Saor cloiche fostaithe chun ‘Inár gcroíthe go deo’ a ghreanadh ar leac Margaret Keane

Cuireadh an-fháilte roimh chinneadh i gCúirt Eaglasta i Sasana inné go raibh cead teachtaireacht i nGaeilge amháin a chur ar leac uaighe i reilig in Covenrty

Saor cloiche fostaithe chun ‘Inár gcroíthe go deo’ a ghreanadh ar leac Margaret Keane

Tá teagmháil déanta ag muintir Margaret Keane le saor cloiche agus iad ag fáil réidh le leac a chur ar uaigh a máthar beagnach trí bliana tar éis a báis.

Bhí bua stairiúil ag muintir Keane inné agus an cinneadh nach raibh cead ráiteas i nGaeilge amháin a chur ar leac uaighe curtha ar ceal ag an gcúirt eaglasta is airde i Sasana.

Fágann sin go mbeidh an chlann in ann an teachtaireacht ‘Inár gcroíthe go deo’ a chur ar leac uaighe Margaret Keane, a bhásaigh in 2018.

Thug iníon Margaret Keane, Caroline, le fios ar maidin go raibh teagmháil déanta aici le saor cloiche chun an leac a dhéanamh. Dúirt sí freisin go raibh an chlann 191 lá leis an nglaoch sin a dhéanamh.

Dúradh sa chúirt inné go raibh muintir Margaret agus go háirithe a baintreach, Bernie, “cráite” mar gheall ar an scéal. Bhraith Bernie Keane, a dúradh, “gur lig sé a bhean chéile síos” agus gan ach cros adhmaid ar an uaigh ó bhásaigh a bhean.

Dúradh go raibh an chlann ag iarraidh go mbeadh an leac curtha ar an uaigh roimh Lá Fhéile Pádraig ar a dhéanaí.

Mí an Mheithimh seo caite a dhiúltaigh an Breitheamh Stephen Eyre, Sainsailéir Dheoise Coventry, don achainí go gcuirfí an ráiteas i nGaeilge amháin ar an uaigh.

Dúirt an Sainsailéir ag an am go raibh an “baol ann” go nglacfaí leis an ráiteas i nGaeilge amháin mar “mana de shórt éigin” nó mar “ráiteas polaitiúil”, toisc, dar leis, “an paisean agus na mothúcháin a bhaineann le húsáid na Gaeilge”.

Dúirt sé nach mbeadh sé “cuí” a leithéid a chur ar an leac gan aistriúchán Béarla a bheith leis in Coventry Shasana, áit a labhraítear Béarla ach rialaigh Morag Ellis, Déan Chúirt Eaglasta Canterbury go raibh cead ráiteas i nGaeilge amháin a chur ar leac uaighe chomh fada agus go gcuirfear an t-aistriúchán Béarla ar fáil i gclár an pharóiste.

Dúirt abhcóide mhuintir Keane, Caoilfhionn Gallagher QC, le linn na héisteachta i Londain inné gur sárú ar chearta an duine ab ea an

cinneadh gan teachtaireacht ómóis i nGaeilge amháin a cheadú ar an leac chuimhneacháin dá máthair.

Thacaigh polaiteoirí sa Bhreatain agus in Éirinn le cás mhuintir Keane agus chuir cuid acu fáilte mhór roimh an toradh tráthnóna inné.

Chuir an Seanadóir de chuid Shinn Féin, Niall Ó Donnghaile, fáilte roimh an an gcinneadh ach dúirt sé go raibh sé uafásach go raibh ar an gclann dul i mbun cúirte chun cead a fháil an teachtaireacht i nGaeilge amháin a chur ar an leac uaighe. Léirigh an cás an “leithcheal” agus “stiogma” a mbíonn ar lucht na Gaeilge cur suas leis i gcónaí.

Bhí súil ag Ó Donnghaile, a dúirt sé, go meabhródh an cinneadh i gcás mhuintir Keane do dhaoine go bhfuil an ceart ag cainteoirí Gaeilge saol a chaitheamh saor ó leatrom.

Thug Conradh na Gaeilge Londan tacaíocht do chás mhuintir Keane agus sa chúirt thagair abhcóide dá gcuid, Tim Moloney QC, don cheangal láidir atá ag Eaglais Shasana leis an nGaeilge. Dúirt sé go raibh an cinneadh leatromach ar mhuintir Keane ar bhonn cearta teanga agus ar bhonn na féiniúlachta náisiúnaí.

#

Léiríodh an-tacaíocht do chás mhuintir Keane ar na meáin shóisialta agus cuireadh an-fháilte roimh chinneadh na cúirte inné.

Fág freagra ar 'Saor cloiche fostaithe chun ‘Inár gcroíthe go deo’ a ghreanadh ar leac Margaret Keane'