‘Saoire na Nollag? Cén tsaoire atá ort!?’ a d’fhiafraigh an scríbhneoir

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: am chun díriú céad faoin gcéad ar pé togra a bhíonn idir lámha acu a bhíonn i saoire na Nollaig do mhórchuid scríbhneoirí

‘Saoire na Nollag? Cén tsaoire atá ort!?’ a d’fhiafraigh an scríbhneoir

Ní fada uainn saoire na Nollag. Gáire dóite a dhéanfaidh mórchuid scríbhneoirí ar chloisteáil na bhfocal sin dóibh; ní saoire a bhíonn i saoire na Nollag don chuid is mó againn a bhíonn ag saothrú an phinn, ach am chun díriú céad faoin gcéad ar pé togra a bhíonn idir lámha againn.

Tá scríbhneoirí ann, fiú amháin, nach gcuireann peann le páipéar ach le linn shaoire na Nollag. An scríbhneoir ón Ísiltír Anton Koolhaas (1912 – 1992) an sampla is túisce a ritheann liom, gearrscéalaí agus úrscéalaí a bhí i gceannas ar Acadamh Scannánaíochta na hÍsiltíre ar feadh na mblianta. Bhreacadh sé síos smaointe le linn shaoire an tsamhraidh agus ansin d’oibríodh sé amach iad le linn shaoire na Nollag.

In achar naoi lá, más fíor, a scríobh Koolhaas an t-úrscéal is mó a thuill cáil dó, Vanwege een tere huid (‘De bharr chraicinn shoghonta’). ‘D’oibrigh mé óna deich a chlog ar maidin go dtí a deich a chlog san oíche, naoi míle focal in aghaidh an lae. Agus ansin bhí sé réidh,’ a dúirt Koolhaas faoin leabhar sin (nach bhfuil sé le haithint air, dála an scéil, gur scríobhadh é faoi dheifir.)

Tá an t-ádh orm féin nach bhfuil de chúraimí orm a bhíonn orm a ionramháil le cois mo chuid scríbhneoireachta ficsin ach dhá cholún in aghaidh na seachtaine do Tuairisc.ie agus corralt iriseoireachta. Mar sin féin, tá mé ag tnúth go mór leis an deis a thabharfaidh briseadh na Nollag dom díriú ar an bhficsean amháin: a luaithe is a bheidh an colún seo seolta go Bearna agam luífidh mé isteach ar an úrscéal atá idir lámha agam le nach mór trí bliana. Tá sé in am an diabhal rud a chríochnú.

Fiú mura mbíonn saothar éigin idir lámha ag scríbhneoir, bíonn an sos um Nollaig úsáideach. Is í an léitheoireacht leathchúpla na scríbhneoireachta, agus is iontach an deis a thugann an t-am saor do dhuine tabhairt faoin gcarn leabhar úd nach mbíonn an t-am aige a léamh i rith na bliana. Agus ar ndóigh, is iontach an t-am í an Nollaig chun teacht i dtír ar na sladmhargaí a bhíonn ag siopaí leabhar agus stáiseanóireachta.

Sin sin, a léitheoirí dílse: tá briseadh tuillte againn óna chéile. Gach rath ar pé togra a bheidh idir lámha agaibh le linn shaoire na Nollag, agus go deimhin gach rath oraibh sa bhlian úr.

Fág freagra ar '‘Saoire na Nollag? Cén tsaoire atá ort!?’ a d’fhiafraigh an scríbhneoir'