Sasana chun aghaidh a thabhairt ar an Spáinn sa chluiche ceannais

Tá deis anois ag foireann Shasana agus a mbainisteoir Sarina Wiegman gaisce stairiúil eile a dhéanamh

Sasana chun aghaidh a thabhairt ar an Spáinn sa chluiche ceannais

Sasana agus an Spáinn a thabharfaidh aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais Chorn Domhanda na mBan 2023 an deireadh seachtaine seo. Fuair na Sasanaigh an ceann is fearr ar an Astráil sa dara cluiche leathcheannais.

Bua 3-1 a bhí ag Sasana ar an bhfoireann baile i Sydney ar maidin. Chuir cúl ó Ella Toone Sasana chun tosaigh sa chéad leath ach tháinig an Astráil ar ais théis 63 nóiméad le cúl den scoth ó réalta na foirne Sam Kerr, a bhí ag tosú cluiche den chéad uair sa chomórtas.

Ocht nóiméad a bhí na foirne ar comhscór, áfach, nuair a thug botún Ellie Carpenter deis do Lauren Hemp Sasana a chur chun tosaigh arís, deis a thapaigh sí le fonn sa 71ú nóiméad. Bhí cúpla deis mhaith ag Kerr na foirne a chothromú arís i dtreo dheireadh an chluiche ach níor éirigh léi agus chinntigh an tríú cúl ó Shasana, a fuair Alessia Russo sa 86ú nóiméad, go bhfuil cluiche ceannais Chorn Domhanda na mBan bainte amach ag mná Shasana den chéad uair riamh.

Tá deis ag foireann Shasana agus a bainisteoir Sarina Wiegman gaisce stairiúil eile a dhéanamh ag an deireadh seachtaine tar éis dóibh Craobh na hEorpa a bhuachan den chéad uair anuraidh.

Bhí na Sasanaigh i measc roghanna na coitiantachta don chomórtas seo san Astráil agus sa Nua-Shéalainn ach tá roinnt imreoirí tábhachtacha acu nach bhfuil ag glacadh páirte toisc go bhfuil siad gortaithe. Beidh Lauren James ar ais ag Wiegman agus Sasana don chluiche ceannais, áfach. Chaill James na babhtaí ceathrú ceannais agus leathcheannais agus í ar fionraí ó cuireadh den pháirc í sa chluiche in aghaidh na Nigéire níos túisce sa chomórtas.

Imreoidh Sasana agus an Spáinn sa chluiche ceannais i Sydney Dé Domhnaigh (11.00rn in Éirinn). Bhuaigh an Spáinn, tír eile atá ag imirt sa chluiche ceannais den chéad uair, ar an tSualainn 3-1 sa chéad chluiche ceathrú ceannais inné. Tháinig na cúil ar fad sna deich nóiméad deireanach sa chluiche ach ba í Olga Carmona laoch na Spáinne agus cúl na cinniúna faighte aici sa nóiméad deireanach de ghnáth-am.

Fág freagra ar 'Sasana chun aghaidh a thabhairt ar an Spáinn sa chluiche ceannais'

  • Gabriel Rosenstock

    Tá an bhéim ar Shasana sa tuairisc seo agus Sasanaigh atá sa ghrianghraf, seachas ár
    gcomh-Eorpaigh san Aontas Eorpach. Luaitear bainisteoir fhoireann Shasana ann ach ní luaitear
    bainisteoir fhoireann na Spáinne.
    Aisteach . . .