Scannán a taifeadadh sa Ghaeltacht roghnaithe ag mórfhéile scannán idirnáisiúnta

Beidh an scéinséir In the Land of Saints and Sinners, a taifeadadh i nGleann Cholm Cille agus in áiteanna eile i nGaeltacht Dhún na nGall, á thaispeáint den chéad uair ag Féile Scannán Idirnáisiúnta na Veinéise i mí Mheán Fómhair

Scannán a taifeadadh sa Ghaeltacht roghnaithe ag mórfhéile scannán idirnáisiúnta

Tá scannán a taifeadadh sa Ghaeltacht roghnaithe ag mórfhéile scannán idirnáisiúnta

Beidh an scéinséir In the Land of Saints and Sinners, a taifeadadh i nGleann Cholm Cille agus in áiteanna eile i nGaeltacht Dhún na nGall, á thaispeáint den chéad uair ag Féile Scannán Idirnáisiúnta na Veinéise i mí Mheán Fómhair.

Beidh an scannán, a bheidh á sheoladh ar Netlfix, san iomaíocht le haghaidh duais ‘Horizons Extra’, mar a mbeidh vóta á chaitheamh ag an lucht féachana don scannán is fearr.

Is é Liam Neeson atá i bpríomhpháirt scannán Robert Lorenz, a bhí ainmnithe do ghradam Oscar agus a bhfuil cáil air as na scannáin a léirigh sé le Clint Eastwood: Mystic River, Letters from Iwo Jima, and American Sniper.

An samhradh seo caite a taifeadadh In the Land of Saints and Sinners sna bailte Gaeltachta, Gleann Cholm Cille agus Cill Chárthaigh agus in Ard an Rátha in iardheisceart Dhún na nGall.

Ar na haisteoirí eile atá sa chliar, tá Ciarán Hinds, a bhí ainmnithe do ghradam Oscar dá pháirt sa scannán Belfast agus Kerry Condon, a ainmníodh do ghradam Oscar dá páirt sa scannán The Banshees of Inisherin.

In the Land of Saints and Sinners á lua leis an rath a bhí ar The Banshees of Inisherin, scannán Martin McDonagh a fuair naoi n-ainmniúchán ag na gradaim Oscar anuraidh.

Ba ag Féile Scannán Idirnáisiúnta na Veinéise a taispeánadh den chéad uair The Banshees of Inisherin anuraidh.

D’fhág an scannán sin, a taifeadadh ar Árainn agus in Acaill Mhaigh Eo, an slua ina seasamh agus ag bualadh bos ar feadh beagnach ceathrú uaire ag an fhéile scannán mór le rá seo, an bualadh bos is faide a fuair aon scannán ag an fhéile anuraidh.

Fág freagra ar 'Scannán a taifeadadh sa Ghaeltacht roghnaithe ag mórfhéile scannán idirnáisiúnta'