blackburne d’aon duine riamh cén áit a bhfuil an puiteach seo le fáil agus ba é a pháirtí gnó John Haas an t-aon duine eile ar domhan a raibh a fhios sin aige. Puiteach tiubh atá ann agus cé nach ngreamóidh sé duit chomh mór agus a dhéanfadh puiteach eile, is cosúla le huachtar é ná le haon rud eile, ach ní bheidh sé nóiméad cuimilte agat nach mbeidh rian de le feiceáil nó le n-aithneachtáil ar an liathróid.

Ach bíonn an loinnir imithe.

Nuair a bhásaigh Blackburne choinnigh John Haas air á bhailiú i lár an mheán oíche, á thabhairt abhaile go New Jersey i ndruma cúig ghalún, áit a gcuireadh sé trí rilleán é sula dtabharfaí cead triomaithe dó.

Agus Haas ag dul in aois, d’inis sé dá gharmhac Jim Blintoff cá raibh fáil ar an bpuiteach agus ag Jim agus ag a bhean chéile atá an rún anois, cé gur thóg sé cuid mhaith ama air lánmhuinín a chur inti.

Fearacht a sheanathar roimhe ba i seanchannaí caife a sheoladh Jim an puiteach chuig na foirne ar fad san NBA, ach anois tá sé éirithe beagán galánta – i gcannaí beaga plaisteacha a thagann sé anois agus branda scríofa taobh amuigh orthu.

Níl sé ag déanamh aon saibhreas cé go n-úsáidtear 120 liathróid ar meán i ngach cluiche daorchluiche agus suas le ¼ milliún acu in aghaidh na bliana. $100 an ceann atá ar na cannaí agus ní theastaíonn ón 30 foireann atá sa tSraith ach ceithre cinn in aghaidh na bliana. Fágann sin teacht isteach $12,000 ag Jim Blintoff as an gcluiche. Ag obair i dtionscal na clódóireachta a shaothraigh sé an t-airgead a choinnigh beo é.

Cé fáth mar sin a bhfuil oiread fuadair ar an NBA agus ar Rawlings a theacht ar ábhar éicint eile a bhainfeadh an loinnir de na liathróidí agus a theacht isteach de Blintoff, a deir tú?

Tá an freagra le fáil sa méid a tharlaíonn de phuiteach Jim nuair a shroicheann sé ceann cúrsa. Ansiúd tá ar a laghad bainisteoir feistis amháin ag chuile fhoireann ar cuid dá chúram cuid de shaothar Jim a chuimilt de gach ceann den cheathrú milliún liathróid a úsáidtear le linn comórtais.

$45,500 ar meán a shaothraíonn na cuimilteoirí in aghaidh na bliana, a cheithre oiread agus an créatúr a théann amach i lár an mheán oíche ar fhaitíos go bhfeicfí é, a bhíonn i mbaol a bháite agus a bhfuil ualach chomh trom de rún ar a chroí gur dóigh nach gcodlaíonn sé néal.

Tá rud éicint as cor in áit éicint!

Fág freagra ar 'Scéal aisteach an phuitigh dhraíochta agus rún mór an baseball'