Sárchoimhlint romhainn i gCill Airne agus Ciarraí agus Maigh Eo ag dul chun catha arís

Is é an cluiche idir Ciarraí agus Maigh Eo cluiche mór an lae i gcomórtas an tSár-Ochtair ach tá Dún na nGall agus An Mhí ag dul chun páirce inniu chomh maith i mBealach Féich

Sárchoimhlint romhainn i gCill Airne agus Ciarraí agus Maigh Eo ag dul chun catha arís

David Clifford (Ciarraí) agus Brendan Harrison (Maigh Eo). Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Ciarraí v Maigh Eo – Staid an Ghearaltaigh, 4.00pm (Beo ar RTÉ)

Níl againn ach an chéad deireadh seachtaine de chomórtas an tSár-Ochtair ach seans go bhfuil an cluiche is mó a bhfuil daoine ag súil leis á imirt i gCill Airne tráthnóna. Bhí sárchoimhlintí idir na foirne seo le blianta beaga anuas agus beidh lán tí nó gar dó i Staid an Ghearaltaigh ag súil le ceann eile idir Ciarraí agus Maigh Eo inniu.

Chas an dá chontae seo ar a chéile faoi dhó i rith an earraigh. Bhuaigh Maigh Eo thíos i dTrá Lí mí an Mhárta agus fuair siad an ceann is fearr ar bhuachaillí Peter Keane arís i gcluiche ceannais na sraithe i bPáirc an Chrócaigh. Thit an tóin as Maigh Eo ina dhiaidh sin nuair a chaill siad i gcoinne Ros Comáin i gcraobh Chonnacht.

Ach, mar atá déanta cheana acu, tá siad tagtha chucu féin arís sna babhtaí cáilithe.

Mar sin féin, ní hé go raibh siad ar fheabhas ar fad in aon cheann de na cluichí a bhuaigh siad, i gcoinne an Dúin, Ard Mhacha nó na Gaillimhe, ach bíonn dúrúch oibre orthu i gcónaí agus níor ghéill siad in aon cheann de na cluichí sin fiú agus brú mór orthu. Chomh maith leis sin, tá imreoirí nua tagtha chun cinn i mbliana, go háirithe i measc na dtosaithe, agus lá mór eile bheidh anseo do Fionn McDonagh, Darren Coen, James Carr agus a leithéidí.

Bhí súil ag mórán go mbeadh Ciarraí ábalta an bhearna idir iad féin agus Áth Cliath a dhúnadh i mbliana ach níl an chuma orthu go bhfuil sé sin déanta acu fós. Cé go raibh bua éasca go maith acu i gcoinne an Chláir, ní raibh siad thar mholadh beirte sa chluiche sin agus chruthaigh Corcaigh an-chuid fadhbanna dóibh i gcluiche ceannais na Mumhan.

Theip orthu na Corcaígh a stopadh ó bhriseadh tríd lár páirce agus cé go bhfuil cuid de chosantóirí Chiarraí an-mhaith agus iad ar an ionsaí, b’fhéidir gur thairbhí dóibh díriú níos mó ar an gcosaint ó am go ham.

Tá feabhas ag teastáil ó Chiarraí ar fud na páirce. D’imir Stephen O’Brien agus David Clifford go maith in aghaidh Chorcaí ach d’fhéadfadh na himreoirí timpeall orthu níos mó a dhéanamh.

Tá an-chuid taithí ag cosantóirí Mhaigh Eo ach ní shin le rá nach féidir an ceann is fearr a fháil orthu. Níl siad chomh tapa agus a bhí agus d’fhéadfadh Ciarraí teacht i dtír air sin.

Is beag i ndáiríre atá idir na foirne seo. Dá n-imreodh Ciarraí i mbarr a maitheasa, shílfeá go mbeidís róchumasach do Mhaigh Eo ach ní scaoilfidh Maigh Eo le tada go héasca agus is ina seolta atá an ghaoth faoi láthair.

Rogha Tuairisc.ie: Maigh Eo

Imreoirí Dhún na nGall agus na Mí i gcluiche ceannais na sraithe 2019. Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Dún na nGall v An Mhí – Bealach Féich, 2.00pm (Beo ar Sky Sports)

Cibé rud a tharlóidh as seo go ceann ceithre seachtaine, tá an-dul chun cinn déanta ag peileadóirí na Mí i mbliana. Tá ardú céime go dtí Roinn 1 bainte amach acu agus tá na babhtaí ceathrú ceannais anois sroichte acu den chéad uair ó 2010. Is beag seans go rachaidh siad níos faide agus trí chluiche thar a bheith crua rompu i gcomórtas an tSár-Ochtair.

Rachaidh siad chun páirce i mBealach Féich tráthnóna agus iad ag tabhairt aghaidh ar sheaimpíní Uladh, Dún na nGall. Ba iad na Conallaigh an fhoireann ab fhearr a chonaic muid i gcraobhacha na gcúigí i mbliana agus meastar gur acu is fearr atá seans Áth Cliath a shárú.

Tá imreoirí den scoth acu fud fad na páirce, ó Shaun Patton sa chúl go dtí Paddy McBrearty sa chúinne. Bhí siad an-láidir i gcoinne an Chabháin i gcluiche ceannais Uladh agus má thugann siad taispeántas den chaighdeán céanna tráthnóna, beidh siad i bhfad rómhaith don Mhí.

Bhí cumas Shaun Patton ó na ciceanna amach cinniúnach an lá sin i gCluain Eois agus tugann cruinneas an chúl báire an-seans do Dhún na nGall seilbh a choinneáil ar an liathróid. Tá scata mór imreoirí ar an bhfoireann gur féidir leo scóranna maithe a aimsiú, idir Ryan McHugh agus Eoghan Bán Gallagher sa líne leathchúil, Jason McGee agus Ciarán Thompson i lár páirce agus McBrearty, Jamie Brennan agus Michael Murphy i measc na dtosaithe.

Tá imreoirí maithe ag an Mhí, tá an-fhuinneamh i leithéidí Dónal Keogan, Pádraic Harnan agus Cillian O’Sullivan ach beidh a ndóthain go maith le déanamh inniu acu.

Bhuaigh Dún na nGall ar chontae na Mí faoi dhó sa tsraith i mbliana agus gach seans go mbeidh siad ag ceiliúradh a dtríú bua níos deireanaí tráthnóna.

Rogha Tuairisc.ie: Dún na nGall

Fág freagra ar 'Sárchoimhlint romhainn i gCill Airne agus Ciarraí agus Maigh Eo ag dul chun catha arís'