Samhlaigh Éire dhiostóipeach ina mbeadh cosc ar mhúineadh na Gaeilge agus eolas faoin nGorta…

Léiríonn baint an leac chuimhneacháin don Holodomor fíornádúr coilíneach ionradh na Rúise ar an Úcráin 

Samhlaigh Éire dhiostóipeach ina mbeadh cosc ar mhúineadh na Gaeilge agus eolas faoin nGorta…

Pictiúr: Comhairle Cathrach Mariupol

Inniu i mBaile Átha Cliath bhain fórsaí forghabhála na Breataine anuas na dealbha cuimhneacháin don ‘Gorta Mór’ mar a thugann Náisiúntóirí Éireannacha air, ar Ché Theach an Chustaim i mBaile Átha Cliath. Ghabh fórsaí na Breataine seilbh ar an gcathair tar éis léigear inar maraíodh na mílte áitritheoir níos luaithe i mbliana. Mhaígh náisiúntóirí Éireannacha gurbh é an ‘Gorta Mór’ an tubaiste is mó i stair na hÉireann agus go raibh sé i bhfad níos measa mar gheall ar neamhaird agus dearcadh frith-Éireannach i measc uas-aicme na Breataine.

Maíonn an regime de chuid na heite deise atá i gceannas sa Bhreatain, áfach, go ndearnadh áibhéil faoi scála an ghorta in Éirinn sna 1840idí agus nach raibh mórán difríochta idir an méid a tharla agus an méid a bhí ag tarlú in áiteanna eile sa Ríocht Aontaithe agus san Eoraip sna blianta sin. 

Thaispeáin an BBC, craoltóir stáit na Breataine físeán de na dealbha ar Ché an Chustaim agus leoraí á réabadh as an láthair. ‘Nílimid ag baint amach leac cuimhneacháin. Táimid ag fáil réidh le siombail den bhréagfhaisnéis pholaitiúil a scaipeadh i measc an phobail, go háirithe an ghlúin óg,’ a dúirt gníomhaí le grúpa pro-Breataineach Kevin Foster leis an BBC. 

Dúirt an léachtóir ollscoile Roy Harris: ‘Is fearr gan a bheith ag cur tréimhsí scanrúla sa stair i gcuimhne do dhaoine arís agus arís eile. Ba chóir dúinn ár dtír dhúchais, An Ríocht Aontaithe, a choimeád glan agus néata agus na cuimhní ar ár bhfadhbanna a choimeád inár n-anam.

Ní sliocht as úrscéal diostóipeach Gaeilge nua é seo. Is éard atá ann ná leagan leasaithe d’alt sa nuachtán neamhspleách Rúiseach an Moscow Times atá á fhoilsiú lasmuigh den Rúis.

Ag samhlú atáim gur in Éirinn seachas san Úcráin atá an scéal ag tarlú agus gurbh í an leac don Ghorta Mór i mBaile Átha Cliath seachas an leac don Holdomor nó Gorta na hÚcráine in Mariupol atá i gceist. Tá an físeán a ndéantar tagairt dó san alt le feiceáil ar an suíomh nuachta Úcránach seo.

Maíonn ceannairí réimeas na Rúise uaireanta go bhfuil meas acu ar Úcránaigh agus ar a gcultúr ach léiríonn baint an leac chuimhneacháin don Holdomor (mar a thugann muintir na hÚcráine ar a nGorta siúd) fíornádúr coilíneach fhorghabháil na Rúise ar an Úcráin.

Fuair milliún duine bás i ngorta na hÉireann agus chuaigh milliún eile ar imirce dá bharr. Tá díospóireacht i measc staraithe faoi cé mhéad den mhilleán a bhí ar rialtas na Breataine faoin méid a tharla. Aontaíonn formhór staraithe, áfach, gur chruthaigh rialtas an Aontais Shóivéadaigh an gorta san Úcráin d’aon ghnó nó ar a laghad gur thuig siad go maith gurbh é sin an toradh a bheadh ar a gcuid polasaithe.

Maíonn roinnt staraithe gur cinedhíothú i gcoinne na hÚcráine a bhí ann agus staraithe eile gur coir i gcoinne na daonnachta a bhí ann ach gurbh í an aidhm a bhí leis aonsealbhú nó úinéireacht stáit a ghlacadh ar an gcóras talmhaíochta. Chuir na hÚdaráis Shóivéadacha cuótaí arbhair i bhfeidhm ar na tuathánaigh nach bhféadfaí a chomhlíonadh agus fágadh na céadta míle duine gan aon rud le n-ithe.

Déantar cur síos i The Gates of Europe le Serhii Plokhy ar conas i mBealtaine 1932 gur roghnaigh ionadaí ó Choiste Lárnach an Pháirtí Chumannaigh i gCív seacht sráidbhaile go randamach i gceantar Uman. Bhí 216 bás cláraithe de bharr ocrais an mhí sin agus bhíothas ag súil go bhfaigheadh 686 eile bás laistigh de chúpla lá.

I gceann de na sráidbhailte, Horodnystia, scríobh an feidhmeannach ina thuairisc go raibh ‘suas le 100 tar éis bháis; is é 8-12 líon laethúil na mbásanna; tá daoine ata leis an ocras in 100 as 600 líon tí’. D’iarr Vlas Chubar, ceannaire an rialtais Shóivéadaigh san Úcráin, ar Stalin cúnamh a sholáthar. Dhiúltaigh Stalin don achainí agus chuir sé cosc ar úsáid an fhocail ‘gorta’ in aon chomhfhreagras oifigiúil. Meastar go bhfuair ar a laghad 3.9 milliún Úcránach bás sa Holodomor.

Tá neart fianaise freisin faoi na hiarrachtaí a rinneadh stair, cultúr agus féiniúlacht Úcránach a chealú sa chóras oideachais sna críocha gafa. I mí an Mheithimh dúirt Sergey Kravtsov, Aire Oideachais na Rúise go dtosódh scoileanna sna críocha gafa ag oibriú de réir chaighdeáin na Rúise chun ‘comhshamhlú’ leis an Rúis a bhaint amach. Dúirt sé go gcaithfí oideachas Úcránach ‘a cheartú’.

Bhí cúpla gné i gceist leis seo. Tugadh an curaclam Rúiseach isteach in áit churaclam na hÚcráine. Tosaíodh ag múineadh stair na Rúise in áit stair na hÚcráine gan aon tagairt don Holdomor nó d’ainghníomhartha Sóivéadacha eile i gcoinne mhuintir na hÚcráine. Cuireadh cúrsaí ar litríocht na Rúise ar fáil in áit cúrsaí ar litríocht na hÚcráine.

Athraíodh an teanga múinteoireachta ón Úcráinis go dtí an Rúisis. Fógraíodh pleananna chun ‘athoiliúint’ a chur ar mhúinteoirí Úcránacha agus chun múinteoirí ón Rúis a chur isteach sna scoileanna sna críocha gafa. Tá líomhaintí déanta go bhfuil imeaglú agus bagairtí déanta ar mhúinteoirí Úcránacha a chuir i gcoinne na n-athruithe seo.

Samhlaigh é seo ar fad ag tarlú sa todhchaí dhiostóipeach Éireannach ag tús an ailt seo – deireadh curtha leis an ngaelscolaíocht, deireadh le múineadh na Gaeilge sna scoileanna Béarla, deireadh le múineadh stair na hÉireann agus le haon eolas faoin nGorta, múinteoirí ó Shasana á gcur isteach sna scoileanna, múinteoirí á ‘n-athoiliúint….’

Mar a scríobh mé anseo cheana, is féidir breathnú ar an gcogadh san Úcráin trí scata priosma. Ach ní féidir iarracht na Rúise féiniúlacht agus náisiúntacht na hÚcráine a chur ar ceal a fhágáil as an áireamh in aon anailís ionraic ar a bhfuil ag tarlú.

Fág freagra ar 'Samhlaigh Éire dhiostóipeach ina mbeadh cosc ar mhúineadh na Gaeilge agus eolas faoin nGorta…'

  • Seán Mag Leannáin

    “Tá díospóireacht i measc staraithe faoi cé mhéad den mhilleán a bhí ar rialtas na Breataine faoin méid a tharla [sa Ghorta Mór]. Aontaíonn formhór staraithe, áfach, gur chruthaigh rialtas an Aontais Shóivéadaigh an gorta san Úcráin d’aon ghnó nó ar a laghad gur thuig siad go maith gurbh é sin an toradh a bheadh ar a gcuid polasaithe.” Ní thabharfainn sochar an amhrais i dtaobh an Ghorta Mhóir do rialtas na Breataine ach oiread agus a thabharfainn aon leithscéal do na Rúisigh i dtaobh an Holodomor.

  • Séamus Ó Súilleabháin

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************

    ‘Maggie Nua(2)Rishi’ tofa ag ciorcal caipitileach na dTóraithe

    –Idir an dá linn ‘Maggie Nua(2)’ tofa ag ciorcal caipitileach na dTóraithe agus lucht na maoine —

    ——‘ Dúisigh a Mhaggie/Rishi/, tá rud eigin a chaithfidh mé a rá leat’, mar a deir an t-amhrán cuid de scor ar bith —–

    An dallamhullóg nua le cur arís ar mhuintir na Breataine ag na Tóraithe agus fiú amháin ar mhuintir na Sé Chontae ná bí ag caint ar an Taoiseach ná ar Rí Cathal a trí.

    ‘S Rishi a bhfuil rún aige an córas caipitileach a bhainistiú ar son lucht an tsaibhris agus an gnáth duine fágtha ar an trá folamh gan aige/aici óna lámh go dtí a b(h)éal faoi bhoilsciú a choinníonn an brabus ag fás agus do chosa fuar.

    Cluas bodhair tugtha acu d’Éirinn agus a cás faoi Athaontú na tíre lena seasamh láidir chun fáil réidh le gnéithe de Phrótacal/Nós-imeachta an ‘Tuaiscirt’.

    ‘Alt 16’ á chur i bhfeidhm agus Teorainn nua a chruthú ag na Sasanaigh arís gan bacadh le Ceannasaíocht na Tíre seo.

    Níorbh féidir comhaontú a shocrú le dream ar bith de chineál na dToraithe anois go bhfuil ‘Maggie nua(2)’ aimsithe acu.

    Tabhair bata is bóthar dóibh as an tír seo chun a’ bhaile go dtí an Bhreatain mar a d’fhoglaim muid ó Stair na Tíre seo.

    Is mise
    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí

    An Ghaeltacht,
    Bloc E
    Ardán 1

    Príosún Phort Laoise

    Éire

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************

  • Uillinn eile ar an phriosma

    Samhlaoid eile a d’fhéadfaí a chur leis an ‘scata priosma’ (sic) a luann údar an ailt. Samhlaigh domhan útóipeach ina mbeadh tír láidir Ghaelach – Alba, b’fhéidir – agus go gcuirfeadh an tír sin trúpaí go hÉirinn chun pobal na Gaeltachta a shábháil ó ghéarleanúint stát Béarla na hÉireann.

    Ní slán an chomparáid a dhéanann údar an ailt idir an Úcráin agus Éire. Ní mór a aithint go bhfuil pobal san Úcráin a bhfuil féiniúlacht Rúiseach acu. B’fhéidir a mhaíomh go réasúnach nach áil leis an Rúis “féiniúlacht agus náisiúntacht na hÚcráine a chur ar ceal” ach gur mhaith léi a pobal muinteartha san Úcráin a chosaint ó ghéarleanúint stát na hÚcráine.

    Cén ceart atá ag stát na hÚcráine teagasc as Úcráinis a bhrú ar Rúisiseoirí na hÚcráine?

  • Máire

    Chuir an físeán sin agus iad ag maíomh go hoscailte as leac don Holdomor a scriosadh déistean orm. Tá na hÚcráinigh ag iarraidh athbheochan a dhéanamh ar a dteanga náisiúnta, teanga a bhí faoi chois agus ceart acu sin a dhéanamh ina dtír fhéin. Bíonn dream éigin i gcónaí a chuireann i gcoinne próiseas díchóilínithe nó próiseas athbheochana. Níl an Rúísis i mbaol ón Úcráinis. Sí an Úcráinis atá i mbaol ón Rúisis. Trua nach bhfuil an dul chun cinn céanna déanta againne leis an nGaeilge.

  • Art

    An Rúis ag iarraidh a gcoireanna in aghaidh na hÚcráine san am atá thart agus sa lá atá inniu ann a chur faoi cheilt. Ach ní eireoidh leo. Beidh cuimhne an Holdomor agus Bucha agus Mariupol agus Izium ina smál go deo ar stair na na Rúise. Bíonn aighis faoi chúrsaí teanga ina lán tíortha – an Bheilg, Ceanada, An Bhreatain Bheag…. Ní thugtar ‘gearleanúint’ ar seo agus is cinnte nach leithscéal é le haghaidh marú, céasadh, éigniú agus scrios.