Santaí ar Zoom agus ag súil le litreacha i nGaeilge a fháil ó pháistí ar fud na tíre

Idir litreacha atá le seoladh chuig an Mol Thuaidh agus seal le Santaí ar Zoom, tá Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Glór na nGael ag iarraidh a a chinntiú go leanfar le hobair Dhaidí na Nollag i mbliana

Santaí ar Zoom agus ag súil le litreacha i nGaeilge a fháil ó pháistí ar fud na tíre

Tá eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta ag iarraidh a chinntiú go leanfar le hobair Dhaidí na Nollag i mbliana agus go mbeidh deis ag páistí Gaelacha ar fud na tíre litir a chur chuige, nó más maith leo, bualadh leis an fhear mór féin ar Zoom.

Tá Aonad Eilfeanna na Ceathrún Rua ag glacadh le litreacha ó pháistí arís i mbliana agus iad á gcur ar aghaidh chuig Santaí sa Mhol Thuaidh mar is gnáth.

Deir an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta, a bhíonn ag cuidiú leis na heilfeanna litreacha Gaeilge a sheoladh chuig Santaí gach bliain, nach gcuirfidh an coróinvíreas isteach ar sheachadadh na litreacha beag ná mór.

Iarrtar ar pháistí a litreacha chuig Santaí a chur sa phost chuig an seoladh; Litir chuig Santaí, f/ch Tuismitheoirí na Gaeltachta, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe, H91 YOR2.

Mhol na heilfeanna do thuismitheoirí a chinntiú go bhfuil ainm an pháiste agus an seoladh baile curtha le gach litir ionas go mbeidh deis ag Daidí na Nollag scéal a chur ar ais chucu.

Iarrtar ar thuismitheoirí chomh maith na litreacha a chur sa phost roimh an 10 Nollaig lena chinntiú go mbeidh am go leor ag an fhear mór le scéala a chur ais chuig na páistí roimh an Nollaig.

Idir an dá linn, tá Glór na nGael ag cuidiú le Daidí na Nollag cuairteanna fíorúla a eagrú do pháistí ar mhaith leo aithne a chur air i nGaeilge.

Amhail go leor daoine, tá Santaí ag dul i muinín na teicneolaíochta aimsir seo an choróinvíris lena chinntiú go mbeidh deis aige cuairt ar Zoom a thabhairt ar pháistí a bhfuil Gaeilge acu.

Is féidir coinne a chur in áirithe le Santaí, ‘i do rogha canúint’, ar an suíomh Údar.ie. Coinne deich nóiméad atá i gceist agus beidh deis ag Santaí cuairt a thabhairt ar pháistí, sa bhaile nó ar scoil, Luan go hAoine, 3:30-6:30pm agus Dé Sathairn ó 11.00am-6pm ón 10-20 Nollaig.

Tá bronntanais Ghaeilge i mála Santaí i mbliana, lena n-áirítear réimse cluichí boird, teidí agus beart leabhar. Cosnóidh coinne fíorúil le Santaí idir €10-€30 ag brath ar an bhronntanas a roghnaítear.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil Santaí “ag súil go mór” le hOíche Nollag i mbliana agus go mbainfidh sé “an-sásamh ar fad” as na comhráití ar Zoom agus as freagairt na litreacha i nGaeilge.

Fág freagra ar 'Santaí ar Zoom agus ag súil le litreacha i nGaeilge a fháil ó pháistí ar fud na tíre'