SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: Bhí Lá an Bhreithiúnais ann agus damnaíodh Doire go híochtar ifrinn

Tá an Saighdiúir imithe go lár na cathrach le hinsint do dhaoine go bhfuil deireadh leis an saol agus gur chóir dóibh déanamh réidh don saol atá le teacht

Deireadh an tsaoil

Inpho: ©INPHO/Morgan Treacy
Inpho: ©INPHO/Morgan Treacy

Agus mé ag éirí aníos i mBéal Feirste, is minic a casadh – agus is minic a chastar – lucht soiscéalaíochta i lár na cathrach orm, iad ar a ndícheall ag cur ar do shúile duit nárbh fhada go mbeadh deireadh leis an tsaol seo. Bhí an t-am agat déanamh réidh don tsaol eile, a deireadh siad, nó bhí Lá an Bhreithiúnais le teacht go luath agus ba mheasa thú mura mbeadh socrú déanta agat.

Ag caint faoin Chríostaíocht a bhí siad ach tá an méid a dúirt siad fíor faoin Chaid. Tháinig deireadh leis an tsaol ag an deireadh seachtaine, bhí Lá an Bhreithiúnais ann agus damnaíodh Doire go híochtar ifrinn. Sea, chloígh lucht na gcamán as Tiobraid Árann fir Dhoire – agus ní raibh camáin acu!

Shílfeá do Dhoire bocht sa chás gur ionsaigh peileadóirí Thiobraid Árann le camáin iad roimh an chluiche; gur bhuail siad Lílí ba léir ó ar a gcuid tóineacha i ngan fhios don réiteoir. Ach chan é. Iomrá ar chamán ná camán ní raibh ann. Bhuail peileadóirí Thiobraid Árann fir Dhoire – go maire siad a mbua – agus bhain dream eile camán, an Clár, agus tá peil na Mumhan anois níos láidre ná peil Uladh agus tá mise anois ar shiúl go lár na cathrach le hinsint do dhaoine go bhfuil deireadh leis an tsaol agus gur chóir dóibh déanamh réidh don tsaol atá le teacht – saol ina mbeidh dhá chontae Mhuimhneacha in iomaíocht le chéile lá an Uile-Éireann sa pheil!

Slán leis an Tour

Tour_de_Romandie_2013_2013_-_Stage_5_-_Christopher_Froome

Comhghairdeas le Dan Martin. Tháinig sé sa naoú háit sa Tour agus ní beag é sin. Ag Chris Froome a bhí an lá, agus an chéad seachtain agus an dara seachtain agus, leoga, an tríú seachtain. Ní saineolaí ar chúrsaí rothaíochta mé ach is léir rud amháin – níl foireann ar bith eile sa Tour sásta nó toilteanach nó fonnmhar íobairt a dhéanamh díobh féin lá i ndiaidh lae dá gceannaire mar a dhéanann Team Sky. Bíonn na foirne eile breá sásta le bua lae ach sin uilig. Níl an dua chun bua ina gcnámha mar a bhíonn i rothaithe Sky. Bua an rása ar fad atá ó Sky agus pleananna acu dá réir sin. Ní mhothaíonn tú go mbíonn na pleananna céanna ag na foirne eile, bíodh is go bhfuil rothaithe maithe ina measc. Ní hann don fhoireann eile atá sásta an íobairt ar son a gceannaire a dhéanamh. Is é an donas, shílfeá, mura ndéanann foireann ar bith eile iarracht inteacht aithris a dhéanamh ar chur chuige Sky gur faoi fhoireann na Breataine a bheas an rás ar an bhliain seo chugainn fosta.

Ceist na teilifíse

Allianz Hurling League Division 1A 24/3/2012 General view of a Setanta Sports cameraman filming the action Mandatory Credit ©INPHO/Cathal Noonan
Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Diúltaím íoc as cúrsaí spóirt ar an teilifís. Mura mbíonn an clár spóirt ar fáil saor in aisce, ní amharcaim air. Tá mise róbhocht agus tá na páistí ró-ocrach le go mbeinn sásta pacáiste ar bith spóirt a ordú. Lá den tsaol, bhí Sraith na hEorpa le fáil saor in aisce agam. Ag BT atá na cearta anois ach níor bhreathnaigh mé ar chluiche ó shin – agus ní dócha go bhfuil mé ag cailleadh mórán. Mura mbeadh Sraith na Seaimpíní le fáil ar RTÉ agus TV3, ní bhacfainn leis. Agus is fíor sin faoin pheil Ghaelach fosta. Rinne an CLG socrú le Sky tamall de bhlianta ó shin le roinnt cluichí a chraoladh ar shíntiús. Ní fhaca mé oiread agus ceann amháin acu – agus is lú mo ghean ar CLG ó shin.

Fág freagra ar 'SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: Bhí Lá an Bhreithiúnais ann agus damnaíodh Doire go híochtar ifrinn'