Scannán faoi chinedhíothú na hAirméine loite ag ‘cearnóg’ áiféiseach grá

Is mór an trua go ndeintear cearnóg ghrá, a tharraingt isteach i The Promise. Sea, ní leor an triantán grá na laethanta seo…

Scannán faoi chinedhíothú na hAirméine loite ag ‘cearnóg’ áiféiseach grá

The Promise
Stiúrthóir: Terry George
Cliar: Oscar Isaac, Charlotte Le Bron, Christian Bale, Shohreh Aghdashloo, Angeal Sarafyan, Tom Hollander.

I gcaitheamh na mblianta tá raidhse scannán cumhachtach, corraitheach faoin Uileloscadh tagtha ar an scáileán mór. Áirím féin Schindler’s List (1992) mar cheann de na scannáin is fearr, agus is cumhachtaí dá bhfaca riamh ach ina theannta sin tá saothair chumasacha cosúil le Sophie’s Choice (1982), Life is Beautiful (1997), The Pianist (2000) agus an táirge de bhunadh na hÉireann, The Boy in The Striped Pajamas (2008). Go deimhin tá an cnuasach sin tar éis 12 duais Oscar a chrochadh leo.

Ritheann sé liom de shíor go bhfuil sé míchuí agus achrannach a bheith ag caint sa tslí sin faoi shaothair atá bunaithe ar thragóid atá chomh uafásach sin. Lena chois  sin tá dainséar ag baint le tragóid den mhéid agus den chineál sin a chur i gcomparáid le cinn eile (dá olcas iad). Bíodh sin mar atá, is ábhar mór iontais dom an easpa airde atá tugtha ag na ceártaí móra scannánaíochta ar chinedhíothú na hAirméine, tragóid a bhfuil a macallaí le clos go fóill sa tslí is nach bhfuil an Tuirc sásta géilleadh don bhfocal ‘cinedhíothú’. Tá cosc dlíthiúil sa tír aon trácht a dhéanamh ar an gcinedhíothú agus níl aon Uachtarán Meiriceánach tar éis an focal sin a úsáid. Tá an scannán tar éis an lasair a chur sa bharrach sa tslí is go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil iarracht déanta ag daoine anaithnide sa Tuirc rátáil an scannáin a lot ar an IMDB agus tá léamh eile ar an tréimhse, The Ottoman Lieutenant (le Ben Kingsley mar cheann feadhna) mar chéile comhraic ag an táirge. Tá ábhar scannán sa mhéid sin féin.

Chuir billiúnaí de bhunadh na hAirméine tuairim is $100m ar fáil don togra agus earcaíodh an tÉireannach Terry George (Hotel Rwanda) le bheith ar an stiúir. Tá moladh tuillte ag  an meitheal as tabhairt faoin togra ar an gcéad dul síos, ach is mór an trua go bhfuil coiscéim bhacaí ann.

Déantar iarracht fhónta léargas de shaghas éigin a thabhairt dúinn ar an ár a deineadh ar Airméanaigh i laethanta deireanacha Impireacht na nOtamánach mar a maraíodh tuairim is 1.5m duine, mar aon leis na mílte eile a dhíbirt.

Níl na heachtraí beaga ná na príomhcharachtair bunaithe ar fhíordhaoine agus dar liom go bhfágann sin nach bhfuil an téagar céanna sa táirge.

Is mór an trua go ndeintear cearnóg ghrá, a tharraingt isteach sa chúram. Sea, ní leor an triantán grá na laethanta seo.

Is é Mikael, scoláire leighis, Oscar Isaac, an príomhcharachtar agus sa chéad fiche nóiméad címid a chleamhnas á dhéanamh ina cheantar dúchais iargúlta in 1914 agus an spré á úsáid aige le tabhairt faoin dochtúireacht i Constantinople. Tá a uncail gustalach buailte fé ansin agus titeann Mikael i ngrá le múinteoir damhsa na bpáistí (Le Bon), bean atá ag siúl amach le hiriseoir diongbháilte, Christian Bale. Agus ceithre chúinne na cearnóige leagtha is ansin a thosnaíonn an sléacht.

Tá cuid de seo tochtmhar go maith agus tá an radharc le ciumhais na habhann i lár coille ar cheann de na radharcanna is corraithí atá feicthe agam le tamall.

Ach thosaigh cearnóg na háiféise ag cur pip orm, agus comhtharlúintí agus áiféis ag cinntiú go mbíonn triúr den cheathrar ag bualadh lena chéile de shíor. Ag an am céanna tá carachtair thánaisteacha shuimiúla á bhfágaint ar an trá fholamh nó á gcur de dhroim seoil. 

Iarracht fhónta ach ní maith a luíonn cearnóg na háiféise agus an t-amhábhar sollúnta le chéile.

Fág freagra ar 'Scannán faoi chinedhíothú na hAirméine loite ag ‘cearnóg’ áiféiseach grá'

  • Hya

    Chuaigh mé á fhéachaint agus tagaim go hiomlán le Breandán sa vignette sin thuas aige. Teip ghlan is ea é mar scannán, ar na cúiseanna luaigh sé thuas, agus tá sé rófhada ar fad. Níl a fhios agam an orm féin atá an mháchail, is scéal uathmhar uafásach é ach níor bheir sé greim scórnaí ná intinne orm, ba shíoraíocht agus ba leamh liom é mar eachtra.