Rún le plé ag Comhluadar Teoranta a bhainfeadh an comhlacht de Chlár na gCuideachtaí

Chaill an eagraíocht atá ina crann taca do theaghlaigh dhátheangacha taobh amuigh den Ghaeltacht an maoiniú a d'fhaigheadh sí ó Fhoras na Gaeilge

comhluadar

Tá cruinniú úrghnách gairthe ag Comhluadar Teoranta le rún speisialta a mheas agus a rith má cheaptar é a bheith cuí. Chaill an eagraíocht atá ina crann taca do thuismitheoirí taobh amuigh den Ghaeltacht atá ag tógáil clainne le Gaeilge an maoiniú a bhíodh aici ó Fhoras na Gaeilge nuair a tháinig an tSamhail Nua Maoinithe i bhfeidhm anuraidh.

Ó shin i leith, tá Comhluadar gan sócmhainní agus dliteanas. Má ritear an rún ag an gcruinniú úrghnách, cuirfear in iúl do Chláraitheoirí na gCuideachtaí nach bhfuil an eagraíocht ag seoladh gnó agus iarrfar ar an gcláraitheoir ainm na cuideachta a bhaint den chlár.

Mura rithfear an rún nó má leanann an eagraíocht ar aghaidh ar bhonn deonach, toghfar Cathaoirleach, Rúnaí, Cisteoir agus beirt eile ar choiste nua ag an gcruinniú.

Beidh an cruinniú úrghnách á reáchtáil Dé hAoine 26 Meitheamh ag 19.30 in Uimhir 6 Sráid Fhearchair, BÁC 2.

Fág freagra ar 'Rún le plé ag Comhluadar Teoranta a bhainfeadh an comhlacht de Chlár na gCuideachtaí'