Sárchluiche eile romhainn idir mná Chorcaí agus Átha Cliath

D’imir Corcaigh agus Áth Cliath a chéile i gceithre cinn de chluichí ceannais le cúig bliana anuas, ach is sa bhabhta leathcheannais a thabharfaidh siad aghaidh ar a chéile inniu

Sárchluiche eile romhainn idir mná Chorcaí agus Átha Cliath

Melissa Duggan agus Noelle Healy. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Corcaigh v Áth Cliath Páirc an Chrócaigh, 3.45pm

(Beo ar TG4)

Tabharfaidh an dá fhoireann is fearr sa tír aghaidh ar a chéile i bPáirc an Chrócaigh inniu nuair a chasfaidh Áth Cliath agus Corcaigh ar a chéile i gcluiche leathcheannais na hÉireann.

Tá seanchleachtadh acu a bheith ag imirt a chéile i gcluichí ceannais. Eatarthu a imríodh ceithre cinn den chúig chluiche ceannais deireanach, agus cé nach mbeidh corn á bhronnadh inniu beidh na buaiteoirí lán de dhóchas agus iad ag tabhairt aghaidh ar Mhaigh Eo nó Gaillimh sa chluiche ceannais.

I gcluiche ceannais na bliana seo caite, d’éirigh le mná Átha Cliath deireadh a chur leis an tréimhse forlámhais a bhí ag foireann Chorcaí. Ach bhuail na Muimhnigh foireann Mick Bohan faoi dhó sa tsraith, i mbabhta a seacht agus sa bhabhta leathcheannais, cluiche a bhuaigh Corcaigh le cúilín amháin, 1-18 in aghaidh 2-14.

Tá slad déanta ag Áth Cliath ar a gcéilí comhraic sa chraobh ó shin, áfach. Bua 13 pointe a bhí acu ar an Iarmhí i gcluiche ceannais Laighean, bhuail siad Port Láirge le 18 cúilín, Muineachán le 25 cúilín agus bhí 15 cúilín d’fharasbarr acu in aghaidh Chiarraí sa bhabhta ceathrú ceannais.

Gortaíodh captaen na foirne Sinéad Aherne i gcluiche ceannais Laighean ach tá sí ag imirt ar fheabhas ó tháinig sí ar ais. D’aimsigh Aherne 1-11 in aghaidh Mhuineacháin agus 2-5 i gcoinne na Ríochta. Ar a shon sin is uile, níl Áth Cliath ag imirt chomh maith is atá iontu fós i mbliana agus má bhíonn beidh sé deacair iad a stopadh.

Má tháinig Áth Cliath chomh fada seo gan mórán stró, níorbh amhlaidh do Chorcaigh. Oscailt súl dóibh ab ea a gcluiche in aghaidh Ard Mhacha i mbabhta na ngrúpaí, cluiche a chaill siad, 4-09 in aghaidh 3-11.

Níor coinníodh Corcaigh thíos i bhfad, áfach, mar an tseachtain dár gcionn bhí bua éasca acu ar Thír Eoghain, 7-18 in aghaidh 3-4.

D’aimsigh Doireann O’Sullivan 2-2 sa chluiche sin ach níl sí ainmnithe ar an bhfoireann do chluiche an lae inniu. Áine O’Sullivan atá tagtha isteach ina háit. Chaill Doireann O’Sullivan cuid mhaith den séasúr le gortú droma agus is buille a bheadh ann do Chorcaigh mura mbeadh teacht ar bith acu uirthi inniu.

Beidh cosantóirí Chorcaí go mór faoi bhrú inniu chomh maith. Tá déanta go maith ag Hannah Looney, Melissa Duggan agus a leithéidí i mbliana ach scéal eile a bheidh acu in aghaidh shárthosaithe Átha Cliath i bPáirc an Chrócaigh.

Tá buntáiste amháin ag Corcaigh ar Áth Cliath agus na hionadaithe atá acu beagáinín níos fearr, go háirithe i measc na dtosaithe. Má tá Corcaigh chun deiridh sa dara leath, is féidir leo sárimreoirí amhail Saoirse Noonan agus Rhona Ní Bhuachalla a thabhairt isteach chun scóranna a fháil.

D’fhéadfadh sin a bheith cinniúnach i gcluiche crua eile idir na foirne seo. Má bhíonn Corcaigh in ann tosaithe Átha Cliath a choinneáil faoi chois, tá an-seans acu ach is mór an gaisce a bheadh ansin.

Rogha Tuairisc.ie: Áth Cliath

Fág freagra ar 'Sárchluiche eile romhainn idir mná Chorcaí agus Átha Cliath'