Sáinn Seamus Woulfe agus an Breitheamh sa bhuncar

An tOireachtas a chaitheann cinneadh a dhéanamh breitheamh a dhíbirt as oifig

Sáinn Seamus Woulfe agus an Breitheamh sa bhuncar

Is deacair breitheamh de chuid na Cúirte Uachtaraí a bhriseadh as oifig.

Níl aon chumhacht neamhspleách ag an Taoiseach féin ná a rialtas fiú é sin a dhéanamh. Agus ní féidir leis an bPríomh-Bhreitheamh Frank Clarke é a dhéanamh ar a chonlán féin. De réir Bhunreacht na hÉireann, caithfidh an tOireachtas féin an cinneadh a dhéanamh breitheamh a dhíbirt as oifig. (De ghnáth, bíonn an tOireachtas faoi smacht Rialtas na hÉireann toisc go mbíonn móramh ag an rialtas céanna sa Dháil). Ní foláir dhá mhóramh parlaiminte, ceann sa Dáil agus ceann sa Seanad, a bheith ann chun breitheamh a bhriseadh as oifig. Nuair a ritear dhá rún cuí, ní foláir don Uachtarán ordú a dhéanamh a bhriseann an breitheamh as oifig.

Cé nach bhfuil aon chumhacht neamhspleách ag an bPríomh-Bhreitheamh ordú a thabhairt do bhall eile dá chúirt féin éirí as, is féidir leis (nó léi) comhairle a thabhairt agus brú neamhoifigiúil a chur ar bhreitheamh eile atá i sáinn phoiblí.

Rud fíor-annamh é seo, ach tharla rud éigin dá leithéid i 1999 nuair a d’éirigh breitheamh eile as an gCúirt Uachtarach. Ba é sin Hugh O’Flaherty. Scríobh an Príomh-Bhreitheamh Liam Hamilton tuarascáil mar gheall ar ‘chonspóid Sheedy’ nuair a scaoileadh saor go luath fear a bhí curtha i bpríosún tar éis timpiste bhóthair. Cuireadh i leith O’Flaherty agus breitheamh eile san Ard-Chúirt go raibh baint de shaghas éigin acu beirt leis an gcinneadh ait pionós Sheedy a mhaolú agus é a scaoileadh saor go luath.

Dhiúltaigh O’Flaherty aon cheisteanna a fhreagairt go poiblí agus ní raibh sé sásta teacht os comhair coiste Dála nuair a tugadh cuireadh dó.

Dúirt an Príomh-Bhreitheamh ina thuarascáil go raibh botún déanta ag O’Flaherty, agus más ea, go raibh dochar déanta aige do chóras bunreachtúil na tíre. Chuir rialtas Bertie Ahern in iúl do chách go gcuirfí an scéal go léir faoi bhráid an Oireachtais féin mura mbeadh O’Flaherty sásta géilleadh agus éirí as oifig.

D’fhéadfadh an breitheamh imeacht dá dheoin féin, nó bhrúfaí amach é. D’éirigh O’Flaherty as gan aon vóta a bheith ann.

Cad mar gheall ar an mBreitheamh Seamus Woulfe, a bhí i láthair ag an ndinnéar gailf cáiliúil sin sa Ghaillimh ag a raibh níos mó daoine i láthair ná mar a bhí ceadaithe de réir srianta Covid-19 an Rialtais?

Ní féidir leis an Oireachtas breitheamh a bhriseadh as oifig “ach amháin de dheasca mí-iompair nó míthreorach” [Airteagal 35.4.1.]. An ndearna sé botún trí thimpiste nó an raibh mí-iompar dáiríre i gceist ó thaobh an dinnéir seo de?

Sin an cheist a bheadh le freagairt ag an Dáil agus an Seanad dá socrófaí vóta chun é a bhrú amach.

Bhí O’Flaherty i sáinn níos measa toisc gur cuireadh ina leith gur chuir sé isteach ar chúrsaí dlí chun cabhrú le fear amháin. Is léir, áfach, nach mór an chabhair an difríocht sin do Woulfe fé láthair agus an tír ar fad ar deargbhuile le gach éinne a bhí i láthair ag an ócáid san óstán sa Ghaillimh.        

Fág freagra ar 'Sáinn Seamus Woulfe agus an Breitheamh sa bhuncar'