An Úcráin – seach-chogadh, ionradh impiriúlach, cogadh idé-eolaíochta agus coimhlint eitneach 

Má chasann taoide an chogaidh i bhfabhar na hÚcráine bí ag súil leis go gcuirfidh Meiriceá an chos ar na coscáin ag pointe éigin

An Úcráin – seach-chogadh, ionradh impiriúlach, cogadh idé-eolaíochta agus coimhlint eitneach 

Ní haon léargas géarchúiseach é a rá go bhfuil seach-chogadh á throid idir an Rúis agus Meiriceá san Úcráin. Tá cumas na hÚcráine troid i gcoinne an ionraidh ag brath go mór ar thacaíocht mhíleata Mheiriceá agus baill eile NATO agus tá infheistíocht pholaitiúil mhór déanta ag an Uachtarán Biden sa chogadh. Chaithfeá a bheith dallta ag ídé-eolaíocht chun é sin a shéanadh.

Ach is fíor freisin gur cogadh impiriúl seanfhaiseanta é iarracht na Rúise deireadh a chur le neamhspleáchas na hÚcráine. Ní gá dúinn ach éisteacht leis an méid atá ráite ag Putin féin, ag lucht ceannais na Rúise agus ag tráchtairí mheáin stáit na Rúíse chun sin a thuiscint. Tá sé ráite go hoscailte acu nach bhfuil sé de cheart ag an Úcráin maireachtáil mar náisiún atá neamhspleách ar an Rúis. Fianaise eile is ea an tslí go bhfuil cosc á chur ar an Úcráinis mar mheán teagaisc i scoileanna sna críocha gafa.

Is coimhlint atá ann freisin idir an daonlathas agus an t-uathlathas, sa mhéid is gur léir gur tír dhaonlathach (neamhfhoirfe) atá san Úcráin ina dtarlaíonn athrú rialtais go rialta i dtoghcháin, agus gur uathlathas í an Rúis ina dtuigeann gach duine go bhfuil Putin chun fanacht i gcumhacht chomh fada agus is mian leis sin a dhéanamh. 

Chomh maith leis sin, d’fhéadfá an argóint a dhéanamh gur coimhlint eitneach atá ann, go háirithe in oirthear na tíre agus go háirithe suas go dtí mórionradh na Rúise ar an 22 Feabhra. Tuigim dar ndóigh nach bhfuil gach Rúiseach eitneach ar thaobh na Rúise, ach tá Protastúnaigh ann i dTuaisceart na hÉireann ar Náisiúntóirí iad. Níl á rá agam ach go bhfuil bunús áirithe leis an tuairim sin faoin eitneacht.

Bhí an tuairim á cur chun cinn ag tráchtairí áirithe ag tús an chogaidh gur aighneas idir grúpaí teanga a bhí ann ach ní chloistear seo móran níos mó toisc gur léir gur beag bunús atá leis. 

Is é fírinne an scéil gur seach-chogadh idir Meiriceá agus an Rúis AGUS ionradh impiriúlach AGUS cogadh idir an daonlathas agus an t-uathlathas AGUS coimhlint eitneach atá i gcogadh na hÚcráine. Is féidir leis na rudaí seo ar fad a bheith fíor, nó fíor go pointe áirithe, ag an am céanna.

Má tá údar maith ag dream ar bith é seo a thuiscint, is iad muintir na hÉireann an dream sin. Nach bhfuair ceannairí Éirí Amach na Cásca cúnamh ó Impireacht na Gearmáine? Nach raibh teagmhálacha agus iarrachtaí ar chomhoibriú i rith an Dara Cogadh Domhanda idir an tIRA agus an Ghearmáin a bhí i mbun concas impiriúil faoi cheannas na Naitsithe? Nár chuir an Fhrainc agus an Spáinn a ladhar i gcúrsaí na hÉireann freisin?

An gciallaíonn sin nár chóir seasamh a thabhairt do na dreamanna Éireannacha a bhí rannpháirteach sna himeachtaí sin agus a rá gur seach-chogaí a bhí iontu idir Sasana/An Bhreatain agus an Ghearmáin/An Fhrainc/An Spáinn? Shamhlóinn gur beag léitheoir de chuid Tuairisc a d’aontódh leis an méid sin.

Cén fáth mar sin go séanann tráchtairí áirithe go bhféadfadh muintir na hÚcráine a bheith ag stiúradh a gcinniúna féin ar nós náisiún ar bith eile a ghlacann le cabhair ó namhaid a namhad in am an ghátair? Sea, tá daille idé-eolaíoch ar an té a déarfadh nach seach-chogadh é seo, ach tá daille ídé-eolaíoch freisin ar an té a déarfadh gur seach-chogadh é agus gur sin amháin atá ann. 

In aon iarracht ionraic anailís a dhéanamh ar an gcogadh seo, chaithfí breathnú air tríd na priosmaí ar fad atá luaite agam, agus b’fhéidir trí cinn eile freisin. Ba chuma cé mhéad billiún dollar de chúnamh míleata a thabharfadh Meiriceá don Úcráin, ní bheadh tionchar ar bith aige murach go raibh an toil agus an mhian ag muintir na tíre iad féin an fód a sheasamh i gcoinne an ionraidh.

As an gcineál smaointeoireachta simplí céanna a thagann an nath seo faoi Mheiriceá nó an t-iarthar a bheith ag ‘troid go dtí an tÚcránach deireanach’. Déanann sé neamhaird arís ar mhianta agus ar thoil mhuintir na hÚcráine. 

Éinne a chaitheann am ar bith ag caint le hÚcránaigh is léir dó an fuath atá ina gcroí anois don Rúis agus an diongbháilteacht atá iontu nach ngéillfidh siad oiread is orlach amháin de chríocha na tíre don Rúis go deo, an Chrimé san áireamh. 

Níor mhiste leo ach an oiread dá scriosfaí an Rúis agus dá marófaí Vladamir Putin. Is léir freisin d’aon anailísí inchriedte go bhfuil Meiriceá ag iarraidh go mbainfí bua amach ar an Rúis san Úcráin ach go bhfuil siad neirbhíseach faoi dhul rófhada. Fianaise air sin is ea an cosc a chuireann siad ar an Úcráin aon airm a thugann siad dóibh a úsáid chun ionsaí a dhéanamh ar an Rúis féin. 

Tá siad ag cur iachall ar an Úcráin troid agus lámh amháin ceangailte taobh thiar dá ndroim. Má éisteann tú go cúramach leis an méid atá á rá ag ceannairí an iarthair atá ag tacú leis an Úcráin, tá sé follasach nach labhraíonn éinne acu faoin gCrimé a athghabháil ná faoi gach uile orlach de na críocha gafa a ghabháil ar ais ón Rúis. Tá siad ag iarraidh go n-éireodh go maith leis na hÚcránaigh – ach nach n-éireodh rómhaith leo.

Cuimhnigh ar an tréigean a rinne Meiriceá ar phobal Siach na hIaráice tar éis don uachtarán George Bush áiteamh orthu éirí amach i gcoinne Saddam Hussein i 1991. Nuair a rinne siad mar a d’iarr sé dhiúltaigh Meiriceá cabhrú leo agus lig siad d’fhórsaí Saddam Hussein sléacht a dhéanamh orthu. In 2019 thréig Donald Trump comhghuaillithe Coirdíneacha Mheiriceá sa tSiria. Agus ná déanaimis dearmad ar chinniúint chomhghuaillithe Mheiriceá san Afganastáin faoi réimeas an Uachtaráin Biden féin. 

Má chasann taoide an chogaidh i bhfabhar na hÚcráine bí ag súil leis go gcuirfidh Meiriceá an chos ar na coscáin ag pointe éigin agus go mothóidh muintir na hÚcráine gur ligeadh síos iad nuair a bhí siad ar tí an jab a chríochnú. 

Fág freagra ar 'An Úcráin – seach-chogadh, ionradh impiriúlach, cogadh idé-eolaíochta agus coimhlint eitneach '

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Alt tomhaiste faoin gcogadh sa Ucráin. Le deireadh a chur leis an gcogadh uafásach seo caithfear an brú a choinneáil ar an Rúis. Is beag is féidir leis an duine aonair a dhéanamh agus is fiú an beagán sin a dhéanamh. Beidh 6 mhí ann seachtain ón Déardaoin seo chugainn, 24 Lúnasa. Céard faoi agóid a dhéanamh an lá sin thar aon lá eile lenár míshástacht leis an Rúis a chur in iúl?

  • Donncha Ó hEallaithe

    Is ar an gCéadaoin seo chugainn, 24 Lúnasa, ní an Déardaoin mar a dúras thuas, a bheas 6 mhí caite ó thrasnaigh fórsaí armtha na Rúise teorann na hUcráine le tús a chur leis an gcogadh.