Sárshaothar é Dunkirk ó cheardaí atá go hiomlán os cionn a bhuille

Coimeádann Dunkirk, scannán an tsamhraidh gan aon agó, an lucht féachana ar tinneall de shíor

Sárshaothar é Dunkirk ó cheardaí atá go hiomlán os cionn a bhuille

Dunkirk
Stiúrthóir: Chris Nolan
Cliar: Mark Rylance, Tom Hardy, Kenneth Brannagh, Fionn Whitehead, Aneurin Barnard, Cillian Murphy, Barry Keoghan, Jack Lowden.

Saighdiúirí ag siúl go ciúin trí bhaile beag gleoite sa bhFrainc. Sráideanna beaga caola timpeallaithe ag tithe slachtmhara, feistithe. Paimfléid na nGearmánach ar foluain in dtimpeall; iad ag fógairt do Shasanaigh agus Francaigh araon go bhfuilid teanntaithe i mbaile Dunkirk agus gur fearrde dóibh géilleadh. De gheit tosaítear ag scaoileadh urchar leo tiubh, te. Teitheann siad lena n-anamacha go dtí go mbaineann siad an trá amach. Níl faic le dealramh ráite fós ach tá an bhunchloch leagtha.

Go deimhin tá an ciúnas agus easpa cainte ina chiúta ó thús deireadh an scannáin seo agus is é ceann de na cúiseanna gur sárshaothar faoi leith é. Go deimhin is fada ó chonaic scannán a bhí chomh snoite, bearrtha sin ó thaobh scríbhinne, agus lena chois sin níl barr cleite isteach ná bun cleite amach ann.

Agus an trá sroichte acu chítear na mílte saighdiúirí ina seasamh i scuainí fada ag fanacht go foighneach, eaglach ar a dtarrtháil. Samhlaíonn tú go bhfuil na cosa tugtha leo acu ó luíocháin na sráideanna cúnga; ’sé sin go dtí go gcloiseann tú innill agus gunnaí eitleáin na nGearmánach ag déanamh ruathair. Níl aon éalú ón mbagairt agus tá atmaisféar an teannais ann ó thús deireadh.  ’Sé an tslí a choimeádtar an lucht féachana ar tinneall de shíor an dara comhartha sóirt suntasach a bhaineann leis an scannán iontach seo.

Ba thubaiste mhíleata agus gaisce tarrthála a bhí i gceist le heachtraí Dunkirk. Dhein ruathair na nGearmánach file caoch dos na comhghuaillithe agus d’fhágadar na céadta mílte saighdiúir teanntaithe. Ar deireadh thiar, agus báid bheaga phléisiúir is iascaireachta i mbun an chúraim, tugadh breis agus 300,000 duine slán. Cé gur scannán cogaidh é seo ní scannán eachtraíochta é.

Is mór idir seo agus an bladhmann tírghráthóra a bhíodh á chleachtadh ag leithéidí John Wayne, cé go bhfuil rian beag de ann ag an gcríoch agus aithris neafaiseach á déanamh ar óráid cháiliúil Churchill faoi chogaíocht ar na tránna.

Le léargas a thabhairt dúinn ar éigiall an chogaidh, tá trí scéal ag rith comhthreomhar lena chéile; ceann faoi phíolótaí in aon uair an chloig, ceann faoi bhád pléisiúir lá amháin agus ceann faoi eachtraí na trá thar thréimhse seachtaine.

Aisteoireacht foirne atá anseo againn agus taispeántais nótáilte againn ó gach duine sa chliar. Níl d’aghaidh Tom Hardy le feiscint ach a shúile ach éiríonn leis réimse leathan mothúchán a léiriú, ó fhearg go heagla. Tugann Cillian Murphy na hÉireann taispeántas caolchúiseach uaidh agus déanann Barry Keoghan a chúram go slachtmhar. Mar is dual do bheirt saoistí mar iad,  léiríonn Mark Rylane agus Kenneth Branagh a gcarachtair go paiteanta. Go deimhin ní fhéadfaí locht a fháil ar an taispeántas stuifiúil a thug Harry Styles uaidh.

Is léir an cúram a dhein Christopher Nolan do gach seat, teann agus leathan; súile Hardy; cuntanós na saighdiúirí atá sáinnithe i mbolg an bháid;, na saighdiúirí ag féachaint suas go heaglach ar theacht na n-eitleáin; agus an seat draíochtúil d’eitleán Hardy ag faoileitilt os cionn Dunkirk.

Ceardaí é Chris Nolan atá go hiomlán os cionn a bhuille agus seo é scannán an tsamhraidh gan aon agó.

Fág freagra ar 'Sárshaothar é Dunkirk ó cheardaí atá go hiomlán os cionn a bhuille'

  • Breandán Mac Cormaic

    Is cinnte gur scannán ana-mhaith é “Dunkirk”. Léiríonn sé an smacht, an stuaim an misneach, an eagla agus go pointe an anbhá a bhí ag na saighdiúirí agus iad ag fanacht go foighneach ar a dtarrtháil.Léiríonn sé freisin an misneach céanna a bhi ag lucht a dtarrthála, go háirithe iad siúd a d’imigh amach ó Shasana sna báid bheaga.Is scannán é mar sin a chuireann an bhéim nach mór go hiomlán ar na gnáth daoine idir shaighdiúirí agus shibhialtaigh seachas ar na mór ghluaiseachtaí cogaidh a bhain leis an tréimhse uafásach sin.
    Is áisteach an rud é mar sin gur ár eigin go bhfuil na Francaigh (nó na Beilgigh) le sonrú sa scannán ar chor ar bith, cé gur raibh 120,000 Francach i measc an 350,000 saighdiúir a d’éiligh ó Dhunkirk.Níl faic ach an oiread faoi fhriotaíocht stucánach na saighdiúirí Francacha chun an ceann droichid a chosaint. D’íobraíodh 40,000 acu -idir mharbh agus gortaithe -le go mbeadh na trúpaí ar an trá in ann éalú. Ni thaispeántar agus ni luaitear cuirim i gcás an 12e division d’infanterie motoriséé nach raibh fagtha acu ach 8000 fear ach a sheas sa bhearna baoil ar feadh na seachtaine sin i gcoinne na nGearmanach os a gcomhair a bhí ocht n-uaire níos líonmhaire ná iad.
    Tá saighdiúir Francach amháin le sonrú sa scannán áfach. Ní saighdiúir iontach laochta é in aon chor ach duine é a mhallartaíonn a chuid sainéidí le sainéidí shaighdúra Briotanach marbh le go mbeadh sé in ann ealú níos taipiúla.
    Luíonn an cuid sin den scannán isteach leis an miotaseolaíocht a bhí an coitianta i Sásana tar éis an dara Cogadh Domhanda nar throid na saighdiúirí Francacha go misniúil, ach mar a d’aithin an staraí Marc Bloch a bhí in arm na Fraince ag an am ba teip intleachtúil ag an leibhéal is airde príomhchúis leis an dtubaiste, an “Debacle”.
    Chun go dtuigfí cén chaoi go bhféadadh é sin tarlúint i dtír nua-aimseartha ní gá breathnú níos faide ná an Bhreatain Mhór sa lá atá inniu ann.
    Ar ndóigh ni scéal nua é an easpa measa a bhí agus, is cosúil, a bhíonn go minic fós ag na Sasanaigh i leith na bhFrancach, ach taispeánann an scannán seo tréith eile spésiúil agus comhaimseartha: an gá atá ag na Sasanaigh (seachas Briotanaigh) a léiriú go bhfiuil siad níos fearr as ag feidhmniú ina n-aonair neamhspleách ar gach dream eile.
    Ní raibh sé sin fíor an t-am sin agus níl sé fior sa lá atá inniu ann ach an oiread, pace Breatimeacht.
    Cé gur scannán an-mhaith é, ó thaobh na teicneolaíochta de ach go háirithe, ní sárshaothar é seo ó cheardaí atá go hiomlán os cionn a bhuille agus is trua nar léirigh an léirmheastóir ar a laghad cuid de na castachtaí nach bhfuil le sonrú go hoscailte ach a léimeann amach d’éinne a bhreathnaíonn ar an scannán seo le súile criticiúla.

  • Mairtin

    Cheap mise go raibh se leamh amaitearach tuirsiuil fadalach. Nior fhan me leis an gcrioch. Lagiarracht ar bhruidiulacht agus fuilteacht na cogaiochta a chruthu. Ni leor ceol corraitheach dramatuil, ‘special effects’, na dicheall aisteoireachta chun scannan mar seo a sheoladh. Leigh ‘All quiet on the Western Front’ …..an focal scriofa an bas ar fad sa genre seo.