Rún ag tacú le hacht Gaeilge le cur faoi bhráid Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste ag Pobal seachas Brabús

Deir Matt Collins ó Phobal seachas Brabús gur chóir d’aon duine a chreideann sa ‘chóir shóisialta agus sa chomhionannas’ tacú leis an éileamh ar acht Gaeilge

Rún ag tacú le hacht Gaeilge le cur faoi bhráid Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste ag Pobal seachas Brabús

Cuirfear faoi bhráid Chomhairle Chathair Bhéal Feirste Déardaoin rún go dtacófaí le hacht Gaeilge.

Is é an comhairleoir de chuid Pobal seachas Brabús, Matt Collins atá ag moladh an rúin go nglacfadh an Chomhairle leis go bhfuil sé riachtanach go dtabharfaí acht Gaeilge isteach chun a chinntiú go gcaithfí “go cothrom agus go cuí” le pobal na Gaeilge.

Dúirt Matt Collins go raibh an rún á chur chun tosaigh aige toisc gur cheist í ceist an achta Ghaeilge a bhaineann le “cearta bunúsacha” Gaeilgeoirí.

Dúirt Collins gur chóir ‘d’aon duine a chreideann sa “chóir shóisialta agus sa chomhionannas” tacú leis an éileamh ar acht Gaeilge. Dúirt sé go raibh sé “dochreidte” go gcuirfeadh aon pháirtí i gcoinne a leithéid d’éileamh.

Idir an dá linn, dúirt leascheannaire an DUP an tseachtain seo gur “beag seans” go ndéanfaí feidhmeannas Stormont a athbhunú go luath agus gur faoi Westminster a bheadh sé buiséad Thuaisceart Éireann a shocrú sna seachtainí amach romhainn.

Dúirt ceannasaí Shinn Féin sa tuaisceart nach mbeadh aon ghlacadh ag a páirtí leis an riail dhíreach ó Londain.

Theip níos túisce an mhí seo ar na cainteanna is déanaí maidir le hathbhunú an fheidhmeannais agus easaontas ann i gcónaí faoi cheisteanna áirithe, ceist an achta Ghaeilge go háirithe.

Dúirt Dodds go raibh “nimh san fheoil” idir an DUP agus Sinn Féin go fóill mar gheall ar theip na gcainteanna.

Cé go bhfuil sé séanta ag an DUP go raibh socrú déanta acu le Sinn Féin maidir le hathbhunú an fheidhmeannais agus ceist an achta Gaeilge, de réir tuairiscí éagsúla bhí a leithéid de shocrú déanta ag an dá pháirtí sular theip ar na cainteanna. Glactar leis gur chinn an DUP gan dul ar aghaidh leis an socrú sin mar gheall ar míshuaimhneas a léirigh aontachtaithe faoi na scéalta go rabhthas ar tí glacadh leis an éileamh ar reachtaíocht don Ghaeilge.

Fág freagra ar 'Rún ag tacú le hacht Gaeilge le cur faoi bhráid Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste ag Pobal seachas Brabús'