Tá glactha den chéad uair ag comhairle slándála na Náisiún Aontaithe le rún ag éileamh sos cogaidh láithreach in Gaza.
Ba é seo an ceathrú hiarracht dóthain tacaíochta a fháil d’éileamh ar shos cogaidh. Roimhe seo bhain Stáit Aontaithe Mheiriceá leas as a veto chun stop a chur leis an éileamh ach staon siad ó vótáil an geábh seo.
Bhain an Rúis agus an tSín leas as a veto roimhe seo chomh maith.
Vótáil 14 ball den chomhairle slándála ar son an rúin a mhol an Mhósaimbíc.
Níor éirigh le leasú ar an téacs a mhol an Rúis a bhí ag iarraidh go gcuirfí sos cogaidh inmharthana ‘seasmhach’ in áit ‘sos cogaidh inmharthana buan’ mar a bhí sa rún.
De réir an rúin, éilítear “sos cogaidh láithreach do mhí Ramadan a léireodh gach páirtí meas air agus arb é sos cogaidh seasmhach inmharthana an toradh a bheidh air”.
Deirtear sa rún go bhfuil “géarghá” le dlús a chur le scaoileadh tuilleadh le sruth na daonchabhrach agus a chinntiú go dtabharfar cosaint do mhuintir an stráice go léir.
Éilítear sa rún chomh maith go scaoilfí saor gan aon choinníollacha na gialla atá fós á gcoimeád agus go dtiocfaí chun fóirithinte orthu láithreach le pé cuidiú leighis nó eile atá ag teastáil uathu a thabhairt dóibh.
Dúirt ambasadóir Stáit Aontaithe Mheiriceá chun na Náisiún Aontaithe, Linda Thomas-Greenfield, go mbeadh sos cogaidh ann “roinnt míonna ó shin” dá mbeadh na gialla scaoilte saor ag Hamas.
Tá iarrtha ag Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe Antonio Guterres ar Iosrael cabhair dhaonnúil a ligint isteach i dtuaisceart Gaza, mar a bhfuil baol gorta, agus gan dul ar aghaidh leis an ionsaí atá beartaithe ar chathair Rafah.
Tá deacrachtaí móra ag grúpaí fóirithinte idirnáisiúnta cúnamh a thabhairt isteach chuig Gaza ó thosaigh an choimhlint ansin agus tá rabhadh tugtha acu go bhfuil páistí ag fáil bháis leis an ocras mar nach féidir teacht i gcabhair orthu.
Fág freagra ar 'Rún ag éileamh sos cogaidh láithreach in Gaza rite ag comhairle slándála na Náisiún Aontaithe den chéad uair'