Sárchoimhlint le teacht idir Cúige Laighean agus Cúige Mumhan agus iad ag fáil réidh do Chorn na gCuradh

Tá Cúige Chonnacht ag imirt thíos san Afraic Theas tráthnóna agus tabharfaidh Cúige Uladh aghaidh ar Ghlaschú anocht in Albain

Sárchoimhlint le teacht idir Cúige Laighean agus Cúige Mumhan agus iad ag fáil réidh do Chorn na gCuradh

Rinne Cúige Chonnacht éacht ó dheas i nDurban na hAfraice Theas an Satharn seo caite agus iad ag tabhairt bua le pointe amháin (13-12) leo i gcluiche fisiciúil i gcoinne na Sharks, foireann atá fós ar thóir a gcéad bhua an séasúr seo.

Tá seans maith ann go bhfuil dúshlán níos mó fós le sárú ag na Connachtaigh i gcoinne na mBulls inniu. Sa seachtú háit ar an tábla atá na Bulls le cúig phointe dhéag i gcomparáid le Cúige Chonnacht atá sa gceathrú háit agus gan ach trí phointe le cois acu ar an bhfreasúra. Bíonn deacrachtaí ag cuairteoirí agus iad ag imirt i bPretoria de bharr a bheith ag imirt in aeráid talamh ard, rud a chuirfeas as d’fhoireann na Gaillimhe ón tús. Éacht ollmhór a bheas ann má thugann Cúige Chonnacht aon phointe leo inniu.

Is cinnte gurb í an choimhlint idirchúige idir Chúige Laighean agus Cúige Mumhan i Staid Aviva an cluiche rugbaí is mó atá á imirt an deireadh seachtaine seo. Tá bearna cúig áit ar thábla an URC idir na foirne seo. Tá Cúige Laighean ar a bharr ar fad agus tá na Muimhnigh sa séú háit. Bhuaigh siad an méid céanna cluichí go dtí seo, ceithre bhua agus cailliúint amháin an taobh, ach tá trí phointe níos mó ag Cúige Laighean de bharr pointí bónais.

Tá an dá thaobh ag cur foirne láidre chun páirce don chluiche ríthábhachtach seo atá á imirt coicís roimh thús chomórtas Chorn na gCuradh. Réiteach iontach go cinnte.

Cúis dóchais do na Muimhnigh go bhfuil fáil acu arís ar Jean Kleyn, imreoir atá ag filleadh den chéad uair ó bhuaigh sé Corn an Domhain leis an Afraic Theas ach níl fáil acu ar Peter O’Mahony ná ar Jack O’Donoghue, imreoirí a gortaíodh i gcluiche Bhabhta 5. Is fiú tagairt a dhéanamh do Stephen Archer, frapa a bheas ag fáil a 269ú caipín do chúige Mumhan anocht, ceann níos mó ná Donnacha O’Callaghan, a raibh an churiarracht aige go dtí seo. Tá mise ag súil le sárchluiche le meascán d’imirt sciobtha agus imirt fhisiciúil ach is deacair toradh seachas bua do Chúige Laighean a thuar. Réamhullmhúchán iontach do chluiche mór na Nollag idir na foirne seo Lá’l Stiofáin i Luimneach.

Tá cluiche fíorchrua ag na hUltaigh anocht i nGlaschú i gcoinne fhoireann na cathrach sin. Tá na foirne seo sa dara agus sa tríú háit ar an tábla. Glaschú atá sa dara háit. Níl ach cluiche amháin an taobh caillte ag an dá fhoireann go dtí seo agus aisteach go leor is ar an mBóthar Beag i gcoinne Chonnacht a chaill siad. Níor chaill ceachtar acu cluiche baile fós an séasúr seo, rud a thugann buntáiste ar leith do Ghlaschú anocht. Is deacair a shamhlú go mbeidh bua ag na cuairteoirí.

Fág freagra ar 'Sárchoimhlint le teacht idir Cúige Laighean agus Cúige Mumhan agus iad ag fáil réidh do Chorn na gCuradh'