Scanródh na figiúirí faoin bhforéigean in aghaidh na mban sa Tuaisceart tú

De réir tuarascála ón PSNI bhí méadú mór ar eachtraí foréigin sa bhaile le linn na chéad dianghlasála

Scanródh na figiúirí faoin bhforéigean in aghaidh na mban sa Tuaisceart tú

Maraíodh aon bhean déag i dTuaisceart Éireann ó thús na paindéime Covid-19, a raibh gaol gairid acu leis na fir a mharaigh iad. Tá na figiúirí sin scanrúil, iad i measc na gcinn is measa san Eoraip. An Rómáin amháin atá níos measa. Sin iad na ceannlínte, áfach, agus is údar alltachta agus náire freisin iad na scéalta atá taobh thiar díobh. Is léir gur mhair an t-aon bhean déag sin faoi scéin sular imríodh an t-uafás deiridh orthu agus nochtann staidreamh nua go bhfuil na mílte eile i gcontúirt, iad ag maireachtáil faoi ansmacht agus imeaglú. 

De réir tuarascála ón PSNI bhí méadú mór ar eachtraí foréigin sa bhaile le linn na chéad dianghlasála: 32,015 idir 1 Deireadh Fómhair 2019 agus an 30 Meán Fómhair 2020. Fuaireadar tuairiscí ar bheagnach 300 cás níos mó i mí Aibreán ná sa mhí chéanna an bhliain roimhe sin agus os cionn 250 sa bhreis sa Bhealtaine. Baineann beagnach an cúigiú cuid (19.1%) de na coireanna ar thaifead na bpóilíní le drochíde sa bhaile. 

San tréimhse dianghlasála ó thús na paindéime bhain os cionn 6,000 bean agus a bpáistí leas as seirbhísí tearmainn Women’s Aid; rugadh aon leanbh déag fad is a bhí a máithreacha ina gcónaí sna tearmainn. I bhfianaise chomh holc is atá an fhadhb tá feachtas nua á rith ag Cónaidhm Women’s Aid sa Tuaisceart “Scaoil do Dhianghlasáil” (unlock your lockdown). Baineann an t-imeartas focal leis an teachtaireacht gur dianghlasáil thairis srianta na paindéime is ea é a bheith ag maireachtáil faoi imeaglú agus baol foréigin. 

Tá feachtas ar theilifís agus ar chláracha fógraí le tacaíocht ó aisteoirí iomráiteacha le súil go dtabharfar uchtach do mhná atá faoi chois chun cúnamh a iarraidh. Teastaíonn ó Women’s Aid a chur ina luí ar na mná go mbeidh cabhair le fáil acu d’ainneoin easpa reachtaíochta. ’Sé tuaisceart Éireann an t-aon réigiún in Éirinn nó san Ríocht Aontaithe atá gan dlí in éadan mí-úsáide sa bhaile ach tá súil go gcuirfear acht nua ar bhonn reachtúil san chéad Tionól eile tar éis thoghchán Stormont sa Bhealtaine seo chugainn.

Bíonn go leor cainte abhus faoi chearta an duine agus faoi chomhionannas measa ach ní hiontas ar bith é go bhfuil ceisteanna á n-ardú faoi mheas ar chearta sábháilteachta na mban. An mhí seo caite gearradh príosún saoil ar thriúr fear a mharaigh mná a raibh gaol acu leo. Ba scéalta aon lae, nó ar a mhéid dhá lá iad. D’admhaigh an tAire Cirt in Stormont Naomi Long gur chúis mhór imní é marú ban (feimeamharú) agus foréigean baile.

 Níor tógadh callán, áfach. Dá mba pharaimíleataigh, mangairí drugaí nó fórsaí stáit a mharaigh éinne den aon bhean déag sin scéal mór a bheadh ann – mar is ceart. Bheadh polaiteoirí ag rith chuig ceamaraí agus micreafóin chun an eachtra a cháineadh agus stop a chur le hionsaithe den chineál sin. Cén fáth nach ngríosaíonn marú mná iad chun dlíthe níos láidre a éileamh agus chun feachtais lena chur ar a súile do fhir bhrúidiúla go bhfuil a n-iompar do-ghlactha? 

Cén fáth nach údar déistine níos mó é fuath ban, coiriúlacht dhochosanta? Tá sé scanrúil go ndéanann an tsochaí beag is fiú nó neamhshuim de choireanna bunaithe ar fhuath do mhná. Le gairid chonacthas go mb’éigean do leas-iníon agus iníonacha Davy Tweed labhairt amach go poiblí faoina mhí-úsáid orthu chun a dhul i ngleic leis an bhfinscéalaíocht a lean a bhás. 

Mhol polaiteoirí ón DUP agus ceannaire an TUV é mar ‘laoch aontachtach, fear teaghlaigh agus pearsa mhór’. Ghoill an moladh ar a íobartaigh, baill dá chlann ach thóg sé achar fada ar na polaiteoirí iarracht a dhéanamh an ghoimh a bhaint as a gcaint. Ba chosúil gur thábhachtaí seasamh gualainn ar ghualainn le ball den aicme pholaitiúil ná aird a thabhairt ar an éagóir a rinneadh ar pháistí agus máthair. Thug Oráistigh áitiúla garda onóra dó ar a shochraid ach níl tada ráite ag an Ord faoi.

Ní mór a rá go bhfulaingíonn fir foréigean baile freisin agus tá sé sin do-ghlactha chomh maith. Ach is mná iad an chuid is mó de na híobartaigh agus sin mar a bheidh, faraor, muna gcuirfear oideachas, dlí agus athrú cultúir ag croí feachtais in aghaidh fuath ban agus na huafáis a eascraíonn as.

Fág freagra ar 'Scanródh na figiúirí faoin bhforéigean in aghaidh na mban sa Tuaisceart tú'

  • Seáinín Mac Conraoi

    Go raibh maith agat as ucht an scéil seo, a Phóilín. Ceann de na scéalta is tábhachtai lenár linn féin agus leis na cianta. Bíonn greim an fhir bháite ag na fir ar ár gcuid cumhachta is pribhléide. Go dtí go seasfaidh muid i leataobh (nó go mbrúfar amach as an mbealach muid), ní réiteofar an cás. Ní mór do mná a gceannas ceart a thógail.