Saothar pearsanta, cumhach agus maoithneach faoi Bhéal Feirste Branagh 

Cé gur go tútach a thugtar fén gcomhthéacs polaitiúil ar uairibh is scannán cumasach caithiseach atá i ‘Belfast’

Saothar pearsanta, cumhach agus maoithneach faoi Bhéal Feirste Branagh 

Belfast
Stiúrthóir/Scríbhneoir: Kenneth Branagh
Cliar: Jude Hill, Caitriona Balfe, Jamie Dornan, Judi Dench, Ciarán Hinds.

“For the ones who stayed.
For the ones who left.
And for all the ones who were lost.”

Tagann na línte thuas ar scáileán chun clabhsúr a chur le saothar pearsanta, cumhach agus maoithneach Kenneth Branagh. Tá cad é bús faoin scannán seo le míonna agus d’éirigh leis seacht n-ainmniúchán a fháil do na Golden Globes. I ndeireadh na dála, áfach, níor gnóthaíodh ach ceann amháin (do scríbhinn Branagh) agus bainfidh san an ghaoth as seolta an scannáin agus sinn ag teannadh le séasúr na nOscar.

Is saothar leath-bheathaisnéiseach é seo is Branagh ag baint adhmaid as cuimhní cinn a óige i mBéal Feirste sarar ardaigh a mhuintir a sheolta go Sasana. Litir chumainn é seo don áit dúchais a bhí cortha, suaite ag an am. Baineann Branagh úsáid as scannánú monacrómach, le léasanna dathannach anseo is ansiúd, le cur leis an gcumha agus an maoithneachas.

Is trí shúile agus cluasa Buddy (Hill) a dhéanaimid an saol a shú isteach. Ar an mbonn sin, is dócha, go bhféadfaimis an róshimpliú a dhéantar ar chomhthéacs is cúlra casta nimhiúil na dTrioblóidí a mhaitheamh dó. 

Sa chéad radharc címid Buddy ag spraoi go sona sásta ar shráid i gceantar lucht oibre i mBéal Feirste na bliana 1969. De gheit tagann drong círéibeoirí de dhroim an chúinne agus tosnaíonn ag ionsaí tithe na gCaitliceach sa tsráid bheag chluthair seo. Tá na súile ar leathadh ag Buddy; an seicteachas ag teacht sa mhullach ar laethanta soineanta a óige. Is deacair do shoineantacht agus do shaontacht na hóige ciall a bhaint as an gcorraíl seo; rud a mheabhraíonn baois an fhoréigin dúinn. Is deas mar a éiríonn leis an gcineamatagrafaíocht ealaíonta dearcadh Buddy a tabhairt dúinn. 

Protastúnaigh iad muintir Buddy ach níl aon chol acu lena gcomharsana Caitliceacha. Tá an t-athair (Dornan) ag tuilleamh a chrústa i Sasana agus an mháthair (Balfe) ar an bhfód dúchais ag tabhairt aire do Bhuddy agus a dheartháir. Tá maistíní na háite ag iarraidh ar an athair luí leo agus gríosaíonn san agus cúrsaí eacnamaíochta é tathant ar an máthair an bád bán a thabhairt orthu féin.

Téama láidir atá le sonrú sa saothar ná an nasc leis an áit dúchais. In ainneoin an fhoréigin agus an bhochtanais, tá san go láidir sa teaghlach ar fad, na seantuismitheoirí (Dench agus Hinds) go háirithe. Leisce ar an máthair slán a rá le sráideanna Bhéal Feirste óir gur anseo atá aithne orthu, is anseo a mhothaíonn sí ar a compord. Bheadh Vancouver agus Sydney chomh hallúrach céanna dóibh is atá na háiteanna a chíonn siad nuair a bhíonn siad ag féachaint ar Star Trek. 

Déanann Hill cuid mhaith den scannán a iompar agus tugann sé taispeántas fuinniúil, tarraingteach, ábalta uaidh. Tá Balfe agus Dornan iad féin ar fheabhas ach is iad Dench agus Hinds a thugann an lá leo. An tseanlánúin gheanúil ag cur díobh agus ag caitheamh tharstu; cruatan na mblianta le haithint ar a gcuntanós. 

Saothar cumainn dá áit dúchais agus Branagh ag scéalaíocht óna chroí amach.  

Fág freagra ar 'Saothar pearsanta, cumhach agus maoithneach faoi Bhéal Feirste Branagh '