Tá tagairtí déanta agam roimhe seo don chaoi ar chuir an Garda Síochána agus Óglaigh na hÉireann go mór leis an saol spóirt nuair a tháinig an stát seo ar an saol i 1922. D’aon ghnó thugadar faoi earcú a dhéanamh ar fhir óga lúfara agus ní mba fada go raibh a thoradh sin le feiceáil.
Ar dhuine de na hearcaigh ba thúisce bhí Larry Stanley a bhí ina chaptaen ar Chill Dara nuair a bhuaigh siad Craobh Peile na hÉireann i 1919. Lúthchleasaí ar an gcaighdeán ab airde ab ea Stanley freisin a rinne ionadaíocht ar son na hÉireann sa léim ard ag na Cluichí Oilimpeacha i 1924.
Bhí Mick Gill, a bhí ar fhoireann na Gaillimhe a bhuaigh an Chraobh Iomána i 1923 agus Garret Howard a bhuaigh cúig chraobh ar chuid díobh siúd ba thúisce ar glacadh leo freisin.
Dála Stanley ba sa bpríomhchathair a bhí Gill agus Howard lonnaithe agus idir iadsan agus leithéidí Pat ‘Fowler’ McInerney (Clár 1914) ba ghearr go mba ag na Gardaí a bhí an fhoireann iomána ab fhearr i mBaile Átha Cliath, áit ar bhuaigh siad craobh an chontae sna blianta 1925, 1926, 1927, 1928, 1929 agus 1931.
Bhí foireann pheile ag na Gardaí sa bpríomhchathair freisin ar a raibh leithéidí Stanley agus imreoirí idirchontae. Faoi dhó a thug foirne na nGardaí an dá chraobh leo i mBaile Átha Cliath (1927 agus 1929). Bhuaigh foireann Gardaí Craobh Peile Chorcaí i 1950.
Ní raibh Ned Tobin as Béal Átha Lúbaigh i dTiobraid Árann ach 11 bliain nuair a earcaíodh na Gardaí ba thúisce ach faoin am a raibh sé in aois fir ba bheag nach dtabharfadh lucht a mbunaithe a dhá súil ar a leithéid. 6’ 7” (2m) ar airde agus déanta dá réir. Liostáil sé agus ní mba thúisce an éide air ná a thug sé leis an ceann ba thúisce de na 37 Craobh Náisiúnta a bhuaigh sé ag caitheamh an mheáchain agus na teisce.
Ba é a leithéid a thugadh na mílte ag comórtais na nGardaí chuile bhliain nuair a dhéantaí iad sin a reáchtáil i bPáirc an Chrócaigh.
Cé go bhfuil na Cluichí Gaelacha fite fuaite i stair spóirt Óglaigh na hÉireann freisin ní feictear dom go mba mhó iomaíocht inmheánach a chleacht a gcuid foirne peile agus iomána ná a rinne siad mar chlubanna neamhspleácha.
Mura bhfuil dul amú orm ba i nGaillimh, i mBaile Átha Cliath agus san Iarmhí amháin a tharla sé gur bhuaigh foirne de chuid an airm craobhacha sinsearacha contae – an Chéad Chath i gCraobhacha Peile na Gaillimhe i 1940 agus 1951, Beairic Átha Luain Craobhacha Iomána na hIarmhí i 1926 agus 1927 agus cumann iomána a raibh Army Metro orthu sa bpríomhchathair i 1933, 1935, 1938.
Bhí bunú Scoil Eachaíochta an Airm i 1926 ar cheann de na beartais ba mhó a bhfuil rath fós air i stair spóirt na n-eagraíochtaí atá faoi chaibidil agam. Céad bliain dár gcionn tá an dá chuspóir a bhí lena bunú á mbaint amach i gcónaí – comórtais seómharcaíochta a bhuachan ar an stáitse idirnáisiúnta agus tríd sin ardán a thabhairt do mhianach an chapaill Éireannaigh.
Ba Rúiseach, An Coirnéal Paul Rodzianko, ina chéad phríomhtheagascóir a ceapadh agus b’ait é. In imeacht bliana bhí Corn an Aga Khan buaite acu i nDroichead na Dortha agus idir 1931 agus 1939 chrochadar leo 20 mórchomórtas idirnáisiúnta idir Baile Átha Cliath, Lucerne, Bostún, Toronto, Nice, Amsterdam, Aachen, Londain agus Nua-Eabhrac. Bhí na Captaein Ged O’ Dwyer agus Cyril Harty as Luimneach, Dan Corry as Gaillimh agus Fred Aherne as an gCabhán chomh cáiliúil le haon lúthchleasaí idirnáisiúnta.
Is liosta le lua ainmneacha na saighdiúirí a shaothraigh ó thús ama ar fhoirne idirchontae Chumann Lúthchleas Gael – Con Brosnan agus Joe Keohane Chiarraí, John Joe O’Reilly agus Simon Duignan an Chabháin, Dermot Earley agus Bill Jackson Ros Comáin, Cathal O’Leary Átha Cliath, Eamon Young Chorcaí agus go leor nach iad.
Nuair a bhuaigh peileadóirí na Gaillimhe Corn Mhig Uidhir i 1956 bhí bheirt Ghardaí – Gerry Daly agus Frank Evers, mar aon le triúr oifigeach airm – Jack Kissane, Billy O’Neill agus Joe Young ar an bhfoireann.
Ba bheag spórt nár chleacht lucht na héide. Gardaí ar fad ab ea an criú ceathrar rámhaithe a sheas an fód d’Éirinn ag na Cluichí Oilimpeacha i Montreal – beirt Chorcaíoch, Christy O’ Brien as Airglinn agus Willie Ryan as Cloch na Caoilte; Mick Ryan as Cill Mhichíl Luimnigh agus Jim Muldoon as Port Omna na Gaillimhe – uncail leis an imreoir rugbaí John.
B’in an spórt a chleacht an Captaen Ciarán Fitzgerald a bhí tráth ina chaptaen ar fhoireann na hÉireann mar a bhí an Garda Niamh Briggs. Ba shaighdiúir an fear ba dheireanaí a bhuaigh bonn óir dúinn ag na Cluichí Oilimpeacha, Michael Carruth.
Clár cuimhneacháin ón mbliain 1926 dar teideal Aonach an Gharda a dtáinig mé trasna le gairid air a chuir a stair spóirt siúd agus ceann an airm i gcuimhne dom.
Ó thús ama agus go dtí an lá atá inniu ann is nós leo comórtais inmheánacha eatarthu féin agus iomaíocht lena chéile a eagrú. Baineann Aonach an Gharda leis an bhféile mór a reáchtáil siadsan i mBaile Átha Cliath i 1926 mar chomóradh ar ceithre bliana a mbunaithe. Mhair sé cúig lá, agus chomh maith leis an spórt bhí aeraíocht, ceol agus céilí mar chuid dó.
Tá 124 leathanach ann ar fógraí tráchtála a leath, cinn a bhaineann le chuile ghné den saol mór.
Is léir óna thóir agus óna theachtaireacht go raibh an Coimisinéir Eoghan Ó Dufaigh agus a chomhghleacaithe ag iarraidh a chur ina luí ar chách go mba mheitheal fhoirfe, nua-aimseartha, ábalta é an fórsa nua seo a bhí sé a chur le chéile. San eagarfhocal deirtear:
‘The land of the young-the perpetual youthfulness of old Ireland was never more strikingly apparent than in the unique association of boys in years and men in courage that goes to form the Garda Siothchána today. Visitors to our shores are astonished at youth in office, and a world famed historian has well said that the experiment may well revolutionise the conventional order existing in other States in Europe. This celebrated scholar of history has travelled Europe on foot, and is not given to the use of loose or unthinking statements.’
Tá cuntas cuimsitheach sa gclár ar ghaiscí aclaíochta na mball, a lán pictiúr agus leagan amach an Aonaigh a thosaigh Dé Céadaoin an 14 Iúil le comórtais dornálaíochta, tarraingt téide, agus billéardaí agus a chríochnaigh ar an Domhnach i bPáirc an Chrócaigh áit ar imir na Gardaí agus an t-arm a chéile i gcluichí peile agus iománaíochta.
Fág freagra ar 'Saighdiúirí na gcluichí – ba bheag spórt nár chleacht lucht na héide'