Sa mbaile a chaithfear na hospidéil a chosaint ar rabharta den víreas

Beidh le feiceáil cé mar a chomhlíonfar na rialacha nua ó thuaidh ach tá sé de bhuntáiste acu go bhfuil siad níos soiléire ná mar a bhí na srianta roimhe seo

Sa mbaile a chaithfear na hospidéil a chosaint ar rabharta den víreas

An cheist chéanna go síoraí seasta.

‘Cén fáth a bhfuil cead againn a dhul ag teach tábhairne nó bialann ach toirmeasc ar chuairt ar Mhamó sa bhaile?’

Tá an bac ar chuartaíocht i dtithe príobháideacha ag croílár na srianta is deireanaí i dTuaisceart Éireann i dtaca le paindéim an Covid-19.

Bhí cosc ar theacht le chéile i dtithe i bhfeidhm i mBéal Feirste, ar an mBaile Meánach agus ceantair eile i gcontae Aontroma agus i gcontae Ard Mhacha le tamall. Cinneadh ag cruinniú éigeandála den bhFeidhmeannas in Stormont Dé Luain go gcuirfí an toirmeasc sin i bhfeidhm ar fud an Tuaiscirt ar fad ó thráthnóna Dé Máirt. Beidh cead ag tithe tábhairne nach gcuireann bia ar fáil oscailt inniu, Dé Céadaoin.

Gaireadh an cruinniú speisialta den bhFeidhmeannas toisc go raibh ráta fáis na haicíde ró-ard.  Agus Covid-19 ar 54 as gach 100,000 den phobal, tá an galar níos forleithne abhus ná mar atá sé i Sasana, in Albain, sa Bhreatain Bheag ná sa Phoblacht. Chinn na hairí nach raibh an dara rogha acu ach na srianta a chur i bhfeidhm; bheadh easpa gnímh do-ghlactha.

Dúirt an Chéad-Aire, Arlene Foster gurb í comhairle na saineolaithe gur de bharr teagmhálacha i dtithe atá an víreas ag scaipeadh go rábach. Tá an víreas i ngach ceantar, a dúirt an príomhchomhairleoir eolaíochta an rialtais, an tOllamh Ian Young. Tá ráigeanna i ngach ceann de na sé chontae. I gceantar Dhoire i gcaitheamh seachtaine amháin tháinig méadú os cionn 300% ar líon na ndaoine ar dearbhaíodh go raibh an aicíd tolgtha acu. I limistéir Chomhairle Dhoire agus an tSratha Báin bhí an ráta R ag 2. Sa Tuaisceart ar fad bhí sé os cionn 1.4 ar an meán agus breis is míle cás den ghalar a dearbhaíodh le seachtain.

Shílfeá go bhfuil sé in aghaidh réasúin go bhfuil custaiméir níos sábháilte i dteach tábhairne ná mar a bheadh duine agus é ar cuairt ag teach a mhuintire nó a chara.

Sin í an teachtaireacht, áfach.

Dúirt an Chéad-Aire Arlene Foster agus an LeasChéad-Aire, Michelle O’Neill, gur cosúil nach raibh daoine chomh cúramach i dteach príobháideach is a chaithfeadh siad a bheith i mbialann nó tábhairne. Ní bhímid chomh hairdeallach san áit a bhfuilimid ar ár gcompord (i dteach), a dúradh, is a bheadh sinn i dteach an óil nó i mbialann mar a mbeadh rialacha dochta i bhfeidhm faoi dhíghalrú lámh, mascanna agus scaradh sóisialta.

Níl cead dá réir cuairt a thabhairt ar theach ná ar theaghlach eile agus níl cead ach ag seisear as dhá theaghlach ar a mhéid a theacht le chéile i ngairdín. Tá líon teoranta eisceachtaí ann, áfach, cúramóirí d’easláin agus do leanaí go príomha. Ní bhaineann an riail le páistí faoi bhun 13 bliain d’aois. Tá cead freisin ag duine a bhfuil cónaí uirthi/air ina (h)aonar meascadh le teaghlach amháin ar leith. Rialacháin is ea iad sin agus táthar ag scrúdú bealaí chun iad a fhorfheidhmiú. Ina dteannta sin moltar do dhaoine gan taisteal in aon áit mura bhfuil géarghá lena dturas.

Beidh le feiceáil cé mar a chomhlíonfar na rialacha nua. Tá sé de bhuntáiste acu go bhfuil siad níos soiléire ná mar a bhí na srianta a bhain le bailte agus comharsanachtaí ar leith. Baineann na srianta nua le gach duine, gach áit. Mhaígh roinnt daoine nach raibh a fhios acu ar bhain na srianta bunaithe ar chód poist leo má bhí siad ar shráid nó i mbaile fearainn ar imeall an cheantair lenar bhain an cód poist.

Dúirt an LeasChéad-Aire, Michelle O’Neill go bhfuil coicís nó trí seachtaine acu chun smacht a fháil ar scaipeadh an víris. Creideann na saineolaithe agus na hairí go mbeidh brú tubaisteach ar an tseirbhís sláinte an mhí seo chugainn mura n-éireoidh leo an ráig a smachtú. Dá leanfadh an ráta fáis reatha is cinnte go mbeadh sé an-deacair daoine goilliúnacha a choinneáil slán agus go mbeadh éileamh mór ar sheirbhísí ospidéil.

Bhíothas imníoch ón tús faoi chumas na seirbhíse déileáil le rabharta den aicíd. Bhí gá le dianchúram chun an tseirbhís sláinte a tharrtháil nuair a athbhunaíodh Stormont i mí Eanáir. Chuir an phaindéim stop leis an obair atheagraithe, ach cé gur deineadh botúin maidir leis na hionaid chúraim do dhaoine aosta abhus fearacht go leor áiteacha eile, d’éirigh go maith leis na hospidéil. Thug an tAire Sláinte in Stormont, Robin Swann, foláireamh áfach, i mí an Mheithimh nuair a foilsíodh straitéis atógála gur beag seans a bheadh ag an bplean mura gcoinneofaí ráta scaipthe an ghalair, an uimhir R, faoi bhun 1.

Is léir mar sin an phráinn a bhí leis na srianta nua seo le súil go seachnófar tubaiste. Tréimhse chinniúnach iad na seachtainí seo romhainn.

Fág freagra ar 'Sa mbaile a chaithfear na hospidéil a chosaint ar rabharta den víreas'