Sa dorchadas is cúnamh an loinnir is laige agus is faide uait

Tráth a mbíonn an duine i ndeireadh na feide is ea is mó a theastaíonn faoiseamh éicint agus ba shólás é a bheith in ann cuid den cheangal a scaoileadh leis an spórt in 2021

Sa dorchadas is cúnamh an loinnir is laige agus is faide uait

Ainneoin iad a bheith ar bun le beagnach 200 bliain eatarthu, go dtáinig an ceann nach bhfuil inti ach an dé anois, níor reáchtáladh na Cluichí Oilimpeacha (1896) ná Craobhacha Sacair na hEorpa (1960) i mbliain a raibh uimhir chorr ina deireadh.

Ba é 2021 freisin a thug léi deireadh ré, faoi láthair ar chuma ar bith, ag an bhfoireann ba chumasaí peile dár facthas riamh ar pháirceanna Chumann Lúthchleas Gael.

Beidh séasúr nó dhó eile d’fhanacht orainn sular féidir breithiúnas a thabhairt ar an áit a bheas ag iománaithe Luimnigh i stair na heagraíochta sin.

Fós fágann an bealach ar rop siad trí Chraobh na Mumhan 2021 agus ina dhiaidh sin an t-údarás a bhain leis an gcaoi ar choinnigh siad greim ar Chorn Mhic Cárthaigh, nach fada go mbeifear á gcur i gcomparáid le foirne móra an ama seo caite.

Aisteach go leor níorbh aon rud a tharla i gceachtar de na hócáidí atá luaite agam ná go deimhin in aon imeacht spóirt ar fud na cruinne is tábhachtaí agam agus mé ag caitheamh súl siar ar imeachtaí spórt 2012.

Rud éicint i bhfad níos pearsanta agus níos simplí a bhí ansiúd – deis a fháil athuair ar fhreastal ar chluiche, suí i measc mo chomharsan, mo chomhghleacaithe tacaíochta agus iad siúd a bhí ar an taobh eile – fiú má bhí siad slat nó dhó uait agus gan tú siúráilte nach leis an Lone Ranger a bhí tú ag comhrá de bharr mascanna.

Leis sin féin bhí rud éicint míshuaimhneach agus mínádúrtha ag baint leis. I gcúl do chinn an t-amhras ar chóir nó ar shábháilte duit a bheith i láthair beag nó mór – gan ach ráithe roimhe sin ó chuir an Covid níos mó daoine chun báis sa  gcéad mhí den bhliain ná a tharla i rith 2020 ar fad.

Sa dorchadas is cúnamh an loinnir is laige agus is faide uait. Tráth a mbíonn an duine i ndeireadh na feide is ea is mó a theastaíonn faoiseamh éicint agus ba shólás é a bheith in ann cuid den cheangal a scaoileadh.

Léargas ar chomh dona sin is a bhí rudaí ab ea go mba bheag nár bhog mo chroí nuair a buaileadh Sasana ar chiceanna éirice i gCluiche Ceannais Chraobh na hEorpa in aghaidh na hIodáile i mí Iúil – le fírinne bhí an-trua agam do na himreoirí a chuir cinn amú.

Ansin chuimhnigh mé ar an tsaint a d’fhág go ndearna clubanna móra na tíre sin agus na hEorpa iarracht comórtas nua a bhunú cúpla seachtain roimhe ar mhaithe lena bpócaí féin a líonadh. Ar an $150 milliún a fuair cuid d’fheidhmeannaigh FIFA mar bhreabanna as conarthaí teilifíse agus  ar an gcaimiléireacht a bhain le bronnadh Chorn an Domhain na bliana seo chugainn ar Chatar.

Téann sé rite liom ach an tsuim is fánaí a chur ina leithéid de fiasco.

Cuir i gcomparáid leis sin an gliondar agus an t-ardú meanman a bhí i gceantair Mhaigh Cuilinn agus na bhForbacha i gConamara nuair a d’fhill Fiona Murtagh agus Aifric Keogh as Cluichí Oilimpeacha Thóiceo agus bonn cré-umha an duine acu. Bhí bratacha, tinte cnámh agus na sluaite ar chaon taobh den bhóthar lena bhfáiltiú abhaile.

Ní raibh duine sa tír seo nach raibh a gcroí ina mbéal acu i gcaitheamh an dá nóiméad sin inar éirigh leis an gcriú ceathrair fanacht chun cinn ar an Ríocht Aontaithe ar an gCéadaoin dheireanach údaí de mhí Iúil 2021.

Coicís dár gcionn sa gcéad cheann de na babhtaí leathcheannais sinsearach peile theip ar pheileadóirí Átha Cliath agus iad ar thóir an 46ú bua as a chéile.

Bréag a bheadh ann a rá go raibh comharthaí le feiceáil go dtarlódh a leithéid – tar éis an tsaoil bhí siad chun cinn ar Mhaigh Eo 0-12, 0-7 agus 63 nóiméad caite. Bhíothas i dtaobh le ham breise freisin sular cuireadh de dhroim seoil iad. Ba ag an tráth sin den imirt arbh iondúla leo féin an buille marfach a thabhairt sna blianta roimhe, ach ní raibh sin iontu an geábh seo agus bhíodar síos leis.

Am breise freisin sa mbabhta leathcheannais eile inar cheap mé go mbeadh plean i bhfad níos fearr ag Ciarraí do stíl Thír Eoghain ná a bhí – modh imeartha a thuill Craobh na hÉireann freisin don Lámh Dhearg.

Is iad a thug Corn Mhig Uidhir abhaile leo mar go mba iad an fhoireann ab fhearr a chonaic muid. Níl aon inseacht eile ar an scéal.

An bhfacthas go dtí seo aon fhoireann iomána níos téagartha ná níos láidre ná an ceann a thug Corn Mhic Cárthaigh go Luimneach don dara bliain as a chéile in 2021?

Is ar éigean é. A gcuid cosantóirí ar fad idir 6’ 1” (185cm) agus 6’5” (195cm), cé is moite de Sheán Finn agus an rud céanna le rá faoi na tosaithe seachas Cian Lynch agus Graeme Mulcahy.

Ar comhchéim lena n-airde tá a gcumas agus a scileanna iomána.

Taobh amuigh de na páirceanna imeartha thug ionadaithe na gcontaetha le fios arís don Chumann Lúthchleas Gael nach dream iad a thagann ar athrú gan smaoineamh. Ní mór dóibh cangailt amháin eile a thabhairt don leagan amach nua atá molta do na Craobhacha Peile sula slogfaidh siad é.

Sa rugbaí tá an saol tagtha crosach ar chluiche na mban i láthair na huaire agus níl ina dteip áit a bhaint amach i gCorn an Domhain ach cuid den scéal. Ní haon chúis náire sin do na himreoirí féin, ach ní hamhlaidh do chuid den dream atá i gceannas ar an spórt. Tá siad siúd ina máistrí ar an bhfocal cam agus ba thútach an bealach ar fhreagair siad cuid den chlamhsán a rinne na cailíní, ní áirím an neamhaird atá déanta ar na drocháiseanna traenála agus feistis atá ar fáil dóibh.

Lena gceart a thabhairt dóibhsean d’fhógair an FAI i mbliana gurb í an táille chéanna a bheadh ag dul d’fhir agus do mhná a d’imreodh cluiche idirnáisiúnta i ngeansaí na hÉireann. Ní móide go dtarlódh sin mura gur thoiligh na fir glacadh le níos lú ná mar a bhí siad a fháil go dtí seo sa gcaoi agus go bhféadfaí ardú a thabhairt do na mná.

Cruthúnas sin, ainneoin mo chlaontachta, nach santach atá lucht an tsacair ar fad ag an leibhéal is airde.

Ní bréag a rá go mba é 2021 ‘Bliain na mBan’ ó thaobh lúthchleasaithe na hÉireann. Rachel Blackmore a bhí chun tosaigh – an seaimpínmharcach ag Féile Cheltenham agus 6 seachtaine dár gcionn an bhean ba thúisce a bhí sa diallait ar bhuaiteoir an Grand National, Minella Times.

As a cuid éachtaí ainmníodh í ar an liosta as ar roghnaíodh Príomhlaoch Spórt an BBC 2021 – mar chomhluadar aici bhí Tom Brady, Novak Djokovic, Max Verstappen, buaiteoir an 100m & an 200m ag na Cluichí Oilimpeacha, Elaine Thompson-Herah agus seaimpín dornálaíochta de chuid an domhain, Saul ‘Canelo’ Alvarez. Ní i bhfad chun deiridh uirthi siúd a bheadh Kellie Harrington a thug bonn óir abhaile as Tóiceo go Rae Portland, timpeall an chúinne ó Pháirc an Chrócaigh.

Seachtain nó dhó ina diaidh, ag na Cluichí Para-Oilimpeacha thuill an rothaí Katie George Dunlevy dhá bhonn óir agus ceann airgid agus Eve McCrystal mar threoraí aici, bhuaigh an snámhaí Ellen Keane ceann óir dá cuid féin agus Jason Smyth ceann eile – mar a bhí déanta roimhe aige i mBéising, i Londain, agus i Rio de Janeiro.

Bhuaigh mná na Mí Craobh Shinsearach Peile na mBan den chéad uair riamh ar an gcéad Domhnach i Meán Fómhair.  Ba é an cúl a frítheadh agus 7 nóiméad caite ba mhó a léirigh socracht na foirne óige seo agus iad ag imirt ar an lá mór den chéad uair – in aghaidh Átha Cliath, dream a raibh ceithre chraobh as a chéile buaite acu.

Thug an Mhí fúthu ón tús agus bhíodar 0-2, 0-1 chun cinn nuair a thug cic amach a thóg cúl báire Átha Cliath, Ciara Trantan, an tseilbh ar ais don Mhí agus do Emma Duggan. Ar nós Paddy Cullen fadó, bhí an báireoir ag streachailt lena hionad a bhaint amach arís nuair a thug an Duagánach faoi deara an tsáinn ina raibh sí. Bhí an bealach ealaíonta ar labáil sí an liathróid isteach i gcúinne na heangaí chomh maith agus a facthas in aon chluiche peile riamh.

Scór cinniúnach a bhí ann i mbua 1-11 in aghaidh 0-12.

Trí huaire le linn 2021 a chosain Katie Taylor na ceithre chraobh dhomhanda atá ina seilbh. Faoi Bhealtaine bhuaigh sí ar an Sasanach Natasha Jones, ansin ar an Meiriceánach Jennifer Han agus cúpla seachtain ó shin ar Firuza Sharipova na Casacstáine.

Ar pháirceanna na camógaíochta chinntigh dhá chúilín a fuair Orla Nic Craith ag tarraingt ar dheireadh na himeartha sa gcluiche ceannais in aghaidh Chorcaí, go mba i nGaillimh a chónaigh Corn Uí Dhufaigh sa mbliain atá faoi seo ag sleamhnú uainn.

Fág freagra ar 'Sa dorchadas is cúnamh an loinnir is laige agus is faide uait'