Salann, ‘souperism’, stair agus an chéad mhisean ‘Gaeilge’ ar Oileán Acla

Chuir mír raidió ár gcolúnaí ag smaoineamh ar Acaill agus ar iarsmaí na staire atá le sonrú go láidir fós ann

Salann, ‘souperism’, stair agus an chéad mhisean ‘Gaeilge’ ar Oileán Acla

Bhíos ag éisteacht le mír an-suimiúil ar Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an lá cheana. Kieran O’Malley, duine de bhunaitheoirí ‘Salann Mara Acla’ (Achill Island Salt) a bhí ag caint.

Seo ‘trend’ nua a dúirt mé liom féin, daoine ag filleadh ar an mbaile chun gnó a bheadh bunaithe ar acmhainní nádúrtha a chur ar siúl.

Is deas an casadh é ar ‘thréigean na tuaithe’ a gcloistear an oiread sin faoi.

Chuir sé ag smaoineamh mé ar Acaill agus ar iarsmaí den ‘tréigean’ sin atá le sonrú go láidir fós ann. Tá cáil mhór ar an mbaile ‘tréigthe’ gar don Sliabh Mór ach níl a fhios go cinnte ar tréigeadh le linn an Ghorta é, nó níos gaire dár linn féin.

Cúpla bliain ó shin thugamar cuairt ar Acaill agus d’fhan i dteach lóistín an ‘Bervie’ sa Chaol a bhfuil a stair féin aige ag dul siar go tús na haoise seo caite. Ar lorg ‘ionaid scannánaíochta’ a bhíomar ag an am agus thug an cuardach muid go dtí an áit ar bunaíodh ‘Misean’ cáiliúil in Acaill i dtús an 19ú céad.

Bhí go leor de na foirgnimh fós ansin – an t-óstán, an áit ar priontáladh an ‘páipéar,’ na tithe cónaithe, an Halla agus an séipéal i nDumha Goirt.

Chuamar isteach i séipéal Naomh Tomás.

Níl rud ar bith is fearr liom féin ná cuairt a thabhairt ar shéipéil agus ar reiligí. Is ionann reilig agus stair áitiúil. Ainm agus sloinne, aois, páistí, seoladh…

Tháinig an feighlí séipéil isteach chun labhairt linn agus muid istigh sa séipéal.

Chuir sé na mílte fáilte romhainn agus roimh ár gcuid ceisteanna.

An t-am sin, trí  bliana ó shin, ní raibh ach seachtar de phobal Dé fágtha ann agus gan duine ar bith acu faoi bhun 70. Thagadh cuairteoirí sa samhradh cinnte, ach sin an méid a bhí fágtha de mhisean ollmhór an Chanónaigh Nangle.

Tháinig Nangle go hAcaill in 1831. Bhíothas tar éis coiste a bhunú i mBaile Átha Cliath chun misean a bhunú ann- ‘…the first missionary settlement which had ever been established among the native Irish using the Irish language’.

Ar an long in éindí le Nangle bhí lasta min choirce le teacht i gcabhair orthu siúd a bhí ag fáil bháis den ocras. (Agus tharla seo roimh an nGorta Mór.)

Cheannaigh an Misean 130 acra talún ar 90 punt. Thógadar feirm agus tosaíodh ar na foirgnimh eile. Osclaíodh scoil i Sliabh Mór in 1834. Bhí 43 dalta scoile ag freastal uirthi faoin Nollaig. Faoi 1835 bhí scoileanna i nDumha Goirt, Sliabh Mór, An Caiseal agus an Caol agus 420 dalta scoile ag freastal orthu.

In 1848 thug an tOirmhinneach Plunkett, Easpag Thuama cuairt ar an misean, ar an dílleachtlann, agus ar na scoileanna- a raibh 2,000 dalta iontu faoin am sin.

In 1855 osclaíodh Séipéal San Tomás.

I measc na n-oibreacha éagsúla a bhí ar siúl ag an misean bhí foilsiú an Achill Missionary Herald, páipéar a cuireadh amach gach mí in éineacht le leabhair agus ábhar clóite eile. Ba i nGaeilge a bhí na leabhair urnaí agus an Bíobla. Tá an teach inar foilsíodh iad fós ann. Bhí clinic agus dochtúir ann mar chuid den mhisean freisin. Tógadh céibheanna ar mhaithe leis an iascaireacht.

De réir a chéile tháinig meath ar an misean agus ar na hoibreacha éagsúla. Chuir an imirce isteach go damanta orthu sa dara leath den 19ú haois.  Agus ansin le teacht na nAchtanna Talún, tháinig rialacha nua isteach maidir le cíos talún, baineadh cuid den talamh uathu de réir a chéileagus ba é Acht Talún 1909 a chuir ar chumas Bhord na gCeantar Cúng an chuid eile den talamh a thógáil ón Misean.

Bhí scéal an Chanónaigh Nangle conspóideach agus ag brath ar cé a bhí ag insint an scéil.  Ar ndóigh ba chun an Protastúnachas a scaipeadh a tháinig an Misean ann. Ach rinneadh cuid mhaith oibreacha chun leasa an phobail.

Le drochmheas, tugadh ‘souperism’ ar an gcineál oibre a bhíodh ar siúl ag an misean.

Ach i 1996, d’iarr Scoil Acla ar an Oir. Patrick Comerford (iriseoir leis an Irish Times tráth) caint a thabhairt a dhéanfadh athscrúdú ar Nangle. Tháinig mé ar an léacht sin i leabhrán a bhí istigh sa séipéal.

Is cosúil nach raibh aon scoil rialta ar an Oileán sula tháinig an misean ann. Mar aon leis na hoibreacha a luaigh mé, cuireadh tús le hóstáin agus cuireadh bonn faoin turasóireacht tráth a raibh an tír an-bhocht.

Bhí moladh ag an sagart paróiste i mBéal an Mhuirthead ag an am, Dean John Patrick Lyons, do Nangle – ‘an excellent man, doing a great deal of good to the poor people of Achill.’

Agus ba chosúil, tar éis an méid a bhí bainte amach ag an misean, gur dhúisigh an Eaglais Chaitliceach agus gur thosaigh siad ag bunú scoileanna. Bunaíodh mainistir Chaitliceach i mBun an Churraigh ar an oileán.

Is i mBun an Churraigh atá ‘Achill Sea Salt’ freisin. Agus is ansin atá scéal na himirce droim ar ais anois agus fáiltímid ar fad roimhe sin.

Deirtear go bhfuil an salann go hálainn i mbia. Nuair a chuir mé tvuít amach tar éis an chláir, d’fhreagair cara liom agus dúirt go ndéanann sé maitheas freisin do ‘cosa atá tinn’. Agus is saineolaí ise ar an ábhar sin.

Fág freagra ar 'Salann, ‘souperism’, stair agus an chéad mhisean ‘Gaeilge’ ar Oileán Acla'