‘Scannal’ ar ais ar RTÉ agus scéal an Chomórtais inste go paiteanta ag na meáin Ghaeilge

Chuir ár léirmheastóir suim an tseachtain seo i scéal chás cúirte cáiliúil May agus Séamus McGee ar ‘Scannal’ agus i scéal drámatúil Chomórtas Peile na Gaeltachta 2019

‘Scannal’ ar ais ar RTÉ agus scéal an Chomórtais inste go paiteanta ag na meáin Ghaeilge

Tá séasúr eile de Scannal (RTÉ1, Dé Máirt) faoi lán seoil agus bhí an tríú gála chugainn an tseachtain seo mar a raibh cúrsaí frithghiniúna na seachtóidí/ochtóidí agus cás cúirte cáiliúil May agus Séamus McGee idir chamáin.

Ba shochaí dhuairc, ait í Éire na seachtóidí, áit ar caitheadh go mínáireach le mná. Mhaígh an t-iriseoir Ruadhán Mac Cormaic (duine den triúr rannpháirtithe a raibh Gaeilge acu) linn ag tús an chláir gur thug dlí an ama le fios go raibh úinéireacht ag an bhfear ar an mbean nuair a phósadar agus gur caitheadh le mná mar a bheadh saoránaigh den dara grád iontu.

Dhein May agus a fear céile Séamus an chairt a raideadh nuair a chuadar i muinín na cúirte i 1972 leis an gcosc ar fhrithghiniúint a chur de dhroim seoil. Ceisteanna tútacha faoina saol gnéis á gcaitheamh chucu i rith na trialach. ‘I’d rather see her using contraceptives than be throwing flowers on her grave,’ a dúirt Séamus mar aisfhreagra ar cheist amháin acu.

B’éigean dóibh dul chomh fada leis an gCúirt Uachtarach, ach bhí an lá leo sa deireadh. B’ait liom nach raibh an lánúin iad féin rannpháirteach sa chlár, ach bhí paistí cainte tomhaiste ón Dr. James Loughran. Dhein an léiritheoir/iriseoir Doireann Ní Bhriain mar aon leis an Dr. Seán Ó Conaill an t-ionchur Gaeilge a iompar go deisbhéalach. Turas pointeáilte siar bóithrín gruama na smaointe.

“Na héinne ’na bheirt” a chonac greanta ar bhrat a bhí crochta san ollphuball a bhí i bPáirc Chaide Ghallaruis do Chomórtas Peile na Gaeltachta (TG4, Dé Domhnaigh agus Dé Luain).

Ba léir go raibh.

Bhí seacht gcúraimí an tsléibhe ar an bpobal in iarthar Duibhneach is iad ag iarraidh breac an chomórtais a thabhairt ar an bport; agus más fíor scéal ní raibh barr cleite isteach ná bun cleite amach. Bhí sé go diail do dheoraithe cosúil liom féin, ná féadfadh a bheith ar an bhfód dúchais, lán a gcuid súl a bhaint as cuileachta an deireadh seachtaine; a bhuíochas sin do TG4, agus gan amhras RnaG a bhí ag craoladh cluichí i gcaitheamh an deireadh seachtaine go léir.

Bhí cad é clúdach againn i gcaitheamh an deireadh seachtaine. Tráchtairí, comhthráchtairí, anailís ar an dtaobhlíne agus dreasanna cainte le lucht bainistíochta, an t-iomlán léir. Bhaineas súp chomh maith as na míreanna físe a bhí ag Molscéal ar na meáin shóisialta.

Bhí El Clásico Chorca Dhuibhne againn ar an Domhnach mar ar thug an Ghaeltacht agus Daingean Uí Chúis aghaidh ar a chéile. Roimis sin bhí comhrac an bhradáin idir an dá Chill – Cill na Martra agus Cill Charthaigh. Smut den chonspóid sa chinneadh ag bainistíocht Chiarraí gan na himreoirí idirchontae a lamháil don chumann ach ar feadh 30 nóimint. Seanscéal agus meirg air.

Bhí an lucht féachana ar cipíní agus an cluiche ceannais ag tarraingt ar cheann scríbe agus tá pointe úd Shéamuis Sheáin Jim Pheig, agus an seat úd d’fhear an phínt, neadaithe i miotaseolaíocht an chomórtais cheana féin.

Is maith go raibh na meáin Ghaeilge ann chun an scéal a insint.

Fág freagra ar '‘Scannal’ ar ais ar RTÉ agus scéal an Chomórtais inste go paiteanta ag na meáin Ghaeilge'